COMHDHÁIL
Comhdháil ar Litríocht agus ar chultúr na Gaeilge
Beidh Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge á reáchtáil ag Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe ar an 16 agus 17 Deireadh Fómhair. Déanfar comóradh, cur agus cúiteamh i mbliana ar ‘Forbairt na Gaeilge’, leabhrán tábhachtach ar nádúr, ar fhoirm, agus ar chultúr na Gaeilge a scríobh Niall Ó Dónaill 75 bliain ó shin (1951). Is iad Peadar Ó Muircheartaigh (Ollscoil Dhún Éideann), Nóirín Ní Ghrádaigh agus Mícheál Ó Mainnín (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste) aoichainteoirí na comhdhála i mbliana.
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun i rith na comhdhála, beidh an leabhar Ár Lámh Sábhála: Coimisiún na Gaeltachta 1926, leis an Dr John Walsh, á sheoladh. Beidh an t-údar faoi agallamh ag Gormfhlaith Ní Thuairisg sa Téatar in Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe Dé hAoine an 16 Deireadh Fómhair, ag tosú ag 6pm.
Tuilleadh eolais agus clár na comhdhála ar fáil anseo.
CEARDAÍOCHT
Taispeántas cuilteanna i Halla na Tulaí
Beidh Taispeántas Cuilteanna 2026 ar bun i Halla na Tulaí (H91 T224), Baile na hAbhann ag tosú inniu agus ag dul ar aghaidh i rith an deireadh seachtaine. Tá an taispeántas ceardaíochta á eagrú ag Cuilteálaithe Chonamara agus beidh saothar le feiceáil ansin le Cuilteálaithe Charna, Chois Fharraige, Leitir Mealláin agus Mná le Chéile as Inis Oírr.
Ceiliúradh atá san ócáid seo ar an 20 bliain atá na cuilteálaithe ar an bhfód i mbliana agus tá fáilte á chur roimh chách go dtí an taispeántas. Cuirfear an oscailt oifigiúil ar bun ag a 2pm ar an Satharn an 10 Deireadh Fómhair. Beidh an taispeántas á oscailt inniu, Dé hAoine an 9 Deireadh Fómhair, ag 1pm agus gabhfaidh sé ar aghaidh go dtí 4pm Beidh sé ar oscailt ó 10am go dtí 4pm ag an deireadh seachtaine.
TEILIFÍS
An chéad radharc ar an dara sraith de Crá
Tá íomhánna eisithe ag TG4 an tseachtain seo a thugann blaiseadh den dara sraith den dráma coireachta Gaeilge, Crá, a léirigh Fíbín Media agus Fíbín Films NI. Is i nGaoth Dobhair, contae Dhún na nGall, a rinneadh scannánú ar an tsraith sé chlár seo a bheidh ar ais sna seachtainí amach romhainn.
Díoladh an chéad sraith le 68 críoch éagsúil faoin teideal Boglands, agus d’éirigh go maith leis ar fud an domhain. Beidh Dónall Ó Héalaí ar ais i bpáirt Chonaill Uí Shúilleabháin, an Garda atá anois ina bhleachtaire faoi oiliúint agus é ag tabhairt aghaidh ar chásanna nua. Sa gcliar freisin beidh Siobhán O’Kelly, Alex Murphy, Hannah Brady, Colm Mac Giolla Eabuic, Aoife Nic Ardghail agus Tara Breathnach chomh maith le haisteoirí eile.
Is féidir breathnú siar ar an gcéad sraith anseo.
AMHARCLANNAÍOCHT
Pygmalion 26 ar camchuairt ag Aisling Ghéar
Beidh an dráma Pygmalion 26 ar camchuairt ag an gcomhlacht amharclannaíochta Aisling Ghéar an mhí seo ag tosú ar an 19 Deireadh Fómhair san Everyman Theatre i gCorcaigh. Is é an gníomhaí teanga agus scríbhneoir aitheanta Gearóid Ó Cairealláin, a bhásaigh sa mbliain 2023, a rinne an cóiriú nua seo ar dhráma aitheanta George Bernard Shaw. Is í a bhean, Bríd Ní Ghallchóir, stiúrthóir ealaíne Aisling Ghéar, atá ag léiriú an dráma anois agus é á stiúradh ag Nuala Ní Néill. Is í Eithne Carson atá sa bpríomhpháirt.
Déanann Pygmalion 26 iniúchadh ar an bhféiniúlacht i gcomhthéacs cúrsaí teanga, canúna agus muintearais agus é suite i gcathair Bhéal Feirste i rith Oireachtas na Samhna.
Beidh Pygmalion 26 ar camchuairt náisiúnta ag tosú i gCorcaigh ar an 19 Deireadh Fómhair.
Beidh sé sa Taibhdhearc i nGaillimh ón 21-24 Deireadh Fómhair
Beidh sé san Ionad Cultúrtha in An Muileann gCearr
in Amharclann Garter Lane i bPort Láirge
agus i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.
