‘Tuigeann tú nach mbeadh i Middelburg ach baile beag murach na turasóirí, nach dtuigeann?’

Gan coicís féin caite ag ár gcolúnaí ina chathair nua, thosaigh sé ag gearán faoi líon na dturasóirí. Ach bhí dearcadh eile ar an scéal ag an gcomharsa trasna an bhóthair

‘Tuigeann tú nach mbeadh i Middelburg ach baile beag murach na turasóirí, nach dtuigeann?’

Bean agus fear meánaosta ón nGearmáin, ceamaraí ar shlabhraí timpeall ar a muineál, ag breathnú isteach trí dhoras oscailte m’árasáin nua, ag ligean orthu nach raibh nuair a chonaic siad mé agus balla á phéinteáil agam gan léine (29 gcéim a bhí an teocht an lá sin.)

Ina stad arís tar éis cúpla méadar, ag breathnú isteach trí fhuinneog na gcomharsan ar an taobh thall den tsráid.

Ní hé nach raibh a fhios agam go mbeadh na sluaite turasóirí romham nuair a cheannaigh mé árasán i gceartlár Middelburg, cathair ársa agus dea-chaomhnaithe nach bhfuil ach scread asail ó chuid de na tránna is deise san Ísiltír. Bhíodh cónaí ar m’aintín timpeall an chúinne ón áit a bhfuil mise i mo chónaí anois agus bhíodh cuairteoirí ag breathnú isteach trí fhuinneog s’aicise sna 1980idí, agus ní i laghad a chuaigh a líon ó shin.

Faoi láthair, fanann isteach is amach le 400,000 turasóir thar oíche i gcathair Middelburg gach bliain, agus meallann sí a dhá oiread nó níos mó cuairteoirí lae.

Níl buanchónaí sa chathair ach ar rud beag le cois 43,000 duine.

An chéad cheist a chuir cuid mhaith de na comharsana orm nuair a chuir mé mé féin in aithne dóibh ná: an mbeidh tú féin i do chónaí san árasán atá tú tar éis a cheannach?

Ba léir an faoiseamh ar a ndreach nuair a dúirt mé leo go mbeadh – i bhfocail eile, nach raibh sé ar intinn agam Airbnb a dhéanamh den áit.

Cúpla lá ina dhiaidh sin, thug na comharsana ar an taobh thall den tsráid cuireadh dom bualadh isteach i gcomhair cúpla deoch. Bhí roinnt de na comharsana eile ann chomh maith agus roimh i bhfad, bhí an róthurasóireacht faoi chaibidil againn – ní líon na gcuairteoirí amháin, ach tionchar na turasóireachta ar thírdhreach na cathrach: na féithleoga saorga atá curtha ar aghaidh na bhfoirgneamh ag cuid mhaith bialann agus siopaí, mar shampla, fad is nach bhfuil cead ag muintir na háite a dhath a athrú ar aghaidh a dtithe féin toisc gur séadchomhartha de réir dlí atá i ngach uile theach i lár na cathrach, an foirgneamh ina bhfuil m’árasán féin san áireamh.

Ach fad is a bhí mé féin agus cuid de na comharsana eile ag tabhairt amach faoin turasóireacht, bhí léargas eile ar an gceist ag bean an tí – an bhean chéanna ar bhreathnaigh an lánúin sin ón nGearmáin isteach trí fhuinneog a cistine tar éis dóibh breathnú isteach trí dhoras m’árasán-sa.

‘Tuigeann sibh nach mbeadh ach an ceathrú cuid de na bialanna agus na siopaí atá againn anois againn murach na turasóirí, nach dtuigeann?’

Pointe fíormhaith, agus taobh den scéal nár chuimhnigh mé féin air nuair a scríobh mé faoin róthurasóireacht cheana ar na leathanaigh seo tamall de sheachtainí ó shin agus mé i mo chuairteoir mé féin in Cádiz na Spáinne, cathair eile ina bhfuil an róthurasóireacht ina cnámh spairne.

Ní hamháin go gcuireann an turasóireacht fostaíocht agus ioncam breise ar fáil – saothraíonn bardas Middelburg breis agus milliún euro ón gcáin turasóireachta gach bliain – ach baineann muintir na háite féin, fiú iad sin nach bhfuil fostaithe i dtionscal na turasóireachta, leas agus tairbhe gach lá as seirbhísí nach mbeadh ar fáil murach na gcuairteoirí.

Bailte beaga ar imeall na mór-roinne a bheadh in Middelburg, in Cádiz, agus go deimhin sa Ghaillimh d’uireasa lucht na gceamaraí móra ar shlabhraí.

Fág freagra ar '‘Tuigeann tú nach mbeadh i Middelburg ach baile beag murach na turasóirí, nach dtuigeann?’'