Filleann an Fhéile Siamsa Glas ar ais go Contae na Mí arís i mbliana agus ón Aoine 11 go dtí an Domhnach 13 Meán Fómhair beidh réimse leathan d’imeachtaí ar fáil sna sráidbhailte agus láithreacha feadh Ghlasbhealach Ghleann na Bóinne go Fearann an Locha. Is ceiliúradh ar chultúr, ar phobal agus ar an saol amuigh faoin spéir é Siamsa Glas, ag tabhairt daoine le chéile, trí cheol, siamsaíocht, oidhreacht agus gníomhaíochtaí atá oiriúnach don teaghlach ar fad. Idir óg agus aosta beidh imeachtaí oiriúnacha ar fáil dóibh. Chomh maith leis sin beidh deis agat blaiseadh a fháil den Ghaeilge agus de chultúr Ghaeltacht Bhaile Ghib, mar is í gContae na Mí amháin atá Gaeltachtaí Chúige Laighean.
Cuirfear tús leis na himeachtaí Dé hAoine, 11 Meán Fómhair le Tóraíocht Taisce ag Caife GNR i gCill Mhaighneann. Beidh sé ar siúl ó 10r.n – 4:30i.n. agus is cinnte go mbainfidh an teaghlach uile spraoi as. I mBaile Ghib beidh ceardlann bodhráin le Shay Casserly ar siúl i Halla Bhaile Ghib ó 5:00i.n.– 6:00i.n. In Ionad Pobail Bhaile Uilcín beidh seisiúin Folcadh Fuaime Ceilteach ar siúl.
I halla Bhaile Ghib ar an Sathairn ó 10:00 – 11:00r.n., beidh ceardlann scéalaíochta agus ceoil do pháistí le Julie Anne de Brún chomh maith le ceardlann péinteála potaireachta do pháistí sa chaifé GNR, Cill Mhaighneann ó 10:30 – 12:30r.n.
Ar an Domhnach, beidh réimse leathan imeachtaí ag tarlú ar nós siúlóid bhithéagsúlachta leis an Dr Emma Reeves ag tosú i gcarrchlós Ghlasbhealach Bhaile Ghib agus cluichí Braite do pháistí in Ionad Pobail Bhaile Uilcín; beidh na himeachtaí ag críochnú i mBaile Uilcín le tráthnóna drámaíochta, ceoil agus damhsa Gaelach.
Buaicphointe de chuid na féile é an dráma Save the last Dance, atá scríofa ag Sharon Carroll agus an grúpa drámaíochta Yellow River. Scríobhadh agus stiúradh an dráma seo agus an stair áitiúil á cur san áireamh. Tugann sé ar ais sinn go dtí seascaidí na Saoirse i sráidbhaile Bhaile Uilcín, áit a raibh sceitimíní móra ag borradh faoi bhanna ceoil nua a bhí le bheith sa halla áitiúil.
Tar chuig Ardán Bhaile Uilcín, Baile Uilcín chun an dráma seo a fheiceáil ó 1:30 – 2:00i.n. ar an Satharn agus ar an Domhnach le linn na féile seo.
Agus beidh níos mó ag tarlú chomh maith!
Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil ar gach a mbeidh ag tarlú ar an Ghlasbhealach i gContae na Mí mar chuid den Fhéile iontach seo, tabhair cuairt ar an suíomh http://www.discoverboynevalley.ie/
Tá súil againn go mbeidh sibh ann. Tar chuig an Mhí agus bígí linn!
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Féile Siamsa Glas'