Scéalta miotaseolaíochta, scéalta scanrúla agus scéalta dúnmharaithe ar fáil sa Ghaeilge

Caitheann Tuairisc súil ar chuid de na foilseacháin Ghaeilge is déanaí, saothair nua do pháistí ina measc

Scéalta miotaseolaíochta, scéalta scanrúla agus scéalta dúnmharaithe ar fáil sa Ghaeilge

Finscéalta na hÉireann
Eithne Massey
Ealaín le Lisa Jackson
Leagan Gaeilge le Patricia Nic Eoin
The O’Brien Press
Pictiúrleabhar lándaite, clúdach bog, €12.99

Cé go bhfuil rogha mhaith leabhair i nGaeilge do pháistí againn atá bunaithe ar fhinscéalta ar leith as miotaseolaíocht na hÉireann, bíonn sé deacair a theacht ar leabhar i nGaeilge ina bhfuil na scéalta móra aitheanta cruinnithe i gceann a chéile.

Seánra leabhair é atá le fáil coitianta i mBéarla, leithéidí Irish Legends for Children agus The Big Book of Favourite Irish Myths and Legends gan tagairt ach do phéire as an réimse mór atá le fáil.

Tá réiteach ar an bhfadhb anois agus an pictiúrleabhar Finscéalta na hÉireann foilsithe ag The O’Brien Press le deireanas. Leagan Gaeilge é den bhunleabhar Best-Loved Irish Legends le Eithne Massey agus é maisithe ag Lisa Jackson.

Is í an scríbhneoir Patricia Nic Eoin a rinne an leagan Gaeilge agus tá aistriúchán bríomhar, soléite déanta aici ar na scéalta.

Seacht gcinn de scéalta atá sa leabhar seo agus rogha de na scéalta is aitheanta i mbéaloideas na hÉireann ann. Tá ‘An Bradán Feasa’ ann, ‘Conas Mar a Fuair Cú Chulainn a Ainm’, ‘Labhraí Loingseach’ agus scéalta eile.

Is deas an leabhar é don bhailiúchán agus tá sé feiliúnach do léitheoirí neamhspleácha idir 8 agus 10 mbliana d’aois.

*Leabhar deas eile ón tsraith seo le hEithne Massey agus Lisa Jackson atá ar fáil ó The O’Brien Press ná Legends of the Cliffs of Moher. Cúig scéal atá ansin agus iad ar fad suite mórthimpeall ar Aillte an Mhothair. Níl sé ar fáil i nGaeilge, áfach.

Scéilíní Scanrúla
Gabriel Rosenstock
Léaráidí le Graham Corcoran
Éabhlóid
Gearrscéalta, leabhar lándaite, €12.00

Tá sé beagáinín luath sa mbliain le bheith ag caint ar scéalta scanrúla agus na bachlóga ag teacht faoi bhláth ar na crainnte. Cén dochar, is dóigh, leabhar a chur i dtaisce anois go dtí aimsir na Samhna.

Leabhar nua atá foilsithe ag éabhlóid é Scéilíní Scanrúla agus é scríofa ag Gabriel Rosenstock agus maisithe ag Graham Corcoran.

Is í an chéad abairt sa chéad scéal: “Bhí cearc againn fadó. Ní raibh aithne mhaith agam uirthi. Dáiríre ní raibh aithne ar bith agam uirthi. B’in an rud a scanraigh mé.”

Tá 31 scéilín sa leabhar agus iad á n-insint i stíl atá an-chosúil le stíl dialainne cé nach dialann amach is amach atá ann. Tá a sheánra nua féin cumtha ag Gabriel Rosenstock, cé eile?

Téann an leabhar ar thuras meidhreach (agus beagáinín craiceáilte) trí ábhair éagsúla ó chearca go poltergeist an Chuinnín.

Bheadh na scéalta go maith don léitheoir óg atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar a scileanna léitheoireachta. Ag deireadh gach scéil, tá ugach ón scríbhneoir mar spreagadh ag an léitheoirí óg leanúint ar aghaidh ag léamh.

Chuir an leabhar seo stíl an leabhair Jimín Mháire Thaidhg i gcuimhne dom, dá mbeadh Jimín suite sa lá atá inniu ann, é ar shiabhrán aigéid agus ar thruip le Spongebob Squarepants.

An Corpán sa Trunc
Eachtraí Réics Carló Uimhir a Trí
Cathal Ó Sándair
An Gúm
Clúdach bog, €9

Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh
Eachtraí Réics Carló Uimhir a Ceathair
Cathal Ó Sándair
An Gúm
Clúdach bog, €9

Tá dhá leabhar eile foilsithe ón tsraith Réics Carló atá á hathfhoilsiú ag An Gúm le deireanas. Is iad na leabhair nua atá ar fáil ná An Corpán sa Trunc (an tríú leabhar sa tsraith) agus Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh (an ceathrú leabhar).

Mar a bhí leis an gcéad dhá leabhar a ndearna An Gúm athchló orthu, tá cóiriú do léitheoirí an lae inniu déanta ar an téacs. Dúrúin dúnmharaithe chlasaiceacha iad a sheasann leis an aimsir. Tá siad feiliúnach do léitheoirí atá os cionn 10 mbliana d’aois.

Fág freagra ar 'Scéalta miotaseolaíochta, scéalta scanrúla agus scéalta dúnmharaithe ar fáil sa Ghaeilge'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    An-mhaith ar fad. Ach nach raibh mé im pháiste arís! :-)