GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin Curtha ar Ghearrliosta do Ghradam Earnála Poiblí SEAI

Tá Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin curtha ar an ngearrliosta i gcatagóir na hEarnála Poiblí de Ghradaim Fuinnimh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann. Tugann an gearrliostú aitheantas do thiomantas leanúnach dlr maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú, feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú agus laghdú carbóin a leabú i ngach réimse den eagraíocht agus sa phobal i gcoitinne

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin Curtha ar Ghearrliosta do Ghradam Earnála Poiblí SEAI

Tá Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin (dlr) curtha ar an ngearrliosta i gcatagóir na hEarnála Poiblí de Ghradaim Fuinnimh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), mar aitheantas ar cheannaireacht agus éachtaí iontacha na Comhairle ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh agus dícharbónaithe de. Tugann an gearrliostú aitheantas do thiomantas leanúnach dlr maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú, feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú agus laghdú carbóin a leabú i ngach réimse den eagraíocht agus sa phobal i gcoitinne. Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas Ghradaim Fuinnimh SEAI an 4 Samhain.

Tá Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin sa chéad áit i measc 26 údaráis áitiúla na hÉireann maidir le hastaíochtaí iomlána CO₂ ó bhreoslaí iontaise a laghdú ó bunaíodh bonnlíne na ngás ceaptha teasa, agus sa tríú háit maidir le feabhas ar fheidhmíocht fuinnimh ó bunaíodh bonnlíne na héifeachtúlachta fuinnimh. Tá sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 50% an Rialtais don earnáil phoiblí faoi 2030 sáraithe ag an gComhairle cheana féin, le feabhas suntasach 61% bainte amach aici faoi 2025. Tá dlús curtha freisin le laghduithe ar astaíochtaí carbóin, agus laghdú 29% bainte amach in 2025 i gcomparáid leis an sprioc náisiúnta de 51% faoi 2030. Ba í an infheistíocht shuntasach i dtionscadail fuinnimh agus laghdaithe carbóin ba chúis leis na torthaí seo, lena n-áirítear soilsiú poiblí LED a rolladh amach go forleathan, an flít a dhícharbónú, uasghráduithe fuinnimh ar fhoirgnimh, agus córais fhótavoltacha ghréine agus teaschaidéil a shuiteáil i saoráidí na Comhairle, lena n-áirítear leabharlanna Dheilginse agus Ghráinseach an Déin.

Chuir an Cathaoirleach, an Comhairleoir Barry Saul, fáilte roimh an aitheantas:

“Éacht iontach é a bheith ar an ngearrliosta do Ghradam Earnála Poiblí SEAI agus is aitheantas é don tiomantas atá léirithe ag ár gcomhaltaí tofa, ár bhfoireann, ár bpobail agus ár gcomhpháirtithe agus muid ag dul i ngleic leis an athrú aeráide. Tá bainistíocht fuinnimh agus dícharbónú leabaithe againn i ngach gné dár n-eagraíocht, agus léiríonn na torthaí an méid is féidir a bhaint amach tríd an bpleanáil fhadtéarmach, an nuálaíocht agus an comhoibriú.”

Is éard a dúirt Frank Curran, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin:

“Tá Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin bródúil as bheith ar thús cadhnaíochta ar bhonn náisiúnta maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú agus feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú. Tá ár bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, ár gCóras Bainistíochta Fuinnimh atá deimhnithe de réir ISO 50001 agus ár n-infheistíocht shuntasach i mbonneagar inbhuanaithe ag cabhrú linn gníomh fiúntach ar son na haeráide a chur i gcrích agus, ag an am céanna, seirbhísí a fheabhsú, costais a laghdú agus pobail níos sláintiúla a chruthú.”

Tá dícharbónú leabaithe ar fud oibríochtaí dlr trí Phlean Forbartha an Chontae, an Plean Corparáideach, an Beartas Fuinnimh agus an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024–2029 a ailíniú lena chéile. Ó 2017 i leith, tá deimhniú bliantúil coinnithe ag an gComhairle faoi Chóras Bainistíochta Fuinnimh ISO 50001, a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige agus lena gcuirtear creat struchtúrtha ar fáil le haghaidh feabhsú leanúnach i measc a phríomhúsáideoirí fuinnimh, lena n-áirítear soilsiú poiblí, an flít agus mórfhoirgnimh phoiblí.

I measc na n-éachtaí is déanaí tá laghdú os cionn 99% ar astaíochtaí díreacha ag Ionad Oibríochtaí Bhaile Uí Ógáin tar éis teaschaidéil agus córas fótavoltach gréine 172 kW a shuiteáil, agus tá 93.5% den soilsiú poiblí ar fud an chontae tiontaithe anois go teicneolaíocht LED atá tíosach ar fhuinneamh. Tá a flít íseal-astaíochtaí leathnaithe ag an gComhairle freisin, agus tá 36 feithicil a ritheann ar HVO agus 32 feithicil leictreacha i mbun oibríochta faoi láthair.

Mar fhocal scoir, dúirt Andrée Dargan, Oifigeach Feidhmíochta Fuinnimh agus Ailtire Contae dlr:

“Léiríonn an gearrliostú seo breis agus deich mbliana d’obair dhíograiseach ár bhFoirne Fuinnimh agus ár gcomhghleacaithe ar fud na heagraíochta. Cé gur mór an onóir dúinn an t-aitheantas seo a fháil, táimid dírithe go hiomlán i gcónaí ar ár spriocanna do 2030 a bhaint amach agus leanúint de réitigh nuálacha phraiticiúla a chur i bhfeidhm a thacaíonn le todhchaí atá athléimneach ó thaobh na haeráide de do Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus níos faide i gcéin.”

Taobh amuigh dá cuid oibríochtaí féin, leanann dlr de bheith ag tacú le gníomhú áitiúil ar son na haeráide. Tríd an gClár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide, tá beagnach €1 mhilliún de mhaoiniú faighte ag an gComhairle chun tacú le 26 tionscadal faoi stiúir an phobail, lena n-áirítear iarfheistiú fuinnimh, suiteálacha gréine agus uasghráduithe soilsithe. Tá tionscnaimh rannpháirtíochta poiblí, amhail an feachtas “Reduce Your Use”, imeachtaí feasachta fuinnimh agus cláir taistil inbhuanaithe, ag spreagadh cónaitheoirí, grúpaí pobail agus baill foirne chun páirt ghníomhach a ghlacadh san aistriú chuig todhchaí ísealcharbóin.

Imeacht Eolais Saor in Aisce faoi Uasghráduithe Fuinnimh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair

Is féidir áirithintí a dhéanamh anois don imeacht saor in aisce ‘Uasghráduithe Fuinnimh sa Bhaile agus sa Phobal’, a bheidh ar siúl i nDún Laoghaire an 10 Deireadh Fómhair. Beidh cur i láthair ó shaineolaithe agus taispeántas a mbeidh speisialtóirí fuinnimh páirteach ann mar chuid den imeacht.

Cláraigh ar Eventbrite: https://bit.ly/EnergyUpgradesHomeCommunityEvent

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin Curtha ar Ghearrliosta do Ghradam Earnála Poiblí SEAI'