Duan Aimhirgin agus an agóid san ardchathair in aghaidh na n-ionad sonraí

Bhí cúpla míle duine i mbun agóide i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite in aghaidh na n-ionad sonraí

Duan Aimhirgin agus an agóid san ardchathair in aghaidh na n-ionad sonraí

Rinneadh leagan Béarla de Duan Aimhirgin, a scríobhadh na cianta ó shin, a aithris os comhair na Dála an Satharn seo caite ag agóid i gcoinne ionaid sonraí a bhí ar bun san ardchathair.

Níos luaithe agus an slua de thart ar dhá mhíle duine ag siúl ón nGairdín Cuimhneacháin ar Chearnóg Pharnell chomh fada le Sráid Molesworth gar don Dáil, ardaíodh an bhéic, “Whose water? Whose energy? Whose land?” agus tháinig an freagra ar ais ó lucht na hagóide, “Our water, our energy, our land”.

Agus bhí cúrsaí uisce, fuinnimh agus talaimh ar na príomhchúiseanna a raibh daoine tagtha ó áiteanna go leor timpeall na tíre lena míshuaimhneas, a n-imní agus a bhfearg maidir le hionaid sonraí a chur in iúl don rialtas agus d’údaráis eile. Bhí lucht na hagóide ag iarraidh go gcuirfí moratorium i bhfeidhm ina dtaobh, sé sin go gcuirfí cosc dlíthiúil ar ionaid sonraí a thógáil ar feadh tréimhse ama faoi leith.

Bhí mórshiúl an tSathairn ar cheann de 110 agóid eile a bhí ar bun timpeall na hEorpa, a thug Rosi Leonard ón eagraíocht Cairde na Cruinne le fios agus í ag labhairt don slua ó ardán a bhí feistithe os comhair na Dála.

I measc an tslua bhí daoine a thaistil as contaetha Lú, Chill Mhantáin agus an Chláir agus iad buartha faoi ionaid sonraí atá á dtógáil nó atá le tógáil ina gceantair. Bhí slua ann as Co Chill Dara agus cláir á n-iompar acu ag fógairt ‘Níl fáilte roimh ionaid sonraí i Nás na Ríogh’.

Ar chuid de na fógraí eile a bhí le feiceáil le linn na hagóide bhí tagairtí don Intleacht Saorga agus cúrsaí fostaíochta, don ghéarchéim aeráide agus don ardú suntasach atá tagtha ar an gcostas maireachtála. Ó am go ham, freisin, glaodh amach, ‘Fund our futures, not their wars’. Bhí baill den Chomhaontas Glas, de Phobal Seachas Brabús agus de na Daonlathaithe Sóisialta i láthair ar an Satharn chomh maith.

Is foirgnimh iad ionaid sonraí ina bhfuil ríomhairí agus gairis eile a dhéanann stóráil agus próiseáil ar shonraíocht agus a dháileann í. Oibríonn siad amhail córas comhad agus tádar riachtanach ionas go bhfeidhmeodh an t-idirlíon agus an Intleacht Shaorga.

An féidir breis cumhachta a sholáthar d’ionaid stórála faisnéise gan cur isteach ar riachtanais eile?

Sa ghnáthshaol, mar shampla, baintear úsáid as na hionaid seo nuair a úsáidtear aip ar fhón cliste; nuair a dhéantar sruthlú ar Netflix agus ar sheirbhísí dá leithéid; nuair a sheoltar ríomhphost nó teachtaireacht ar WhatsApp nó ar aon chóras eile agus nuair a thógtar grianghraf.

Ní gá go mbeadh ionad sonraí ar leac an dorais ag duine go gcloisfeá faoi le tamall anuas mar gur tarraingíodh aird idirnáisiúnta orthu le gairid.

An mhí seo caite, tuairiscíodh i nuachtán an Guardian (agus i bhfoinsí nuachta go leor eile) gur thug na húdaráis sa bhFionlainn (áit ina bhfuil 147 ionad sonraí ann faoi láthair (de réir an tsuímh idirlín Data Center Map.com) ordú don chomhlacht Google stop a chur le mórionad a thógáil gar don bhaile Muhos i dtuaisceart na tíre sin tar éis dóibh 250,000 crann a leagan go mídhleathach ar shuíomh 815 acra.

