Deir Aire na Gaeltachta gur “deacrachtaí” a bhaineann le mórthograí Gaeilge agus Gaeltachta is cúis leis na ciorruithe atá déanta ar bhuiséad caipitil a roinne don bhliain seo chugainn, ach go bhfuil muinín aige go mbeidh airgead breise ar fáil in 2028.
Cé gur fógraíodh ardú beag, níos lú ná €1 milliún, don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin i mBuiséad 2027, €5 milliún de laghdú atá ar bhuiséad caipitil an rialtais don teanga agus do na hoileáin, laghdú ó €55 milliún go dtí €50 milliún.
Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ag obair ar thrí mhórtionscadal bonneagair i láthair na huaire, cé Inis Oírr; Ionad Gaeilge agus Cultúir ar Shráid Fhearchair; agus athfhorbairt Ionad Oideachais agus Óige in Indreabháin, ach dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary go raibh fadhbanna leo a d’fhág nach mbeidh an t-airgead céanna le caitheamh orthu in 2027 is a bhí beartaithe.
“Tá deacrachtaí ann leis na tograí seo agus sin an fáth go bhfuil titim ar chúrsaí caipitil in 2027 ach beidh muid ag caitheamh an airgid sin in 2028 agus 2029 agus tá muinín agam go mbeidh muid in ann é sin a dhéanamh,” a dúirt an tAire Calleary ag preasócáid i dTithe an Rialtais.
Dúirt an tAire go raibh sé “an-sásta” leis an dul chun cinn a bhí déanta ar Ché Inis Oírr i mbliana agus go raibh súil aige go mbeadh an obair ar an oileán curtha i gcrích an bhliain seo chugainn.
Luadh in athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta go raibh súil go mbeadh an obair ar Shráid Fhearchair réidh ag tús 2029 agus tuigtear go bhfuil dóchas ann go mbainfear amach an sprioc sin go fóill.
Tá moill, áfach, ar fhorbairt an Ionaid Oideachais agus Óige in Indreabhán ar shuíomh Choláiste Lurgan. Tugadh cead pleanála don togra in 2024 ach níl tús curtha go fóill leis an obair thógála. Bhí an tAire Gaeltachta in Indreabhán mí Feabhra agus fógra déanta go raibh conradh €9 milliún curtha amach ar tairiscint ach is beag dul chun cinn atá déanta ó shin. Dúirt Roinn na Gaeltachta an mhí seo caite go raibh na tairiscintí fós “á meas”.
Dúirt an tAire Dara Calleary gur thuig sé go raibh “díomá” ar dhaoine nach raibh níos mó airgid curtha ar fáil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa mbuiséad ach go gcinnteodh an maoiniú a cuireadh ar fáil go mbeadh “réimse leathan tacaíochtaí” ann “chun an Ghaeilge a neartú”.
Dúirt Calleary nach bhfuil sé ag súil le haon airgead breise nuair a dhéanfar athbhreithniú ar na meastacháin níos deireanaí i mbliana agus go gcaithfeadh daoine an méadú a bhí ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbuiséad na bliana seo caite a chur san áireamh.
Dúirt Conradh na Gaeilge an tseachtain seo gur “céim ar gcúl” don teanga a bhí sa mhéid a fógraíodh sa mbuiséad an tseachtain seo. Maidir leis an laghdú €5 milliún ar airgead caipitil, dúradh gur chóir go mbeadh sé tugtha d’Údarás na Gaeltachta má bhí deacrachtaí le tograí eile.
Cuireadh an €5 milliún a baineadh ó chiste caipitil na roinne i dtreo an chiste reatha. Tá airgead breise le cur ar fáil in 2027 do Scéimeanna Tacaíochta Teanga, do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta, don phleanáil teanga agus d’Údarás na Gaeltachta.
Tá suas le €1 milliún breise le cur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge chomh maith. Chuir an eagraíocht trasteorann fáilte roimh an maoiniú breise cé gur dúradh go raibh a dhá oiread á éileamh. Dúirt príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn, go raibh súil anois de bharr an mhéadaithe nach mbeadh orthu a gcistí dá scéimeanna pobail a laghdú.
“Déanfaimid scrúdú cúramach anois ar na mionsonraí chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh acu ar ár dtacaíocht don phobal agus ar na cuspóirí straitéiseacha atá leagtha amach againn”.
Nuair a cuireadh ceist ar an Aire Calleary ag an bpreasócáid faoi chinneadh an Aire Cumarsáide Patrick O’Donovan gan airgead breise a chur ar fáil do TG4, dúirt sé go raibh “dóthain troideanna” aige féin sa dá atá roinn faoina chúram gan a bheith ag déanamh imní faoi aon roinn eile. Dúirt Calleary go bhfuil “an-jab” á dhéanamh ag O’Donovan agus go raibh “ardú mór” faighte ag TG4 sna buiséid ó 2020.
Fág freagra ar '‘Deacrachtaí’ le tograí caipitil is cúis le ciorruithe ar an mbuiséad don Ghaeltacht in 2027 – Aire na Gaeltachta'