Bhí rogha dheas scannán Gaeilge le feiceáil ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. Ina measc bhí an scannán faisnéise Cill Stuifín, agus beart gearrscannán scannán ó na scéimeanna Tús agus Céim Eile atá maoinithe ag TG4, Fís Éireann agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge le Scáileán Thuaisceart Éireann.
Scannán faisnéise é Cill Stuifín, bunaithe ar sheanscéal ón mbéaloideas faoi bhaile a deirtear a bheith suite faoin bhfarraige taobh amuigh de bhéal Bhá Lios Ceannúir i gContae an Chláir.
Breathnaigh amach ar an bhfarraige i mBá Lios Ceannúir agus feicfidh tú na tonnta móra ag briseadh i mbéal an chuain, is ansin a deirtear atá Cill Stuifín, sráidbhaile beag a shlog an fharraige fadó fadó de réir bhéaloidis an cheantair.
An bhféadfadh go bhfuil fírinne éigin sna seanscéalta? Sin í an cheist atáthar ag iarraidh freagra a fháil uirthi sa scannán seo.
Is é an scéalaí Aindrias de Staic a threoraíonn an lucht féachana agus é ag leanúint leis an obair a rinne a athair, nach maireann, ag bailiú scéalta an cheantair. Tá gné phearsanta leis an aistear seo agus áilleacht ina chuid reacaireachta, agus é ar dhuine de na scéalaithe is cumasaí agus is spraíúla in Éirinn.
Cloistear sa scannán ó ealaíontóir, ó cheoltóir, ó sheandálaí, ó bhéaloideasóir agus ó shurfálaithe an cheantair, agus fiosraítear na teorainneacha idir an fhírinne agus na scéalta.
Scannán álainn é seo, stiúrtha ag Kev L. Smith agus é léirithe aige in éineacht le Donncha Mac Con Iomaire agus Deirdre Learmont. An bhféadfadh gur tharla súnámaí, tonn bhradach nó eachtra nádúrtha eile a d’fhág a lorg ar chuimhne an phobail?
Ceithre ghearrscannán a bhí sa gcur i láthair ó scéimeanna Tús agus Céim Eile, a thugann deis do scríbhneoirí agus stiúrthóirí nua. Léirigh na ceithre scannán réimse stíleanna agus seánraí, agus bhí siad uilig ar ardchaighdeán.
Scéal grá aerach i gcomhthéacs Chumann Lúthchleas Gael a bhí sa chéad scannán a taispeánadh, Ár gCluiche Féin.
Pléann an scannán leis na deacrachtaí a bhíonn ann d’imreoirí aeracha a bheith oscailte faoin gclaonadh gnéis atá acu. Scríofa agus stiúrtha ag Medb Johnstone, agus léirithe ag Úna Spillane agus Ann Ní Chíobháin, pléann an scannán go tuisceanach leis na dúshláin a bhíonn roimh fhir aeracha i saol an spóirt.
An chéad scannán eile a taispeánadh ná Capall, scannán dúghrinn ina n-imíonn cluiche beag taistil ó smacht ar bheirt choirpeach agus iad sa charr ar an mbealach go dtí an chéad jab eile acu.
Scríofa agus stiúrtha ag Glenn Gannon, agus léirithe aige le James Dennison, Tom Conway agus Sinéad Dolan, téann an scannán ar thuras trí thírdhreach álainn fad is atá an teannas ag méadú sa charr. Scéilín cliste, spraíúil é, le casadh maith ina eireaball.
Scannán dúghrinn eile a bhí o Mí-Ádh. Baintear úsáid chliste as radharcanna na cathrach sa cheann seo– eastáit tithíochta, siopa coirnéil, na háiteanna tréigthe agus na páistí ag spraoi iontu, agus an mhuinín agus na ‘street smarts’ a bhaineann le gasúir na cathrach.
Leanann an scéal fear atá ag streachailt leis an dúlagar agus atá i ndeireadh na feide, ach tá an saol ag teacht idir é agus an gníomh uafásach atá sé ag iarraidh a chur i gcrích. Damian McCann a stiúir, agus is é a scríobh le Sarah Gordon agus is iad Rosie McNally agus Órfhlaith Ní Chearnaigh a léirigh. Éiríonn leis greann a bhaint as scéal atá fréamhaithe san éadóchas, agus cothromaíocht mhaith a aimsiú idir greann dubh agus an daonnacht.
Ba é An Mháthair an scannán deireanach a taispeánadh. Leanann an scéal bean atá imithe ar an ól tar éis tubaiste a bhain dá mac, agus í ag iarraidh stop a chur leis an bhfear a thóg uaithi é. Stiúrtha ag Vincent Gallagher, scríofa ag Seán Keeley agus léirithe ag Grace Odumosu, is scéinséir coiriúlachta tarraingteach é a choinníonn greim docht ar an lucht féachana go dtí an deireadh.
Fág freagra ar 'An greann, an mistéir is an béaloideas sna scannáin Ghaeilge ag Fleadh Scannán na Gaillimhe'