Seoidleabhar de Fréine –  mura bhfuil ag do chairde, tá an Nollaig ag teacht

Moltar sa mhír seo leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus d’aimhleasa…

Seoidleabhar de Fréine –  mura bhfuil ag do chairde, tá an Nollaig ag teacht

Léigh mé The Great Silence le Seán de Fréine nuair a bhíos sa mheánscoil. Ba cheart dom a bheith ag ullmhú don ardteistiméireacht san am, ach bhí seo i bhfad níos spéisiúla. Tá seans maith ann gur chailleas marcanna dá dheasca.  Dúirt Seosamh Mac Grianna uair amháin gur theastaigh uaidh leabhar a scríobh a bhainfeadh an cloigeann den chine daonna. Ní hé gur bhain an leabhar seo an cloigeann díom, fág gurbh fhearr le daoine áirithe gur dhein, ach ba dhóbair dó.

Ba é a thuigeas riamh leis an teideal The Great Silence gurb ábhar é seo nach raibh cead agat drannadh leis, gurb ábhar é a raibh teir agus bac ar é a phlé, go háirithe ag staraithe, is é sin cúlú na Gaeilge. Tá ó shin mar mharc fiúntais is mar chomhartha measa agam, leabhar ar bith faoin 19ú haois in Éirinn nár thagair don saothar seo, nárbh fhiú brobh é.

Smaoiním ar The Hidden Ireland agus The Great Silence in aon anáil amháin, mar thug siad beatha do dhá choincheap atá réimiúil agus thar a bheith barántúil fós. Fágaimis aon locht a gheofaí ar aon cheann den dá leabhar seo as an áireamh, léirigh siad poll mór i staireolaíocht na hÉireann, is é sin, an fhaillí a dhéantar i nguth an ghnáthdhuine, go háirithe, an gnáthdhuine a raibh an Ghaeilge mar urlabhra dhílis aige seachas a raibh i gcáipéisí leamha stáit.

Foilsiú solasmhar ar an Hidden Ireland agus ar an Great Silence araon sin is ea an leabhar álainn dearscnaitheach eolasach gaoismhear seo Croí Cine: Dréachta agus Sleachta as Foinsí na Gaeilge Riamh Anall go dtí an Lá Inniu (CIC €25) a chnuasaigh Seán de Fréine agus ar foilsíodh leagan dó chomh fada siar le 1990, ach gur leagan méadaithe go mór is ea an ceann seo.

Dúirt an Cadhnach maidir le foclóir an Duinnínigh gur chóir é a bheith le hais na leapan ag gach scríbhneoir Gaeilge. Leabhar é seo ar cheart é a bheith le hais na leapan, agus ag an mbord am dinnéir, agus ar an matal, agus ar an gclár caife, agus sa tigh beag – bíodh gur róbhaol go bhfanfadh duine ann tar éis dó é a phiocadh suas. Óir is leabhar é seo nár cheart é a léamh ó thús go deireadh – mar b’fhéidir go mbeadh an léirstint róghealasach – ach ba chóir é a bhlaiseadh go mall, agus go rialta, agus de réir a chéile, agus uidhe ar n-uidhe, agus blogh ar bhlogh.

Ní mór ná go bhféadfá a rá go bhfuil litríocht na Gaeilge, aon mhíle cúig chéad bliain di le fáil faoi chlúdaigh an leabhair seo.

Ar an gcéad leathanach tá an dán iomráiteach a chuirtear i leith Aimheirgín agus é ag teacht i dtír in Inbhear Scéine:

‘Is gaoth ar muir mé,

Tonn tréan i dtír mé,

Fuaim na mara mé,

Damh seacht mbeann mé…’

Bhí mac léinn agam uair amháin a mhaígh gur cumadh an dán sin ar Aoine an Chéasta ar a naoi a chlog ar maidin sa bhliain 333 b.c., agus de cheal fianaise ní fhéadfainn í a bhréagnú.

D’fhonn an snáth ceangailte seo a bhualadh abhaile tá aige chomh maith aistriúcháin agus leaganacha leis an bhfile comhaimseartha Paddy Bushe, a bhfuil cónaí air gar don áit ar tháinig Aimheirgín agus a chomplacht i dtír, más fíor, ach ar samhlaoid iad ar an leanúnachas cultúir seo a bhfuil a shaol caite ag Seán á chur os ard agus i láthair an phobail.

Níorbh fhiú damait an t-allas seo ar fad, mura mbeadh an litríocht seo ar cheann de litríochtaí uaisle an domhain. Sna ranna tosaigh seo tá sleachta ón bhfiannaíocht agus ón rúraíocht idir fhilíocht agus phrós a thugann chun cuimhne dúinn an nochtadh léirsteanach a bhí riamh againn ar nádúr an duine.

Má tá meathchuimhne áirithe ag daoine ar na hagallaimh, ar na laoithe, agus ar na seanscéalta seo, is ródhócha gur fearr an chuimhne a bheidh acu ar na dánta agus ar na hamhráin mhóra a bhíodh coitianta sna díolaimí scoile agus ar bhéala daoine glúin nó dhá ghlúin ó shin:

Cabhair ní ghoirfead go gcuirtear mé i gcruinnchónra.

Dar an leabhar, dá ngairfinn, níor ghairide an ní domhsa!..

Stadfadsa feasta: is gar dom éag gan mhoill,

Ó treascraíodh dragain Leamhain, Léin is Laoi;

Rachadsa as aithle searc na laoch don chill –

Na flatha fá raibh mo shean roimh éag do Chríost.

