Tá litir curtha chuig an Aire Oideachais ina léirítear imní mhór faoin tslí atá á chaitheamh le haonad Gaeilge atá ag feidhmiú in iar-bhunscoil Bhéarla i mBaile na hInse i gcontae an Chláir le 30 bliain.
Maítear sa litir ón eagraíocht An Clár as Gaeilge go bhfuil líon na ndaltaí céad bhliana atá ag freastal ar an aonad ag an leibhéal is ísle ó bunaíodh é i 1993 mar gheall go bhfuiltear ag caitheamh “go héagórach” leis.
Chomh maith leis an titim ar líon na ndaltaí céad bhliana a bhíonn ag tosú san aonad tá ardú tagtha ar líon na ndaltaí a fhágann an t-aonad gan a gcuid scolaíochta a chríochnú ann, a deirtear sa litir a bhfuil cóip di feicthe ag Tuairisc.
Maítear sa litir gur “aonad lag lochtach leath-Ghaelach” é Gaelcholáiste an Chláir, an t-aonad i gColáiste Pobail na hInse.
Cén fáth go bhfuiltear ag moladh eirí as aonaid Ghaeilge a bhunú i scoileanna Béarla?
Deirtear go bhfuil an t-aonad gan dóthain foirne, “gan leithreas, gan chlós” agus “gan seomra foirne”.
Deirtear sa litir, atá sínithe ag Dónal Ó hAiniféin, cathaoirleach An Clár as Gaeilge agus Príomhoide Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg, i mBaile na hInse, nach raibh dóthain múinteoirí le Gaeilge ar fáil don 123 dalta a bhí cláraithe san aonad anuraidh.
Is ón ghaelscoil áitiúil i mBaile na hInse, Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg, a thagann formhór mór dhaltaí an aonaid Ghaeilge i gColáiste Pobail na hInse.
I 1993, chuaigh 74% de dhaltaí rang a sé i nGaelscoil Mhíchíl Chíosóg ar aghaidh chuig an aonad.
Anuraidh seisear déag dalta, nó 31% de dhaltaí rang a sé i nGaelscoil Mhíchíl Chíosóg, a chuaigh ar aghaidh chuig an aonad. In 2022 cúigear déag daltaí a bhí i gceist, nó 25%.
Le linn na chéad deich mbliana den aonad a bheith ar an fhód, bhí tóir mhór ar áiteanna ann i measc dhaltaí rang a sé ó Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg, ach in 2015 tháinig titim shuntasach ar líon na ndaltaí a roghnaigh an t-aonad. Maítear sa litir gur bhain an titim sin le ceapachán príomhoide gan Ghaeilge i gColáiste Pobail na hInse.
An mhí seo caite, chuir beirt Theachtaí Dála ceist ar an Aire Oideachais Norma Foley sa Dáil faoin aonad Gaeilge i mBaile na hInse agus an feachtas ar son Gaelcholáiste neamhspleách i gcontae an Chláir.
‘Gaelcholáiste X’ – múnla nua molta in áit an aonaid Ghaeilge sa scoil Bhéarla
Mar fhreagra ar na ceisteanna sin, dúirt an tAire Foley go raibh dóthain áiteanna ar fáil san aonad Gaeilge i gColáiste Pobail na hInse don éileamh ar oideachas trí Ghaeilge sa cheantar.
“Don scoilbhliain 2023-24, bhí 52 áit ar fáil do lucht na céad bhliana ar mian leo an deis a thapú ar oideachas trí Ghaeilge, as ar tháinig 22 iarratas agus nár ghlac ach 16 dalta le háit. Tá na figiúirí sin suntasach,” a dúirt sí.
Dúirt an tAire Foley chomh maith go raibh sé “iontach” go raibh daltaí ag fáil oideachas trí Ghaeilge san aonad agus go raibh siad ag fáil “tairbhe” ón fhoirgneamh nua a tógadh i gColáiste Pobail na hInse.
