“Who is this guy Marty Walsh? Boston should get a proper Mayor.” Bhí teas agus brothall san aer i mBoston i Lúnasa na bliana 2015. Bhí sé ina chogadh dearg sa bpolaitíocht; Marty Walsh agus Donald Trump. Bhí Walsh, ar de bhunadh Ghaeltachta Chonamara a mhuintir, ina Mhéara sa gcathair san am sin agus bhí Trump ag fiach ar an Uachtaránacht sna Státaí. Ceist na gcathracha tearmainn a tháinig idir iad.
Is iomaí cor agus casadh sa saol agus d’fhéadfadh go mbeadh caibidil eile fós sa gcaidreamh idir an tUachtarán Trump agus Marty Walsh. Níl a fhios an mbeadh an babhta seo chomh teasaí le himeachtaí Lúnasa deich mbliana ó shin; sé an cluiche haca a d’fhéadfadh a bheadh i gceist an iarraidh seo, nó an pholaitíocht a bhaineann leis an spórt sin.
Saol eile a bhí ann in 2015.
Caint a chaith Trump agus é ag cáineadh cathracha tearmainn a chuir olc ar an Méara Walsh. Ba chathair láidir tearmainn í Boston agus bhí Walsh ag iarraidh gur mar sin a d’fhanfadh sí. Bhí port eile ag Trump, bhíothas ag tabhairt faoiseamh agus dídean do choirpigh agus do leisceoirí a bhí ag maireachtáil ar an gcóras íocaíochtaí sóisialta, a deir seisean.
Sheas Marty Walsh talamh do Bhoston agus do dhaoine a bhí ag iarraidh stádas dlí sna Státaí. Thabharfaí tearmann dóibh i mBoston.
Ó shin i leith, ar ndóigh, toghadh Donald Trump faoi dhó ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. I gcás Marty Walsh, chaith sé dhá bhliain mar Rúnaí Saothair Stáit Aontaithe Mheiriceá i rialtas an Uachtaráin Biden. D’fhág sé an post sin nuair a tairgeadh post dó mar Phríomhfheidhmeannach ar Chumann Imreoirí Gairmiúla Haca [Oighir] na Stát Aontaithe agus Cheanada ar phá atá os cionn $3 billiún sa mbliain. D’fhág sin go raibh Trump agus Walsh imithe ar mhalairt slí agus ní raibh aon chúis ann go gcasfaí ar a chéile aríst iad.
Sin nó go raibh comhrá idir an tUachtarán Trump agus Uachtarán Putin na Rúise cúpla mí ó shin.
Bhain an comhrá teileafóin sin, a mhair os cionn dhá uair an chloig, le ceist na hÚcráine. Ach, tá eolas ligthe amach nach raibh sna ráitis oifigiúla ag an am sin – rinneadh roinnt cainte idir an bheirt faoin haca freisin.
Is cosúil gurb é an haca an spórt is gaire do chroí Putin. De réir scéil, dúirt sé le Trump go mba dheas an rud é go n-imreofaí sraith cluichí idir imreoirí as na Stáit Aontaithe agus imreoirí as an Rúis. Is cosúil go dtaitníonn an haca le Trump freisin agus bhí sé báúil don mholadh, de réir leagan na Creimile den scéal.
Mar a tharla sé, bhí an haca oighir go mór i gceist sna Státaí agus i gCeanada i dtús na bliana seo freisin agus comórtas ceithre náisiún ar bun i Montréal agus i mBoston. Ceanada, na Stáit Aontaithe, an Fhionlainn agus an tSualainn na ceithre fhoireann a bhí páirteach ann. D’imir chaon fhoireann na foirne eile uilig sa gcéad babhta agus ba iad Ceanada agus na Stáit Aontaithe a cáilíodh le haghaidh an chluiche ceannais.
Is léir go raibh baint nach beag ag Príomhfheidhmeannach Chumann na nImreoirí Haca, Marty Walsh, le heagrú an chomórtais sin. Cuireadh suim mhór sa gcomórtas agus cuid den bhuíochas as sin ag dul don Uachtarán Trump.
Rinne Trump teagmháil phearsanta le foireann na Stát Aontaithe agus é ag guí gach rath orthu.
Ba é sin an t-am a raibh Trump ag fógairt gur mhaith leis smacht a fháil ar Cheanada. Rinne an lucht féachana i Montréal na gártha díspeagtha ar amhrán náisiúnta na Stát Aontaithe (bhí bua ag na Stáit Aontaithe sa réamhchluiche). I mBoston a bhí an cluiche ceannais idir Ceanada agus na Stáit Aontaithe agus ní bhfuair amhrán náisiúnta Cheanada éisteacht chiúin ach an oiread. Bhuaigh Ceanada an comórtas in am breise.
Tá an méid sin thart ach céard faoi smaointe Putin agus cluichí idir na Státaí agus Meiriceá?
Níor dhúirt oifigigh shinsearacha an Chumainn Haca sna Státaí ach nach raibh a fhios acu tada faoi seo. Tá riar imreoirí as an Rúis ar na foirne móra haca sna Stáit Aontaithe. Ach níl deis imeartha idirnáisiúnta acu mar gur chuir an eagraíocht dhomhanda haca cosc ar an Rúis i gcluichí idirnáisiúnta nuair a rinneadh an t-ionsaí ar an Úcráin in 2022. Idir an dá linn, tá Comórtas don Chorn Domhanda in 2028 á thosú agus is léir go bhfuil baint mhór ag obair Mharty Walsh leis sin. Labhair Walsh faoi seo uilig le gairid.
“Ba bhreá liom imreoirí na Rúise a fheiceáil ar ais sna comórtais idirnáisiúnta,” arsa seisean. “Is iad an togha iad ar pháirc imeartha an haca. Ní eagraíocht pholaitiúil muide. Ach tá an cosc seo fite fuaite le saol mór na polaitíochta.
“Tá súil agam go mbeidh athrú chun feabhais ar an saol agus go mbeidh deis imeartha ag na Rúisigh ach a sroichfidh muid na Cluichí Oilimpeacha agus comórtais idirnáisiúnta.”
Anois, má tharlaíonn sé go dtarraingeoidh Putin an cluiche haca seo anuas aríst agus Trump ina leathbhádóir aige – agus an saol a bheith mar atá sé – cén chaoi a dtabharfaidh Cumann Haca na Stát Aontaithe agus Cheanada freagra orthu?
An bhfeicfear cath eile idir Marty Walsh agus Donald Trump – nó an mbeidh siad ar an bhfoireann chéanna an iarraidh seo?
Fág freagra ar 'Marty Walsh, Donald Trump, Vladimir Putin agus an haca'