GAILEARAÍ: Páistí an Spidéil faoi gheasa ag eachtraí ‘Zog’ agus ‘An Mac Tíre’

GAILEARAI / Páistí an Spidéil faoi gheasa ag eachtraí 'Zog' agus 'An Mac Tíre'

Sean Ó Mainnín

Bhí an-spraoi go deo ag daltaí Scoil Éinne ar An Spidéal nuair a cuireadh eachtraí as na leabhair Ghaeilge Zog (foilsithe ag Futa Fata) agus An Mac Tíre a bhí ina Shárlaoch (Leabhar Breac) os a gcomhair ar an gCeathrú Rua le déanaí. Is mar chuid de scéim Thuismitheoirí na Gaeltachta léitheoireacht a spreagadh i 15 scoil i gConamara. Pictiúir: Seán Ó Mainnín





GAILEARAÍ: ‘Croí Cine’ le Seán de Fréine seolta ag Scoil Gheimhridh Merriman i nGaillimh

GAILEARAÍ / 'Croí Cine' le Seán de Fréine seolta ag Scoil Gheimhridh Merriman i nGaillimh

Sean Ó Mainnín

An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh a sheol an leabhar 'Croí Cine', bailiúchán de scríbhneoireacht na Gaeilge le 1,000 bliain, cnuasaithe ag Seán de Fréine, le linn Scoil Merriman in Óstán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá, Gaillimh, Dé Sathairn. Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh an leagan nua den leabhar iomráiteach a foilsíodh ar dtús i 1990. Pictúir: Seán Ó Mainnín



GAILEARAÍ: Diancheisteanna ag daltaí scoile Chonamara do na hiarrthóirí toghcháin ar RnaG

GAILEARAÍ / Diancheisteanna ag daltaí scoile Chonamara do na hiarrthóirí toghcháin ar RnaG

Sean Ó Mainnín

Cuireadh mionscrúdú ar iarrthóirí olltoghcháin Ghaillimh Thiar ar Raidió na Gaeltachta le déanaí. Daltaí as Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, Gairmscoil na bPiarsach, Ros Muc agus Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna a bhí i mbun na gceisteanna. Pictiúir: Seán Ó Mainnín


GAILEARAÍ: An focal deiridh i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain ag déagóirí Chonamara

Díospóireacht Uí Chadhain / An focal deiridh i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain ag déagóirí Chonamara

Sean Ó Mainnín

Muintir Chonamara a thug leo na coirn ó chomórtas díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn i mBóthar na Trá tráthnóna Dé Céadaoin. Ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua a bhí craobh na sóisear agus ag Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal a bhí craobh na sinsear ach chualathas ocht bhfoireann den chéad scoth ag an gcomórtas. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie


GAILEARAÍ:  ‘Fighting Words – Conamara’ seolta ag Roddy Doyle in Ionad an Phiarsaigh

GAILEARAÍ / 'Fighting Words - Conamara' seolta ag Roddy Doyle in Ionad an Phiarsaigh

Sean Ó Mainnín

Bhí lá mór ag scoláirí Rang a Sé i Scoil Éinne an Spidéil, nuair a d'fhreastail siad ar cheardlann scríbhneoireachta in Ionad an Phiarsaigh, Ros Muc, leis an scríbhneoir cáiliúil Roddy Doyle. Bhí an t-údar i láthair chun 'Fighting Words' - Conamara', an chéad bhrainse den eagraíocht scríbhneoireachta sa Ghaeltacht a sheoladh. Pictiúir: Seán Ó Mainnín