Uaireanta is é an dán is giorra is áille -dhá sheoidleabhar nua filíochta

Léiríonn dhá leabhairín beag gleoite nua nach beag na smaointe ná an áilleacht a bhíonn á n-iompar ag an dán gearr

Uaireanta is é an dán is giorra is áille -dhá sheoidleabhar nua filíochta

I Muinín na nDúl Máire Dinny Wren. Gaoth Dobhair: Éabhlóid, 2025

Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File. Micheál Ó Conghaile a roghnaigh. An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht, 2025

Is leabhairín beag gleoite é I Muinín na nDúl, é níos lú (11 x 13.5 cm) agus níos éadroime ná an fón póca agus níos oiriúnaí i bhfad ná an fón céanna mar chompánach cois leapan san oíche nó i bpóca nó i mála i rith an lae. Cnuasach liricí gearra dúlra atá ann a chuirfeadh liricí dúlra na Sean-Ghaeilge i gcuimhne duit, ach iad scríofa i bhfoirm thrí-líneach thearcshiollach an haiku. Má tá simplíocht agus loime ag baint leis an bhfoirm, tá saibhreas teanga agus saíocht chultúrtha i ngach uile dhán a éilíonn aird agus a spreagann machnamh. Ocht rannóg atá ann, agus is é an chéad cheann, ‘An Choillidh Chraobhach’, is faide, le 28 dán bunaithe ar chrainn dhúchasacha na hÉireann. Díríonn na rannóga eile ar dhúile ar leith (‘Ríocht na nÉan’, ‘Monabhar na mBeach Meala’, ‘Faiche na bhFéileacán’) agus ar mhórshéasúir na bliana (‘Ó Imbolc go Bealtaine’, ‘Ó Bhealtaine go Lúnasa’, ‘Ó Lúnasa go Samhain’ agus ‘Ó Shamhain go hImbolc’).

Cuireann an cnuasach seo le téama suntasach na héiceolaíochta i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Is iomaí scríbhneoir atá tar éis aird a tharraingt ar cheisteanna imshaoil, mar shampla, agus is minic a bhíonn imní á léiriú i dtaobh fadhbanna imshaoil, ar nós dhíothú na bithéagsúlachta. Is é an cur chuige atá ag Máire Dinny Wren ná beatha raidhsiúil na ndúl a chur i láthair an léitheora go heolach agus go healaíonta, agus macallaí staire agus miotaseolaíochta a mhúscailt nuair is cuí. Dearbhaíonn go leor de na dánta an dlúthcheangal idir an bheatha nádúrtha agus scéal agus scéalaíocht an duine, ach fágtar an plé agus an léirmhíniú ar mhionsonraí an ghaoil sin faoi na léitheoirí. Mar shampla:

I nDoire Bheatha
daonán i gcoillidh bheithe
dóibh siúd a stoitheadh…

Crann Thomáis an tSíoda
an crann is sine sa tír –
crann Iúir i Maigh Nuad…

Camán Chú Chulainn
sleánna seilge na gCeilteach
snoite as an fhuinseog…

Tá mórshaibhreas téarmaíochta dúchais sna dánta, agus samhlaím an leabhar ina acmhainn fhíorluachmhar ag múinteoirí na tíre a d’fhéadfadh na peannphictiúir áille a úsáid mar bhunús tionscnamh comhtháite ealaíne agus eolaíochta agus teanga. A leithéid seo, mar shampla, ón rannóg ‘Ó Bhealtaine go Lúnasa’:

Lus míonla ar an riasc
siolastrach ar an tseascann –
bláthanna fiáine faoi bharr blátha

Nóiníní ag maisiú na mainnre
faoi sholas buí na gréine –
páistí ag déanamh slabhra sí

Caisearbháin na mbláth buí
go flúirseach sa gharradh –
dord na mbeach meala

Is seoid eile ón gcomhlacht foilsitheoireachta Éabhlóid an cnuasach seo. Is mór an áilleacht an clúdach snasta le hEimear Ní Thomáin agus cuireann na léaráidí dubh agus bán le Kim Sharkey, a dhealaíonn na rannóga óna chéile, le tarraingteacht an leabhair.

Seoidleabhar eile é an cnuasach Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File, rogha Mhichíl Uí Chonghaile de scothdhánta gearra agus é á fhoilsiú i ndilchuimhne ar Chliodna Cussen agus ar Phádraig Ó Snodaigh. Dánta gearra (níl ceann ar bith níos faide ná dhá líne dhéag) atá againn anseo, agus, cé gur ó 2000 i leith a foilsíodh a bhformhór, tá an rogha bunaithe ar ransú fileata a théann siar go dtí na 1960idí. Admhaíonn Ó Conghaile sa réamhrá gur rogha an-phearsanta atá i gceist, agus míníonn sé a chinneadh gan níos mó ná dán amháin le haon fhile ar leith a fhoilsiú ann. Ní léiriú ar ionad an dáin ghearr i bhforbairt na nuafhilíochta atá sa chnuasach – tionscnamh a d’éileodh cur chuige eile ar fad – ach blaiseadh de shaothar céad file a chleacht foirmeacha gairide filíochta, ó am go chéile ar a laghad.

Is doras a scaoileann an léitheoir isteach i leabharlann na filíochta comhaimseartha Gaeilge é an cnuasach seo. Tá dánta ann le formhór na bhfilí canónda ó aimsir Uí Ríordáin i leith, ach tá dánta den scoth ann freisin le filí cumasacha nach bhfuair go fóill an aird ná an t-aitheantas atá tuillte acu. Tá dánta polaitiúla den chéad scoth sa chnuasach, dánta fealsúnachta, dánta dúlra, dánta báis agus dánta beatha, dánta grinn agus dánta grá agus collaíochta. Tá tráthúlacht ar leith ag baint le dán Andreas Vogel, ‘an t-aonú cogadh domhanda déag is fiche’ (28), ach díol suime na dánta go léir sa chnuasach a théann i ngleic le ceisteanna foréigin agus freagrachta, ina measc an dán álainn máthar, ‘Ró-Óg’ (24), le hÁine Ní Ghlinn, agus na sárdhánta físiúla ‘Nuacht’ (45) le Celia de Fréine agus ‘Mord’ (63) le Gabriel Rosenstock.

Beidh a rogha phearsanta féin ag gach uile léitheoir, ach bhí mé an-sásta ‘Dán’ le Caitlín Maude a fheiceáil i measc an ábhair, dán a léiríonn maíomh an eagarthóra nach beag iad na smaointe a bhíonn á n-iompar ag na dánta gearra:

Dán

Maireamuid ó ló go ló
le ‘móide’ is ‘lúide’
báis is beatha

ní boladh beag é
boladh an bháis
ach is boladh mór é
boladh beatha

tachtadh beag é
tachtadh an bháis
ach is tocht rómhór é
tocht na Beatha

Ach an oiread le leabhar Mháire Dinny Wren, is cnuasach soléite soláimhsithe é Gearr Gonta agus sílim go spreagfaidh na dánta léitheoirí chun dul sa tóir ar a thuilleadh ábhair le filí ar leith. Tá leagan amach agus dearadh an-slachtmhar ar an leabhar agus cuireann an ealaín chlúdaigh theibí le Pádraic Reaney comaoin ar an ábhar.

Más ag pacáil le dul ar saoire atá tú, ba dheacair rogha léitheoireachta taistil níb’ oiriúnaí a mholadh ná an dá leabhar filíochta seo.

Fág freagra ar 'Uaireanta is é an dán is giorra is áille -dhá sheoidleabhar nua filíochta'