Marú Robert Hamill – liodán de lochtanna ar an RUC

Deir muintir Robert Hamill ar mharaigh drong dílseoirí é 29 bliain ó shin gur léir gur chuidigh obair lochtach na bpóilíní leis na hionsaitheoirí an dlí a sheachaint

Marú Robert Hamill – liodán de lochtanna ar an RUC

Naoi mbliana fichead ó mharaigh drong dílseoirí Robert Hamill i bPort an Dúnáin deir fiosrú poiblí nach raibh an RUC claonpháirteach san ionsaí. Frítheadh líon mór lochtanna agus easnaimh ar fhiosrú an RUC, áfach.

Dúirt deirfiúracha Robert gur chruthúnas é an liosta de ghníomhartha neamhchóra agus faillí a d’aithin an binse go raibh an ceart acu an fiosrú poiblí a éileamh. Chuidigh obair lochtach na bpóilíní leis na hionsaitheoirí an dlí a sheachaint, a dúirt siad.

Bhí ceathrar póilíní ar dualgas ina bhfeithicil in aice láimhe nuair a leagadh Robert Hamill, 25 bliain d’aois, athair triúr clainne, ar an tsráid agus ciceáladh sa chloigeann é ar an 27 Aibreán 1997. Fuair sé bás in ospidéal 11 lá ina dhiaidh sin ó na gortuithe inchinne a bhain dó. Líomhnaíodh go raibh na póilíní san fheithicil claonpháirteach san marú seicteach toisc nach ndearna siad tada chun stop a chur leis an ionsaí. Bhí Robart gan aithne gan urlabhra faoin am a dtáinig siad chuige.

Bhí an marú i measc na gcásanna a d’aontaigh an dá rialtas in 2001 a chur faoi bhráid an Bhreithimh Peter Cory as Ceanada chun a mheas ar chóir líomhaintí faoi chlaonpháirteachas na n-údarás iontu a fhiosrú go poiblí. Chinn an Breitheamh Cory go raibh bonn leis na líomhaintí agus in 2004 d’ordaigh Státrúnaí Thuaisceart Éireann an binse faoi mharú Robert Hamill. Cuireadh bailchríoch ar an obair cúig bliana déag ó shin ach níorbh fhéidir an tuairisc a fhoilsiú toisc go raibh cúisimh le theacht.

Tháinig deireadh leis na cúisimh sin dhá bhliain ó shin nuair a gearradh bliain príosúin ar iarphóilín cúltaca, Robert Atkinson a bhí san fheithicil in aice le láthair an ionsaithe. Ciontaíodh é as comhcheilg chun cúrsa na córa a shaobhadh. Chuir sé amhrastach ar an eolas gur cheart dó fáil réidh leis na héadaí a chaith sé le linn an ionsaithe ar Robert. Ciontaíodh beirt eile a thacaigh lena chuntas bréige níos luaithe. Níor ciontaíodh éinne as an marú. Dúirt Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Bryant sa Pharlaimint in Westminster go raibh an fiosrú dúnmharaithe fós ‘beo’. Níl aon choinne le fuascailt, áfach.

Dúirt an teaghlach go raibh amhras orthu faoi ghnéithe áirithe de thorthaí an bhinse a foilsíodh Dé Luain agus ní léir an nglacfaidh siad leis sin mar chríoch an scéil. Beidh siad féin agus a ndlíodóirí ag déanamh miondealú ar an tuarascáil 290 leathanach go ceann tamaill is cosúil.

Baineadh siar as roinnt gur chinn móramh ar an mbinse nach raibh na póilíní a bhí ar an láthair claonpháirteach san ionsaí. Dúirt an Breitheamh Cory nach bhféadfaí claonpháirteachas a scrúdú go críochnúil faoi reachtaíocht a rith rialtas Tony Blair; is faoin dlí sin a d’fheidhmigh an binse. Chinn an cathaoirleach go raibh na póilíní faillitheach ina ndualgas a bheith ag faire amach do thrioblóid ar na sráideanna ach ba é an breithiúnas nach bhfaca siad an t-ionsaí agus nach bhféadfadh siad é a stopadh.

Bhí láimhseáil na bpóilíní ar an bhfiosrú faoin gcabhair a thug Atkinson d’amhrastach i measc na lochtanna ar an liosta fada. Anuas air sin rinneadh cuardach sleamchúiseach ar theach an amhrastaigh agus níor deineadh iarracht ar bith féachaint ar dódh éadaí nó bróga. Liosta le háireamh iad na samplaí de dhroch-chleachtais agus easnaimh ar rialacha imeachta a tuairiscíodh. Pictiúr scanrúil é d’fhiosrú ar nós cuma liom agus léiriú soiléir ar an gcúis le mímhuinín an phobail Chaitlicigh san RUC.

Bhí marú Robert Hamill ar cheann de na huafáis a luaitear leis an nimh faoi mháirseáil Oráisteach Dhroim Crí. Faoin am sin bhí an baile, a raibh cáil an tseicteachais air cheana, ar tí pléascadh. Bhí sé ina raic le trí bliana faoin bparáid ó Eaglais Dhroim Crí trí cheantar náisiúnach Bhóthar Gharbh Achaidh. Bhí baol foréigin agus círéibeacha ansin seasta. Mhaolaigh an teannas ó thús na mílaoise ach tá iarratas déanta ag na hOráistigh ar chead máirseála ar Bhóthar Gharbh Achaidh ag deireadh na míosa seo agus freasúra náisiúnach láidir ina choinne. Comhtharlúint is ea foilsiú na tuarascála tráth a bhfuil teannas á chothú arís; ba dheas dá meabhródh sé do dhaoine gur gá guaim a choinneáil orthu féin.

Fág freagra ar 'Marú Robert Hamill – liodán de lochtanna ar an RUC'