CULTÚR: Oíche Chultúir 2026, glaoch ar iarratais, Aerach Aiteach Gaelach ag ILFD, Maidineacha caife STEM agus Gaeilge

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

CULTÚR: Oíche Chultúir 2026, glaoch ar iarratais, Aerach Aiteach Gaelach ag ILFD, Maidineacha caife STEM agus Gaeilge

FÉILTE

Aerach Aiteach Gaelach ag Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath

Beidh ceardlann filíochta dhátheangach á cur ar bun ag Aerach Aiteach Gaelach mar chuid de chlár imeachtaí Fhéile Litríochta Bhaile Átha Cliath ar an 18 Bealtaine. An scríbhneoir Seirce Mhac Conghail a bheidh i mbun an tseisiúin, ag tarraingt ar thaithí ag scríobh filíochta agus ag eagarthóireacht. Tá an t-imeacht dírithe ar dhaoine fásta agus ar scríbhneoirí atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge chruthaitheach a fhorbairt i dtimpeallacht oscailte chairdiúil.

Beidh an t-imeacht seo ar bun ar an Luan an 18 Bealtaine ag 6pm i The Workshop Hub agus táille €20/18 atá air.

 

Maidin Chaife STEM agus Gaeilge

Tá an teacht le chéile neamhfhoirmeálta seo in Ollscoil na Gaillimhe dírithe ar dhaoine atá ag obair nó ag déanamh staidéir sna réimsí STEM agus ar mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid ina saol gairmiúil. Beidh deis ann plé a dhéanamh ar théarmaíocht, gramadach, smaointe taighde agus deiseanna comhoibrithe i suíomh sóisialta suaimhneach. Reáchtálfar na cruinnithe seo go míosúil in Ollscoil na Gaillimhe.

Beidh an chéad teacht le chéile eile ar bun Déardaoin an 14 Bealtaine ag 11am sa Chlub Foirne sa Quad in Ollscoil na Gaillimhe.

Lá Eolais do Scannánóirí – Clár Faisnéise STEM as Gaeilge

Tá Lá Eolais á reáchtáil in Ollscoil na Gaillimhe do scannánóirí ar spéis leo páirt a ghlacadh i gcoimisiún nua ó Science on Screen, i gcomhar le CÚRAM agus Ardán. Tá maoiniú €40,000 ar fáil chun clár faisnéise STEM as Gaeilge a léiriú. Beidh deis ag rannpháirtithe bualadh le taighdeoirí agus smaointe a phlé don tionscadal ag an ócáid seo a bheidh ar bun san ollscoil ar an 15 Bealtaine.

SÓISIALTA

Oícheanta Ólaíochta Pint of Science as Gaeilge

Den chéad uair, beidh imeachtaí Gaeilge mar chuid den fhéile idirnáisiúnta ‘Pint of Science’. Beidh na himeachtaí ar siúl i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Indreabhán agus cathair na Gaillimhe. Tá na cainteanna dírithe ar an lucht féachana ginearálta agus beidh réimse leathan ábhar STEM á phlé ag cainteoirí éagsúla.

Beidh an fhéile Pint of Science ar bun ón 18-21 Bealtaine. Tá tuilleadh eolais anseo.

TEILIFÍS

Mo Shaol Do Shaol, sraith nua ar Cúla4

Déanann an tsraith nua Mo Shaol Do Shaol ceiliúradh ar éagsúlacht chultúrtha na hÉireann trí shúile páistí ó chúlraí éagsúla. I ngach eipeasóid, babhtálann beirt pháistí a saol lena chéile agus fiosraítear a gcultúir, a dtraidisiúin agus a saol laethúil trí mheán na Gaeilge. Craoladh an chéad chlár sa tsraith ar an 6 Bealtaine ar Cúla4 agus ar Cúla4.com an tseachtain seo agus beidh sé á chraoladh gach Céadaoin agus Aoine ag 6.30pm. Craoltar leagan ISL ag 1.45pm

Tuilleadh eolais anseo.

CULTÚR

Oíche Chultúir 2026 – glaoch ar Iarratais

Tá An tOireachtas, i gcomhpháirt le hOíche Chultúir, ag lorg iarratas anois d’imeachtaí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht d’Oíche Chultúir 2026. Tá fáilte á cur acu roimh thograí sna taibhealaíona, damhsa, ceol, amharcealaíona, ceardaíocht, litríocht, turais, oidhreacht agus scannán, chomh maith le réimsí eile. Beidh Oíche Chultúir 2026 ar siúl Dé hAoine an 18 Meán Fómhair, agus seo an 21ú bliain ag an imeacht náisiúnta.

Is é an 10 Meitheamh an sprioclá d’iarratais. Foirm Iarratais Oíche Chultúir 2026.

Seachtain na Rothar ar fud na tíre

Beidh Seachtain na Rothar ar siúl idir an 9 agus an 12 Bealtaine le himeachtaí agus feachtais ar fud na tíre ag spreagadh daoine chun rothaíocht a dhéanamh níos minice. Tá béim ar iompar inbhuanaithe, sláinte agus spraoi pobail, le gníomhaíochtaí do gach aoisghrúpa. Beidh acmhainní agus imeachtaí ar líne mar chuid den chlár freisin.

Beidh Seachtain na Rothar ar bun ón 9- 12 Bealtaine. Tuilleadh eolais ag Bike Week Ireland.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Oíche Chultúir 2026, glaoch ar iarratais, Aerach Aiteach Gaelach ag ILFD, Maidineacha caife STEM agus Gaeilge'