FÉILE

Éigse Thomáis Uí Aodha, 2026
Cuirfear tús inniu le hÉigse Thomáis Uí Aodha 2026, a bheidh ar bun i Sráid na Cathrach, contae an Chláir, arís amárach. Seo í an t-ochtú bliain den Fhéile Ghaeilge bhliantúil i gcuimhne ar Thomás Ó hAodha (1866–1935), duine de mhórphearsana liteartha agus cultúrtha Athbheochan na Gaeilge ag tús an 20ú céad, arb as Sráid na Cathrach dó.
Tabharfaidh Irial Mac Murchú, Nemeton agus TG4, léacht na hÉigse i mbliana in Áras Oidhreacht an Chláir, Bóthar na Leac (V95 KD98) an Aoine beag seo an 9 Deireadh Fómhair ag tosú ag 8pm. Labhróidh Irial ar fhás Nemeton agus ar a fhorbairt ina chomhlacht idirnáisiúnta, agus freisin ar a straitéis maidir le leas a bhaint as an nGaeilge sa mhargaíocht.
Ar an Aoine freisin, beidh taispeántas speisialta de chartlann phearsanta Thomáis Uí Aodha, cartlann a dheonaigh a mhuintir féin d’Oidhreacht an Chláir, ansin freisin, chomh maith leis an gcéad léarscáil Ghaeilge d’Éirinn riamh, a rinne Tomás, i gcomhar le Pádraig Ó hAichir ó Dhún Saileach i 1906.
Leanfar leis na himeachtaí ar an Satharn, in Áras Oidhreacht an Chláir, le ceardlann amhránaíochta le Máire Ní Choilm, cuairt ar an teach i mBóthar na hInse ina raibh cónaí ar Thomás go dtí gur bhog sé go Baile Átha Cliath. Beidh ceol agus caint i dteach tábhairne Friel’s agus Pop-Up Gaeltacht.
Níl aon táille ar na himeachtaí agus tá fáilte curtha roimh chách. Tuilleadh eolais ó eolas@oac.ie
FÉILIRE
Féilire amhrán traidisiúnta 2027
Beidh an féilire amhrán traidisiúnta a d’fhoilsigh Taisce Cheol Dúchais Éireann den chéad uair in 2026 á fhoilsiú arís i mbliana don bhliain 2027. Tá leagan nua den fhéilire á chur i gcló i mbliana agus forbairt sa mbreis déanta air, agus 50 amhrán eile curtha leis don dara eagrán.
D’éirigh go maith leis an bhféilire anuraidh, ach is cosúil go raibh deacrachtaí ag custaiméirí i Meiriceá an féilire a fháil mar gheall ar tháillí custaim. Tá réiteach ar an bhfadhb sin aimsithe i mbliana agus leagan den fhéilire á chur i gcló i Maine, i Meiriceá.
Tá leagan na hÉireann á chur i gcló i mBaile Átha cliath ar pháipéar ar ardchaighdeáin. Tá 300 amhrán san áireamh sa bhféilire agus gach amhrán ceangailte le lá ar leith, féile nó séasúr. Tugtar suntas ar leith d’amhrán amháin gach mí agus tugtar na liricí don amhrán sin ar leathanach na míosa sin sa bhféilire. Tá cóid QR scaipthe tríd an féilire freisin inar féidir iad a scanadh le leagan taifeadta den amhrán a chloisteáil ar líne.
Is féidir fios a chur ar an bhféilire anseo.
Siompóisiam i gcuimhne ar Phádraig Ó Snodaigh
Beidh, SNOD26, siompóisiam náisiúnta i gcuimhne ar Phádraig Ó Snodaigh ar bun i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Belfield, Dé Sathairn an 10 Deireadh Fómhair. Cuirfear an siompóisiam ar bun ón 1-9pm agus beidh cainteanna ar shaol agus ar shaothar Uí Shnodaigh mar chuid de chlár an lae.
Bhí Pádraig Ó Snodaigh, a bhásaigh mí Eanáir 2025, ar dhuine de phearsana móra shaol na Gaeilge agus shaol chultúrtha na hÉireann, mar bhunaitheoir an tí foilsitheoireachta Coiscéim, mar údar, mar fhile agus mar ghníomhaí teanga.
Bhunaigh sé an teach foilsitheoireachta Coiscéim sa mbliain 1980 agus beidh filí agus scríbhneoirí ar foilsíodh saothar leo le Coiscéim páirteach sa siompóisiam agus iad ag aithris óna saothar. I measc na scríbhneoirí agus bhfilí a léifidh óna saothar beidh Séamus Mac Annaidh, Ceaití Ní Bheildiúin, Mícheál Ó hUanacháin, Colm Breathnach, Áine Ní Ghlinn agus Mícheál Ó Ruairc.
Áirithintí anseo.
Fág freagra ar 'Éigse Thomáis Uí Aodha, taispeántas cuilteanna, Pygmalion 26, leabhar nua John Walsh, an chéad radharc ar ‘Crá’'