Agus na hamhráin:

Cé hé sin amuigh

A bhfuil faobhar ar a ghuth

Agus:

‘Ar m’éirí dhom ar maidin,

Grian an tSamhraidh ag taitneamh

Chuala an uaill á casadh

Agus ceol binn na n-éan’

Tabharfaidh an leabhar seo caoi do dhaoine a bhfuil an chuimhne ag imeacht uathu athnuachan a dhéanamh ar an gcaidreamh a bhíodh acu leis an traidisiún, agus soláthróidh soilse bóthair dóibh siúd nár shíl go raibh a leithéid de sheoda riamh ann.

Ní foláir nó tá gach aon rud léite ag Seán de Fréine.

Fág gach aon rud maidir le heolas agus le saíocht agus le haoibhneas as an áireamh, leabhar é seo atá pulcaithe le greann ar an gcuma chéanna – agus is d’aon ghnó atá siad ann. Ní foláir gur shlog Seán an tuiscint a bhí ag Máirtín Ó Cadhain gur cuid den chroí cine atá againn an súgradh agus an dáiríre a mheascadh le chéile.

Ar leith amháin luann sé sliocht as an ndialann le hÉamonn Mac Giolla Iasachta, sliocht lánscoláiriúil, bíodh sé ag caint ó na fiacla amach nó ná bíodh.  Seo cuid de:

‘Ó am go ham tháinig mé ar shloinne aisteach in úsáid in Éirinn ón 17ú go dtí an 19ú céad. Seo cuid acu: Bogus, Brothel, Dudd, Farty, Heresy, Hoor, Horror..Mingy, Queery, Rape, Rotten, Sex, Slush, Twaddle…’

Agus ina choinne sin thall, tá sleachta aige a dtugann sé ‘Howlers’ na Gaeilge orthu, is é sin le rá, na botúin a dhein lucht foghlama na Gaeilge a raibh an Béarla ó dhúchas acu, go díreach mar a dhein lucht foghlama an Bhéarla a raibh Gaeilge ó dhúchas acu, agus a bhfuil roinnt samplaí barrúla díobh siúd againn anseo:

‘Chaith mé an lá i mBaile Átha Cliath agus ansin tháinig mé droim’

Duine ar bith a chaith tamall ar bith uair ar bith ag múineadh Gaeilge beidh a liosta féin aige.

‘Tógadh m’aguisín amach…’

Bean a tháinig isteach chugainn a raibh timpiste aici agus í ar mhaidí croise ag scrúdú cainte is a raibh timpiste rothair aici…’Theip ar na coiscíní…’

Cuid den Ghaeilge iad sin, leis, mar is cuid de gach teanga eile na taoibhíní, na fochanúintí, na béarlagairlí, na dualchainteanna, na míthuiscintí, agus saibhríonn siad a bhfuil againn, agus a mbeidh againn feasta.

Fiafrófar, gan amhras, cad é an difear idir an leabhar álainn seo, agus an leagan glas a foilsíodh tríocha bliain ó shin. 333 leathanach, tuairim is, a bhí sa chéad leagan, agus nach mór 450 sa cheann seo – agus deir daoine liom go bhfuil tábhacht le toirt! Tá innéacs i bhfad níos cuimsithí, gan amhras, ionas gur fusa teacht ar thagairt ar bith, tá fad curtha le cuid de na réamhaistí, ach thar aon rud eile, tá sleachta nua siar síos, sleachta nach raibh sa chéad eagrán.

Ar shlí eile ar fad, ní hamháin gur stair litríocht na Gaeilge atá anseo, ach stiall de stair shóisialta na tíre chomh maith. Tá athráite riamh go rabhamar faoi smacht iomlán ag an gcléir. Dá léifeá an chaibidil ‘Ceathrar sagart gan a bheith santach’, ina bhfuil cnósach fairsing d’aoradh na cléire ann, thuigfeá nach mar sin a bhí. Mar a scríobhann Seán: ‘Mar sin, is é an chiall atá le baint as na ranna aoracha anseo gur bheag den táirísleacht a bhain le meon na dtuatach i leith na cléire, ná den éirí in airde le meon na cléire i leith na dtuatach, fad a mhair an Ghaeilge agus an cultúr ina mbéascna bhunaidh i measc an phobail…Ach i saol an Bhéarla ba dhána an duine a d’aorfadh Eaglais ná Stát.’

Tá dánta seanGhaeilge anseo ar chuireas aithne ar dtús orthu tríd an mBéarla.

An rann sin: ‘Teacht don Róimh:/ Mórshaothar, beagtairbhe – an Rí a lorgann tú abhus/Murar thug leat é, ní bhfaighidh.’

Má mhachnaíonn tú air sin i gceart, tá eagna an tsaoil ann. Is mó leabhar mór fada leamh síceolaíochta atá scríte ag iarraidh an méid sin féin a léiriú.

Seoidleabhar. Mura bhfuil ag do chairde, tá an Nollaig ag teacht.

Fág freagra ar 'Seoidleabhar de Fréine –  mura bhfuil ag do chairde, tá an Nollaig ag teacht'

  • Cluain Sceach

    Ana-mholadh!

  • Derry O'Sullivan

    Sár-léirmheas ar sheoideanna De Fréine, duine a bhris ár gcroí is a mhúscail ár meanma lena “The Great Silence”!