Cé leis an fhidil? a d’fhiafraigh an bhean óg agus í ag glacadh sos ón bhfidléireacht féin ar feadh nóiméad nó dhó. Ceathrar ceoltóirí eile a bhí suite timpeall an bhoird ina teannta.
I gcás galánta déanta as plaisteach geal-uaine a bhí leagtha ar an gcéad bhord eile a bhí an fhidil agus an bhean ar léi í ag an gcuntar anois ag ordú deochanna di féin is dá cairde a bhí díreach tagtha isteach sa teach tábhairne i gcroílár Ghaeltacht Chonamara.
Ní raibh sé i bhfad roimh a deich a chlog, ach bhí an seisiún ceoil ar bun ó go gairid i ndiaidh a hocht. Ó fhuinneoga an tí tábhairne bhí radharc ar an ngealach ag éirí trí dhuilleoga na gcrann a bhí ag croitheadh i leoithne an tráthnóna.
Beirt bhan a bhí ag casadh na fidle ó thús na hoíche in éindí le fear ar an bhfliúit is ar an bhfeadóg stáin agus fear ar an gcairdín. An giotár a chas an tríú fear.
Bhí an ceol ag teacht go pras uathu agus is ar éigean gur ghlacadar sos ar bith ar feadh an ama.
Bhí triúr fear as an bhFrainc suite ag an gcuntar ag ól piontaí Harp agus Guinness. Thart ar an leathchéad a bhíodar.
Bhíodar dírithe go hiomlán ar an gceol agus iad faoi gheasa aige. Ba as réigiún an champagne, thart ar 150km soir ó thuaidh ó Pháras, dóibh.
Suite ag bord in aice leo an oíche seo bhí teaghlach as Páras – beirt tuismitheoirí, mac agus beirt iníonacha sna fichidí, b’fhéidir – agus chuile dhuine acu ag ól piontaí Guinness agus ag cur go leor suime sa gceol chomh maith.
Bhíodar ag fanacht i dteach ósta mór le rá atá traidhfil de mhílte ón dteach tábhairne. Bhí an mac sásta leis an lóistín. Cén fáth nach mbeadh! “My parents are paying,” a dúirt sé agus meangadh air.
Bhí na ceoltóirí faoi lán seoil anois, fear an chairdín ag casadh le flosc. I lár foinn, leag sé uaidh an gléas úd go gasta agus phioc sé suas mileoidean den urlár. Is ar éigean gur chaill sé nóta agus é á dhéanamh sin.
Ba é a bhí ag tiomáint an cheoil, á rialú agus á stiúradh. Na fidléirí agus an bheirt eile in iomaíocht leis ó am go ham.
Ní fada go raibh a fidil tógtha as an gcás uaine ag an mbean óg agus d’fhág sí a cairde le suí ag an mbord leis na ceoltóirí.
Bhí a cúigear cairde, beirt bhan agus triúr fear, iad uilig sna fichidí is sna tríochaidí, suite píosa ón gceol agus iad ag caint eatarthu féin ó am go ham. Gaeilge amháin a bhí á labhairt acu.
Múinteoirí meánscoile ó áiteanna éagsúla timpeall na tíre a bhí iontu agus bhíodar ag freastal ar chúrsa Gaeilge sa gceantar.
Bhíodar cáilithe le hábhair seachas an Ghaeilge a mhúineadh agus bhí an cúrsa curtha ar fáil dóibh in aisce sa chaoi is go bhféadfadh siad feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge ionas go mbeadh ar a gcumas í a mhúineadh ina scoileanna féin amach anseo.
Bhí 15 bliain caite ag duine acu ag obair in oifig i mBaile Átha Cliath sular iompaigh sé ar an mhúinteoireacht. Anois bhí sé fillte ar a chontae dúchais agus é ag múineadh i scoil mhór sa gcontae sin.
Gaeilge den scoth aige, ach b’éigean dó iompú ar an mBéarla lena chur in iúl an sásamh a bhaineann sé as a phost mar mhúinteoir: “It’s class,” a dúirt sé.
Bhí súil aige go mbeadh sé in ann an Ghaeilge a mhúineadh sula i bhfad in éindí leis na hábhair eile atá aige.
Ina lár seo uilig, tógadh sos ón gceol agus dúirt fear an ghiotáir amhrán. Amhrán grá a bhí i gceist, mar is iondúil.
“I must away now, I can no longer tarry,” a chan sé agus chuile dhuine san áit ag éisteacht go cúramach lena scéal faoina chuairt ar a ghrá geal.
Ní raibh aon rud mar seo cloiste ag triúr na Fraince cheana, cé go rabhadar sa mBriotáin uair nó dhó agus eolas acu ar cheol Alan Stivell.
Anois, ba ghloiní Bushmills a bhí os a gcomhair agus iad thar a bheith moltach faoi fhuisce na hÉireann.
Bhíodar buartha faoi na falscaithe i ndeisceart a dtíre, go háirithe na cinn san iardheisceart, áit nach mbíonn tinte sléibhe de ghnáth.
Thugadar cuairt ar chathair na Gaillimhe níos túisce sa lá ach cheapadar go raibh sí róphlódaithe le turasóirí. Ar thóir áit níos ciúine a bhíodar agus iad ag súil le dul go hÁrainn an chéad lá eile. Mhol duine de na ceoltóirí Inis Meáin dóibh.
Faoin tráth seo, bhí deireadh sroichte agus na ceoltóirí réidh. Thug fear agus bean an tí amach ciseáin fhlaithiúla de cheapairí agus pota mór tae.
Ag ithe agus ag comhrá a bhí na ceoltóirí anois, iad ag plé an teideal a d’fhéadfaí a chur ar cheann de na píosaí a chasadar.
Níor diúltaíodh ceapairí jambon et fromage ar mhuintir na Fraince ach an oiread.
De réir a chéile, bhí daoine ag bailiú leo. D’fhill na Francaigh go sona ar an Airbnb ina rabhadar ag fanacht, iad ag tnúth lena dturas thar toinn an mhaidin dár gcionn.
Bhí an glanadh suas déanta agus an t-airgead comhairthe. Ar phóirse ag cúl an tí tábhairne, bhí beirt den lucht freastail suite ag glacadh sosa is ag caitheamh toitíní in éindí le cúpla ceoltóir. Bhíodar ag éisteacht le scéal eicínt a bhí á inseacht ag an amhránaí.
Ach bhí sé in am baile. Faoin tráth seo, bhí cosán órga leagtha ag an ngealach trasna na farraige.
Fág freagra ar 'Bhí dúil ag na fir ó Champagne sa bpórtar, sa bhfuisce agus go mór mór sa gceol'