Fadó, fadó, nuair ba í an litir sa phost an modh cumarsáide coitianta, níor mhian le héinne litir ‘Dear John’ a fháil; d’fhéadfadh Máire í a fháil freisin ach ba é Dear John an leasainm. Scaradh na gcarad nó na leannán á fhógairt go lom a bhíodh i gceist.
Ar ríomhphost a sheol (an t-iar)Aire Sláinte Stormont, Mike Nesbitt UUP, a fhógra scartha chuig ceannaire a pháirtí, Jon Burrows ach sampla an-bhreá den Dear Jon ab ea é. D’fhoilsigh Nesbitt an litir ar mheáin shóisialta, é ag éirí as a phost mar Aire Sláinte toisc go raibh an bonn bainte dá údarás ag Burrows. Bhí Nesbitt ar buile toisc gur ar na meáin a fuair sé amach go ndearna Burrows geallúint ag cruinniú poiblí a tháinig salach ar phlean na Roinne Sláinte. Thairis sin, nuair a d’iarr sé ar an gceannaire an gheallúint sin a mhaolú nó a tharraingt siar ní bhfuair sé sásamh.
Sách dona, déarfá. Ach níor stop Nesbitt leis sin. Go hachomair dúirt sé ‘Mise a thug isteach in Stormont tú mar theachta comhthofa; mise a d’éirigh as ceannaireacht an UUP agus leis sin a thug an deis duitse seasamh do cheannaireacht an pháirtí; ormsa an fhreagracht. Go dtí sin ba mise an duine ba lú taithí mar Theachta Tionóil a cuireadh i gceannas an pháirtí ach léirigh tusa nach raibh i mo chás-sa ach réamhchleachtadh.’
Ba í an nimh sa mhéid sin nár sheas Burrows i dtoghchán ariamh. Thug Nesbitt a bhí ina cheannaire den dara huair isteach é, i gcomharbacht ar Robin Swann a ghnóthaigh suíochán Parlaiminte. Ar éigean a bhí lá fliuch caite ag Burrows san Tionól nuair a sheas sé don cheannaireacht agus bhuaigh sé le tacaíocht na mball, lasmuigh de Stormont.
Tá ardmheas ag Burrows ar a chumas féin agus ní raibh leisce air ón tús a chur in iúl nár cheap sé go raibh na hionadaithe atá ag an bpáirtí ar chaighdeán sách ard chun eisean a shásamh. Ní nach ionadh ní club tacaíochta dá chuid iad Teachtaí Tionóil an pháirtí. Chaill sé iarcheannaire amháin, Doug Beattie a d’éirigh as an bpáirtí scun scan. Ba chosúil áfach go raibh meas ag Jon Burrows ar an obair a bhí idir lámha ag Mike Nesbitt mar Aire Sláinte. Dhéanadh sé gaisce gurb í an roinn a bhí faoi chúram an UUP (Nesbitt) a b’fhearr a bhí ag cruthú.
Cén fáth mar sin gur chaith sé Nesbitt ‘faoin mbus’ mar a deirtear i mBéarla? Tharla sé ar ócáid nuair a thug an tosaitheoir sa pholaitíocht aghaidh den chéad uair ar an difríocht idir ceannaireacht agus caint ardnósach agus nuair a b’éigean dó a dhul i ngleic le cosaint ar a shuíochán féin nó cloí le polasaí na hAireachta a raibh a chomhghleacaí ina bun. Thit Burrows ag an bhfál sin.
Is iad seirbhísí éigeandála máinliachta ginearálta in ospidéal beag i gCúil Raithin an chnámh spairne. Faoin bplean athchóirithe don gcóras sláinte tá seirbhísí áirithe á lárnú in ionaid speisialta. Ní nach ionadh tá an pobal áitiúil in oirthear Dhoire agus i gcuid mhór d’Aontroim Thuaidh ag iarraidh na seirbhísí atá acu in ospidéal an Causeway i gCúil Raithin a choinneáil. Is in Aontroim Thuaidh a bheas Jon Burrows, ceannaire an UUP, ag seasamh den chéad uair i dtoghchán an Tionóil sa Bhealtaine seo chugainn. Dúirt sé go mbeadh aistriú na seirbhíse ón ospidéal do-ghlactha.
Ghéill sé don mbrú áitiúil ar mhaithe lena leas polaitiúil féin nó níor aontaigh sé le polasaí a aire, a bhí molta aige go dtí gur tháinig an crú ar an tairne ar a thairseach féin.
Ní foláir a rá go raibh dhá ego mhóra i gceist anseo ach ní léir go raibh an dara rogha ag Nesbitt ach éirí as; bhí dul chun cinn á dhéanamh aige i dtaca le línte feithimh cé go bhfuil siad scanrúil i gcónaí. Agus caithfear athchóiriú a dhéanamh ar ospidéil agus ar sheirbhísí cúraim. Ní hé leas aon duine é an Roinn Sláinte a bheith gan aire agus míshuaimhneas cothaithe faoin treo a n-imeoidh cúrsaí anois.
Fágann sin an fhreagracht ar Jon Burrows as fadhbanna nach raibh gá ná coinne leo sa bhFeidhmeannas agus sa gcóras sláinte. Ní maise ar an UUP é an spadhar seo ach an oiread. Bhí an páirtí neartaithe de réir pobalbhreithe an mhí seo caite. Ba é seo an t-am chun deis a thapú agus an DUP ag dul i laige tar éis chiontú Donaldson mar phéidifíleach agus anois feisire eile os comhair cúirte. Bronntanas don DUP is ea fíoch inmheánach an UUP. Seans gurb é seo tráth a thástála – an mbeidh Jon Burrows in ann ag na dúshláin sa tseirbhís phoiblí agus ina pháirtí?
Seán Mag Leannáin
Alt inspéise mar is dual di ó Phóilín Ní Chiaráin ar an achrann idir ceannaire nua an UUP Jon Burrows agus iar-cheannaire an pháirtí Mike Nesbitt. Bronntanas do Gavin Robinson an DUP agus é faoi léigear mar gheall ar na fadhbanna ina pháirtí féin.