An Mhí beagnach curtha go tóin poill ag míthuiscint, tábhacht na gciceanna amach agus Áth Cliath róstuama

Caitheann Tuairisc súil siar ar chuid de na gnéithe ba shuimiúla ó bhabhtaí ceathrú ceannais peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite

An Mhí beagnach curtha go tóin poill ag míthuiscint, tábhacht na gciceanna amach agus Áth Cliath róstuama

Pictiur: ©INPHO/James Crombie

Tábhacht na gciceanna amach léirithe arís

Dá gcuirfí ceist cé hé an cúl báire is fearr sa tír, bheadh mórán ann a mholfadh Shaun Patton Dhún na nGall agus Ethan Rafferty Ard Mhacha. Chonacthas an bheirt, Rafferty agus Patton, faoi bhrú ollmhór ag an deireadh seachtaine agus léargas eile tugtha ar cé chomh tábhachtach is atá sé seilbh a bhuachan ón gcic amach.

Tráthnóna Dé Sathairn, bhí an-rath ar Mhuineachán sa gcéad leath agus iad ag iarraidh seilbh a fháil ar chiceanna amach Dhún na nGall. Nuair a bhí an liathróid á ciceáil amach ag Patton, chuir Muineachán ceathrar trasna na líne lántosaithe chun a chinntiú nach mbeadh sé in ann dul gearr, cuireadh ceathrar eile i líne thart ar 20m eile siar chun an chuid sin den pháirc a líonadh agus ceathrar eile ansin trasna lár na páirce chun dul san iomaíocht i gcomhair na gciceanna níos faide.

Dfhág sin gur dheacair do Patton na pócaí beaga spáis idir na línte a aimsiú. Tháinig pointe ag Micheál Bannigan do Mhuineachán théis deich nóiméad ó chic a chuir Patton thar an taobhlíne ar thaobh Ardáin Uí Ógáin agus fuarthas toradh níos fearr ceathrú uaire ina dhiaidh nuair a chuaigh cic eile ó Patton ar strae agus cúl aimsithe ag Bannigan a chuir Muineachán ceithre phointe chun tosaigh.

D’fhág an chaoi gur thit Muineachán as a chéile sa dara leath nár éirigh leo an brú céanna a chur ar chiceanna amach Patton ach, lena cheart a thabhairt d’fhear Naomh Adhamhnáin, léirigh sé teacht aniar chun rudaí a chur ina gceart arís chomh maith.

Cé gurb as a chumas peile is mó atá moladh faighte ag Ethan Rafferty i mbliana agus é ag dul i bhfeidhm ar imirt Ard Mhacha nuair a thagann sé amach ón gcúl, tá ciceanna amach maithe aige freisin ach, arís, d’éirigh le Ciarraí an ceann is fearr a fháil air féin agus a fhoireann Dé Domhnaigh.

Mar a bhí Muineachán, bhí Ciarraí réitithe go maith chun seilbh a bhuachan ó chiceanna amach Ard Mhacha agus bhí tionchar ollmhór aige sin ar an gcluiche. Ba é cumas scórála na Ríochta a chuaigh i bhfeidhm ar go leor daoine sa tréimhse sin sa dara leath nuair a d’aimsíodar 14 pointe as a chéile ach ba é cumas na gCiarraíoch seilbh a bhuachan ó chiceanna amach Rafferty a chinntigh go raibh siad in ann ceannas iomlán a fháil ar an gcluiche. Rinneadh an-chuid cainte faoi na himreoirí nach mbeadh ag Ciarraí i lár na páirce ach bhí Joe O’Connor, Mark O’Shea agus Seán O’Brien ar fheabhas sa tréimhse sin agus le linn an chluiche ar fad.

Is ó droch-chic amach a tháinig cúl Ard Mhacha sa gcéad leath ach faoi dheireadh an chluiche, ní raibh aon amhras cén fhoireann ab fhearr ar éirigh leo i dtaobh na gciceanna amach.

Seán Rafferty na Mí i ndiaidh an chluiche. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

An Mhí beagnach curtha go tóin poill ag míthuiscint

Jordan Morris a roghnaíodh mar laoch na himeartha i ndiaidh bhua iontach chontae na Mí ar Ghaillimh Dé Domhnaigh agus is beag duine nár aontaigh leis an gcinneadh. Bhí 1-6 aimsithe ag an tosach agus cosaint na Gaillimhe céasta aige, go háirithe sa dara leath. Is cinnte go raibh Matthew Costello, leathbhádóir Morris i measc na dtosaithe, san áireamh don duais chomh maith agus cúig phointe aimsithe aige ach, in ainneoin ghaiscí na beirte, d’fhéadfadh gur fear ar an taobh eile den pháirc an t-imreoir ba thábhachtaí a bhí ag foireann na Mí.

