Scéal na Normannach agus na mBreatnach roimh ionradh cinniúnach na bliana 1169 ar Éirinn atá á shamhlú ag Diarmuid Johnson in An Cláirseoir.
Is beag scríbhneoir eile a bheadh in ann an scéal seo a scríobh agus cos ag Johnson ar an dá thaobh de Mhuir Éireann.
I ndeisceart na Breataine Bige atá an scéal lonnaithe agus é bunaithe ar na himeachtaí a tharla sular tháinig na Normannaigh go hÉirinn. Rugadh Johnson sa Bhreatain Bheag agus is i nGaillimh a tógadh é, tá PhD aige sa Léann Ceilteach agus is file, scríbhneoir agus ceoltóir é a bhfuil saothar leis foilsithe i nGaeilge, i mBreatnais agus i mBéarla.
“Cén fáth gur tháinig sé ar an saol go dtréigfidís a bhfearann féin is go ngabhfadh siad i gcontúirt thar sáile? Sin é an scéal, an scéal ón taobh eile den chuan, mar a déarfá,” a deir sé.
Tá bunús phlota An Cláirseoir le fáil sna leabhair staire, ach bhí cumadóireacht i gceist le feoil a chur ar chnámha an scéil. Istigh sna seanleabhair Bhreatnaise a fuair Johnson cuid den insint ar na heachtraí roimh an ionradh.
“Is ait an rud é domsa a bheith ag scríobh i nGaeilge ar na hábhair seo. Ar ndóigh, tá an dá theanga agamsa, an Bhreatnais ó dhúchas agus an Ghaeilge, ach ba nós liomsa an dá theanga a choinneáil amach óna chéile.
“Is éard atá ag tarlú anseo ná go bhfuil an Ghaeilge á tabhairt amach as a limistéar féin. Tá muid ag cur le scóip na Gaeilge de bharr í a bheith á labhairt taobh amuigh den tír. Is Breatnais agus Fraincis atá á labhairt acu agus iad ag caint ar Éirinn ach iad i dtír eile. Is rud é sin atá coitianta go leor sna teangacha móra, ach nach bhfuil chomh coitianta céanna i nGaeilge.”
Tá cáil ar Johnson as tríológ úrscéalta bunaithe ar stair agus miotaseolaíocht na hÉireann.
Ba é Conaire Mór – Seacht nDoras na Cinniúna a d’fhoilsigh Leabhar Breac sa bhliain 2017, an chéad leabhar sa tríológ sin, úrscéal ar athinsint é ar scéal ón tSean-Ghaeilge, Tógáil Bruidne Da Derga.
Foilsíodh Tuatha Dé Danann: Seilbh Inse Fódla an bhliain dár gcionn, leabhar ina ndéantar athinsint ar mar a thóg Tuatha Dé Danann seilbh ar Éirinn ó na Fir Bolg.
An leabhar deireanach sa tríológ ina n-insítear scéal bunaidh na hÉireann ná Éadaoin – Seacht Snaidhm na Seirce, ina ndéanann Johnson athshamhlú ar scéal mór grá de chuid na sean-Ghaeilge, Éadaoin agus Midhir.
Spreagadh Johnson leis na húrscéalta sin a scríobh ar dtús mar gur mheas sé nach raibh mórán de scéal na hÉireann inste sa litríocht chomhaimseartha.
“Nuair a bhreathnaím ar litríocht na hathbheochana, deirim nach mórán de scéal na hÉireann atá scríofa fós.
“Cóiríodh na seanscéalta agus cuireadh ábhar ar fáil le haghaidh na scoile, ach ní shílim gur tugadh faoi mar a tugadh faoi litríocht náisiúnta i dtíortha eile. Mar a tugadh faoi scéal na tíre i dtíortha ina bhfuil an litríocht láidir iontu, sílim nár tharla sé sin in Éirinn fós.”
Chaith Johnson os cionn fiche bliain le léann na Sean-Ghaeilge agus tá eolas domhain aige ar an ábhar, cé go n-aithníonn sé gur ábhar an-deacair atá ann, agus nach bhfuil i go leor de ach sleachta agus blúiríní. Iarracht a bhí sna húrscéalta staire atá scríofa aige ar chuid de na bearnaí a líonadh agus na scéalta a chur ar fáil ar bhealach comhaimseartha do léitheoirí an lae inniu, a deir sé.
“Céard a tharlódh do litríocht mhór na Gaeilge mura mbeadh na bearnaí sin ann? Céard a tharlódh do litríocht na Gaeilge murach an mí-ádh, agus cúrsaí na staire? Cuir i gcás, dá dtagadh forbairt ar litríocht na Gaeilge sa seachtú haois déag…
“Mar sin is gníomh samhlaíoch atá ann ar an gcaoi sin, ó tharla go ndeachaigh an litríocht i léig, an seanchultúr i léig, faoi thionchar na polaitíochta. ”
Pléann An Cláirseoir le tréimhse ceithre scór bliain inar tháinig athrú cinniúnach ar an saol in Éirinn.
“Na cláirseoirí sa tréimhse sin, bhí seans acu a bheith chomh fadsaolach sin mar nach raibh siad ag sclábhaíocht ná ag plé leis an trodaíocht.
“Theastaigh duine uaim a chonaic na himeachtaí ó thús go deireadh. Leaid óga atá ann ag tús an leabhair agus tá sé ina sheanfhear ag deireadh an leabhair.”
Bua eile a bhí ag an gcláirseoir mar scéalaí ná gur theastaigh ó Johnson go mbeadh sé istigh sna háiteanna ina mbeadh an chaint ar siúl.
“Bhíodh sé ag ceol sna caisleáin, ach bhí sé ag cúléisteacht freisin. Áit ar bith a raibh rud á rá i gcogar, bhí cluas ar an gcláirseoir agus bhí sé in ann rud ar bith a bhí á rá a thabhairt leis.”
Doras isteach do léitheoirí an lae inniu atá sa cheol freisin, a deir Johnson, le saol agus domhan na tréimhse a thuiscint.
“Tá leanúnachas ansin, bíodh is gur scéal é atá bunaithe sa mheánaois, fós féin tá cosúlachtaí aige le cuid den saol a thuigeann muid féin. Gur bealach leis an doras a oscailt don léitheoir atá ann,” a deir sé.
Cluain Sceach
Treise leis!