Ní raibh aithne ag Muriel Spark ar chat s’agamsa

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Faigh cat, a mhol Muriel Spark do scríbhneoirí tráth. Ach dar lenár gcolúnaí, bíonn an ghráin ag cait ar an scríbhneoireacht thar aon rud eile

Ní raibh aithne ag Muriel Spark ar chat s’agamsa

‘Má theastaíonn uait díriú go mion ar fhadhb éigin, go háirithe ar phíosa scríbhneoireachta nó a leithéid, ba chóir duit cat a fháil duit féin,’ a dúirt Muriel Spark (1918 – 2006) tráth.

Dar leis an údar iomráiteach sin as Albain, leathnóidh ‘suaimhneas a théann thar thuiscint’ ón gcat, suaimhneas a leathnóidh amach chuig an scríbhneoir féin de réir a chéile agus a chuirfidh ar a chumas siúd a intinn a dhíriú ar an obair atá idir lámha.

Is léir nach raibh aithne ag Muriel Spark ar chat s’agamsa.

Nuair a deirim ‘cat s’agamsa’ ba chóir dom a mhíniú nach liom an cat sin dáiríre. Is le duine de na comharsana í, ach fadó fadó shocraigh sí gurbh fhearr léi cónaí i dteach mo mháthar, agus ós rud é go bhfuil cónaí ormsa sa teach sin anois, is ormsa a thiteann sé doirse a oscailt di nuair is áil léi agus bia a thabhairt di.

Anois díreach tá sí ina suí in aice liom, go fóilleach, ach is léir ón bhféachaint ina súile glasbhuí go bhfuil léim ar mo mhéarchlár á beartú aici – sin, nó éadach mo bhríste spóirt a stróiceadh lena cuid ingne.

Ní raibh aithne agamsa ar chat Muriel Spark, ach i mo thaithí-se ní maith le cait d’aird a bheith ar rud ar bith ach orthu féin, agus ar an gcúis sin bíonn an ghráin acu ar an scríbhneoireacht thar aon rud eile. Sin é an fáth gur maith leo suí idir tú féin agus do scáileán nó, má bhaineann tú úsáid as peann agus páipéar, ar do chóipleabhar.

Bí ar d’airdeall freisin má bhíonn tú ag plé le dréacht clóite: lá breá amháin, nuair nach raibh mé ag breathnú, léim an cat sin agamsa suas ar an mbord ar a raibh eagarthóireacht á déanamh agam ar úrscéal a bhí idir lámha agam. I bhfaiteadh na súl, scaipeadh 239 leathanach an dréachta ar an urlár.

Faigh réidh leis an gcat, a deir tú. Stop ag tabhairt bia di.

Bheadh an comharsa ar leis an cat dáiríre sásta freisin. ‘Ní miste liom go dtéann sí ar cuairt chugat ach nuair a bhíonn sí i dteach s’agatsa ní bheireann sí ar luchóga i dteach s’agamsa.’

Pointe maith, go teoiriciúil, ach tá luchóga sa teach seo freisin agus nuair nach mbíonn an cat ag crónán ar mhaithe léi féin, ag léimt ar an méarchlár nó ag stróiceadh brístí, ní ar thóir luchóg a bhíonn sí ach ar thóir áit le dreas codlata a dhéanamh.

Cinnte, leathnaíonn suaimhneas amach uaithi ag na hamanta sin, leisce a théann thar thuiscint toisc go maireann na dreasanna codlata a dhéanann sí an chuid is mó den lá. Ach faraor géar ní leathnaíonn an suaimhneas sin amach chugamsa, an scríbhneoir, toisc go roghnaíonn sí áiteanna chun codladh a dhéanamh ann atá chomh fada uaimse agus is féidir.

Is léir go bhfuil an dearcadh céanna ag an gcat ormsa agus atá agam uirthise: cuirfimid suas lena chéile chomh fada agus a mbíonn buntáiste éigin le fáil ag an mbeirt againn ón socrú.

I gcás an chait is léir cén buntáiste atá i gceist: bia. Ach cén mhaith domsa an cat?

Aisteach go leor, nuair nach mbím ag scríobh is ea is mó a chabhraíonn an cat le mo chuid scríbhneoireachta. Bíonn an diabhal ar scríbhneoirí a bheith ag plé leis na tograí a bhíonn idir lámha acu ina n-aigne fiú nuair a bhíonn siad ceaptha sos a thógáil on obair, agus ní chun leasa na hoibre sin. Cuidíonn an cat liom dearmad a dhéanamh ar an scríbhneoireacht nuair a bhíonn sé in am a bheith ag spraoi.

Fág freagra ar 'Ní raibh aithne ag Muriel Spark ar chat s’agamsa'

  • Cathal Mac Coille

    Tuigim do chás a Alex. Níl cat agam sa bhaile ach chuir cat a raibh cónaí uirthi in árasán a bhí ar cíos agam i Nua Eabhrach le gairid isteach ar mo scríbhneoireacht ar an gcaoi chéanna. Bhí cíos íseal le n-íoc ar an dá sheomra i mBrooklyn ach beathú an chait agus glanadh ina diaidh mar chuid de.
    Bhí colún do Thuairisc á scríobh agam nuair a thug sí le fios nach gceadódh sí m’ aird leanúnach ar scáileán an ríomhaire. Díreach mar a tharla duitse, léím sí anuas ar an méarchlár. Bhí an t-ádh orm – níor scrios sí ach cúpla abairt, ach rinne sí cúpla iarracht eile teacht idir mé agus mo shaothar.
    Bhí an ceart ag an té a dúirt gur dóigh le cait gur lena gcaoinchead a mhairimíd ina spás.

  • JP

    Mhuise, míchrom oraibh, ná bhí réiteach na faidhbe sin ag an manach úd a scrígh Pangur Bán anallód:
    ceannaigh coinneal agus tabhair ar an gcat í a choinneáil socair daoibh idir a lapaí! Ach fainic thú féin, óir má ráiníonn luch sa chóngar preabfaidh an cat uirthi láithreach.
    Rud a chruthaíonn gur treise dúchas ná oiliúint.