Baineadh an lánchúlaí Seán Rafferty den pháirc théis 56 nóiméad agus an chuma ar an scéal go raibh gortú ag cur as dó. Ghéill bainisteoir na Mí Robbie Brennan i ndiaidh an chluiche go raibh “míthuiscint” ann agus go raibh Rafferty in ann leanúint ar aghaidh ag imirt agus cuireadh chun páirce arís é sa 60ú nóiméad.

An fhadhb a bhí ann ná go raibh 2-3 aimsithe ag Gaillimh sa gceithre nóiméad a bhí Rafferty imithe den pháirc agus curaidh Chonnacht imithe trí phointe chun tosaigh. Ar an dea-uair don Mhí, ní bhfuair Gaillimh ach dhá scór eile sna deich nóiméad a bhí fanta agus Rafferty ar ais ag imirt agus gaiscí Morris agus Costello sna tosaithe ag déanamh cinnte de gur bhain na Laighnigh áit i gcluiche leathcheannais na hÉireann amach den chéad uair ó 2009.

Áth Cliath ag iarraidh a bheith róstuama

Bhí 33:43 ar an gclog ag deireadh an chéad leatha i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn nuair a chroch Brian Howard, agus seilbh aige ar an liathróid, a dhorn san aer mar chomhartha dá chomrádaithe ar fhoireann Átha Cliath.

Ba léir do chách céard a bhí ar intinn ag Howard agus é ag moladh dá chéilí imeartha go gcoinneofaí seilbh ar an liathróid go dtí go mbeadh an bonnán séidte agus go dtabharfaí faoi iarracht ar scór ansin. Agus Áth Cliath agus Tír Eoghain ar comhscór ag an am, 0-10 an taobh, bhí ciall leis an smaoineamh a chinntiú nach mbeadh deis scórála eile ag an bhfreasúra roimh an mbriseadh.

D’éirigh le hÁth Cliath an chéad chuid den phlean a chur i gcrích gan mórán stró agus seilbh coinnithe ar an liathróid go dtí gur séideadh an bonnán le pléasc. Tar éis dó nóiméad go leith a chaitheamh ag sodar anonn agus anall ar an bpáirc, is ag an bpointe sin a d’imigh Ciarán Kilkenny de ráib. Bhí suas le seisear de thosaithe Átha Cliath tar éis bailiú sa gcearnóg bheag os comhair an chúil, rud a d’fhág go raibh spás timpeall ar an stua 40m agus d’éirigh le Kilkenny deis a chruthú do Sheán Bugler. Is beag a bhí déanta ag Bugler go dtí sin, áfach, agus níor éirigh leis an uair seo ach an liathróid a bhualadh faoi Sheánie McDonnell agus an deis caillte. Níos measa ná sin, bhuaigh Tír Eoghain seilbh ar an liathróid, d’imíodar ar an bhfrith-ionsaí agus d’éirigh le Darren McCurry scór deas a fháil chun Tír Eoghain a chur chun cinn ag leath ama, 0-11 in aghaidh 0-10.

Ní raibh déanta ag Áth Cliath ach botún sách beag ach léiriú a bhí sa ngluiseacht sin ar na deacrachtaí a bhí acu i gcaitheamh an chluiche. Is ag iarraidh a bheith ró-stuama agus ró-stiadéarach a bhí Áth Cliath amanta Dé Sathairn. Chuir foireann Dessie Farrell deich gcinn d’iarrachtaí amú sa gcéad leath in aghaidh Thír Eoghain agus bhí an chuma ar an scéal gur chuir sé sin isteach orthu sa dara leath agus imreoirí gan a bheith ag iarraidh dul sa seans le hiarrachtaí sa dara leath agus iad ag brath an iomarca ar leithéidí Ciarán Kilkenny nó Con O’Callaghan chun ceannaireacht a léiriú.

Fág freagra ar 'An Mhí beagnach curtha go tóin poill ag míthuiscint, tábhacht na gciceanna amach agus Áth Cliath róstuama'