Gá le tuilleadh feabhais agus na cúigí go léir i le

Fuair muid léiriú i mBabhta 2 den URC ar sprid, meon aigne agus scil na gcúigí, imirt a bhí ar iarraidh i mBabhta 1

Gá le tuilleadh feabhais agus na cúigí go léir i le

Bhí géarghá le hathrú suntasach ar thorthaí agus go deimhin ar chur chuige na gceithre chúige i mBabhta 1 den URC. Lena gceart a thabhairt dóibh, d’éirigh leo sin a dhéanamh i mBabhta 2 an deireadh seachtaine seo caite. Dhá bhua le pointí bónais do na Connachtaigh as baile agus do na Muimhnigh sa mbaile, na hUltaigh cothrom agus iad as baile agus Cúige Laighean ag bailiú pointe bónais cailliúna ina ndara cluiche san Afraic Theas.

Fuair muid léiriú i mBabhta 2 ar sprid, meon aigne agus scil na gcúigí, imirt a bhí ar iarraidh i mBabhta 1. Ach ní leor sin. Tá sé luath sa gcomórtas fós ach níl oiread agus cúige amháin sa leath uachtarach de thábla an URC. Sin fíric nach raibh le tuairisciú agam ariamh roimhe seo.

In ainneoin go bhfuil deis eile ag na cúigí leanacht agus tógáil ar imirt fheabhsaithe Bhabhta 2, ní bheidh sé sin ró-éasca ag aon fhoireann acu seachas Cúige Laighean, curaidh an chomórtais, b’fhéidir.

Anocht, don dara seachtain as a chéile tá Cúige Chonnacht as baile arís agus iad ag tabhairt faoi Ghlaschú, in Albain.

Tá an mí-ádh ar fhoireann na Gaillimhe gur cothrom a chríochnaigh Glaschú i gcoinne na nUltach an deireadh seachtaine seo caite, toradh nach raibh súil ar bith leis.

Beidh foireann an bhaile ar thóir díoltais, rud a mhéadaíonn an brú atá ar na cuairteoirí agus an dúshlán atá ag baint leis an gcoimhlint seo. Seo é an cluiche deireanach atá na foirne ar fad le réiteach a dhéanamh roimh Bhabhta 1 de chomórtas Chorn na gCuradh nó an Dúshláin a bheas á imirt an tseachtain seo chugainn.

Ciallaíonn sin go gcaithfidh an dá fhoireann a gcéad rogha imreoirí atá folláin agus aclaí a chur chun páirce an deireadh seachtaine seo. I gcás an chluiche seo, is cinnte gur mó de bhuntáiste é sin do Ghlaschú ná do na Connachtaigh. Bheadh misneach ag an té a bheadh sásta toradh a thuar roimh thús an chluiche seo!

Amárach, imreofar an chéad chluiche idirchúige idir Cúige Uladh agus Cúige Mumhan.

Is deacair an dá fhoireann seo a scaradh chomh luath seo sa séasúr fiú agus buntáiste an bhaile ag na hUltaigh, rud a bhíonn tábhachtach i gcónaí. Mar sin féin is fiú tagairt ar leith a dhéanamh don líon imreoirí gortaithe a bhí ar phainéal na Mumhan roimh thús an tséasúir, liosta atá sínte go suntasach ón gcluiche sin i gcoinne na Bulls i mBabhta 2.

Seans dá bhrí sin gur ag foireann an bhaile atá aon bhuntáiste atá ar fáil roimh thús chluiche an lae amárach.

Níos deireanaí amárach imreoidh Cúige Laighean a gcéad chluiche URC sa staid nua-mhaisithe, Staid Laya i gcoinne Caerdydd, foireann atá sa dara háit ar an tábla faoi láthair i gcomparáid leis na curadh atá sa tríú háit déag. Is fiú a mheabhrú freisin go bhfuair Caerdydd an ceann is fearr (8-7) ar Chúige Laighean an séasúr seo caite, rud nár tharla sna trí bliana roimhe sin. Is cinnte nach mbeidh Leo Cullen ag iarraidh a chéad chluiche URC a chailleadh go háirithe agus an oiread sin imreoirí idirnáisiúnta á gcur chun páirce aige.

Bua le pointe bónais d’fhoireann an bhaile.

Fág freagra ar 'Gá le tuilleadh feabhais agus na cúigí go léir i le'