Aimsir bhriste romhainn ach an teocht ard in áiteanna

Aimsir thirim scamallach seachas corrthamall gréine agus corrmhúr atá romhainn

Aimsir bhriste romhainn ach an teocht ard in áiteanna

Pictiúr: Leah Farrell / © RollingNews.ie

Tirim den chuid mó, tréimhsí gréine agus corrchith atá á thuar don chúpla lá seo romhainn ach briste a bheidh an aimsir don deireadh seachtaine bainc.

Deir Met Éireann nach mbeidh an bruth teasa a bhí againn le cúpla seachtain ar ais ach cé go bhfuil aimsir bhriste romhainn go bhféadfadh an teocht a bheith chomh hard le 26 céim Celsius in áiteanna.

Tús scamallach a bheidh leis an lá inniu agus is beag den ghrian a beidh le feiceáil. Amach sa lá glanfaidh na brádáin agus an ceobhrán leo soir ó dheas agus déanfaidh an ghrian agus cormhúr fánach a mbealach soir faoin tír. Beidh an teocht is airde idir 16 agus 20 céim Celsius sa leath thiar thuaidh den tír agus beagán níos teo sa gcuid eile, idir 19 agus 23 céim agus gaoth lag nó mheasartha aniar aneas nó aniar.

Beidh scaití gréine againn Déardaoin ach corrmhúr fánach ar maidin. Amach sa tráthnóna glanfaidh an bháisteach agus san iarthuaisceart amháin a bheidh aon fhearthainn. Idir 15 to 21 céim is teo a bheidh sé agus an t-iarthuaisceart is fionnuaire a bheidh agus an t-oirdheisceart is teo. Gaoth lag nó mheasartha aniar nó aniar aduaidh a bheidh againn.

Tréimhsí gréine agus múraíl scaipthe atá á ngealladh dúinne ar an Aoine agus sa deisceart is tirime a bheidh sé. Lag mó measartha a bheidh an ghaoth aniar agus an teocht idir 15 agus 21 céim Celsius.

Gealltar an Satharn a bheith tirim scamallach seachas corrthamall gréine agus corrmhúr fánach. Leoithne bhog aniar a bheidh fós linn agus an teocht idir 16 agus 22 céim.

Deir Met Éireann gur deacair an chuid eile den deireadh seachtaine fada a thuar go fóill ach go bhfuil an chosúlacht air faoi láthair go mbeidh an Domhnach tirim seachas corrmhúr ach go ndéanfaidh an bháisteach a bealach ón iardheisceart ar an Luan saoire bainc.

Fág freagra ar 'Aimsir bhriste romhainn ach an teocht ard in áiteanna'