Deirtear sa litir gur “masla” do phobal na Gaeilge agus na gaelscolaíochta in Inis a bhí sa mhéid a dúirt an tAire Oideachais faoin aonad i gColáiste Pobail na hInse agus gur “iarracht” a bhí ann “an milleán” a chur ar an aonad maidir leis an líon íseal daltaí a bhí ag glacadh le háiteanna ann.
Deirtear gur “geall le míorúilt” é go bhfuil ag éirí leis an aonad daltaí a mhealladh 30 bliain ó bunaíodh é, tréimhse inar tháinig deireadh leis na haonaid Ghaeilge i go leor áiteanna eile. Luaitear sa litir aonaid nach maireann in áiteanna amhail an Cóbh, Mainistir Fhear Maí agus Cloch na Coillte i gCorcaigh, i nDurlas Éile i dTiobraid Árann, i mBaile Átha Luain san Iarmhí, i nDún Garbhán i bPort Láirge agus sa gCaisleán Nua Thiar i Luimneach.
I gcás an aonaid Ghaeilge i gColáiste Pobail na hInse, maítear sa litir go bhfuil “cinneadh tromchúiseach éagórach” déanta ina thaobh agus go bhfuil an lorg sin le feiceáil ar an líon íseal daltaí atá ag iarraidh freastal air.
Deirtear go raibh lucht an aonaid “díbeartha amach” as an fhoirgneamh nua agus ag feidhmiú i “seanfhoirgneamh a tógadh i 1938”.
“Ní raibh leithreas amháin fiú ag feidhmiú dóibh ansin i gcaitheamh na scoilbhliana seo caite go léir agus b’éigean do na scoláirí taisteal go foirgneamh eile chun dul ag an leithreas” a deirtear. Déantar cáineadh géar fosta ar a laghad múinteoirí a bhí ar fáil le múineadh trí Ghaeilge san aonad.
Deirtear go raibh ar an mhúinteoir a bhí i bhfeighil ar an aonad ocht rang a mhúineadh trí Bhéarla i gColáiste Pobail na hInse agus nach raibh ach “oide buan aonaránach amháin” ag múineadh san aonad le linn na scoilbhliana seo caite.
Deirtear nach mbeidh pobal Gaeilge an Chláir sásta le haon réiteach ar chás an aonaid Ghaeilge i gColáiste Pobail na hInse seachas Gaelcholáiste neamhspleách a bheith bunaithe ina áit.
Tá iarratas déanta ag Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir ar an Roinn Oideachais go ndéanfaí Gaelcholáiste neamhspleách den aonad i gColáiste Pobail na hInse.
Tá 16 iar-bhunscoil Bhéarla i gcontae an Chláir ach níl aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge ann.
An mhí seo caite, foilsíodh taighde a coimisiúnaíodh mar chuid d’fhorbairt polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a léiríonn go bhfuil ag teip ar an aonad mar mhúnla don tumoideachas.
Moltar sa taighde gan aon aonad Gaeilge eile a bhunú i scoileanna Béarla feasta.
Lillis Ó Laoire
Go dona. Tacaíocht níos fearr tuillte ag an Scoil seo dar liom.
Breathnóir1
Nach mór an náire go ligfeadh an Roinn Oideachais dá leithéid tarlú. Léiriú eile é seo nach spéis leis an Roinn an gaeloideachas a chur chun cinn. Dochreidte amach is amach.
Breandán
Codology na Roinne Oideachais i leith na Gaolainne! Díolúintí, diúltiú na Gaelscolaíochta, cúrsaí agus siollabais go bhfuil teipthe orthu. Polasaí don oideachas lán-Ghaolainne nach ann dó. An cáin-íocóir as póca de bharr cinntí na bhfrith-Ghael sa Roinn Oideachais.
Billy an Ghoirt
Gaelcholáiste go hiomlán neamhspleách anois!
Anseo agus BÁC 2468 freisin!