Agus ní san Eoraip amháin atá ionaid sonraí agus an Intleacht Saorga i mbéal an phobail. Tá go leor de mhuintir na Stát Aontaithe ag cur ina gcoinne chomh maith. Léiríodh sin sna toghcháin lár téarma nuair a d’éirigh go maith le hiarrthóirí atá ar son moratorium ina dtaobh.

oplus_32

Thagair go leor de na cainteoirí a labhair Dé Sathairn don bhrú atá ionaid sonraí a chur ar an soláthar leictreachais agus an tionchar atá acu ar chostas an leictreachais don ghnáthchustaiméir.

I mí Iúil seo caite, thug an Phríomh-Oifig Staidrimh le fios gur úsáid ionaid sonraí 23% den leictreachas ar fad a úsáideadh in Éirinn in 2025. Seo an céatadán is airde ar domhan. Agus is ardú é ó 22% in 2024 agus ó 5% in 2015. Measann Eirgrid go bhféadfadh an céatadán sin ardú go 30% faoin mbliain 2030.

Dúradh freisin ar an Satharn nach bhfuil na hionaid seo ach ag íoc leath an méid in aghaidh an aonaid leictreachais is atá tomhaltóirí eile.

Labhair feachtasóirí as Droichead Átha, as Inis agus as an Nás faoi na constaicí a cuireadh sa mbealach orthu agus iad ag cur i gcoinne ceadanna pleanála d’ionaid sonraí. Tá trédhearcacht de dhíth maidir le cúrsaí pleanála agus ionaid sonraí, a dúradh.

Tá ionaid sonraí ag cur go mór le hastaíochtaí carbóin na tíre, a dúradh, agus beidh seo ag dul in olcas toisc go bhfuil stáisiúin leictreachais gásbhreoslaithe á dtógáil go speisialta le freastal ar na mórionaid is déanaí atá ar na bacáin. Sin atá i gceist i gcás ionad atá le tógáil i nDroichead Átha, a dúirt feachtasóir ón mbaile sin.

Cá mhéad crann a leagadh chun an cheist fhánach sin ar AI a fhreagairt?

Tuairiscíodh ar an suíomh seo mí Eanáir seo caite go raibh plean foilsithe ag an rialtas inar gealladh go méadófaí an soláthar iomlán leictreachais chun freastal ar ionaid sonraí agus ar mhórthionscail eile. Tugtar le fios san alt céanna go raibh cosc ar thógáil ionaid nua i bhfeidhm ón mbliain 2021 ach gur chuir an Coimisiún um Rialáil Fóntais deireadh leis sin i mí na Nollag seo caite.

Anois ceadófar ionaid nua má fhaigheann siad 80% dá gcumhacht leictreach ó thograí nua in-athnuaite. Tá sé bliana acu leis an sprioc sin a bhaint amach. Tá eolas fiúntach go leor eile san alt sin, a scríobh Cathal Mac Coille, agus a foilsíodh ar an 17 Eanáir.

Ag agóid an tSathairn seo caite, cháin an feachtasóir Colin Doyle as Inis an rialtas agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an EPA) go láidir mar go bhfuil ag teip ar an tír seo a spriocanna maidir le hastaíochtaí carbóin agus an ghéarchéim aeráide a bhaint amach.

oplus_32

Tá dlúthbhaint ag forbairt na hIntleachta Saorga leis an mborradh mór atá tagtha ar thógáil ionaid sonraí le blianta beaga anuas. Agus í ag labhairt ar an Satharn, thug Jennie Stephens, atá ina hollamh le ceartas aeráide in Ollscoil Mhá Nuad, le fios gurb í an earnáil tríú leibhéal is mó atá ag baint úsáid as an Intleacht Shaorga sa tír. Cruthóidh sin éileamh as cuimse ar bhreosla iontaise, a dúirt sí.

Tá uisce riachtanach le teocht na n-ionad seo a choinneáil faoi smacht. Dúradh in alt a d’fhoilsigh The Journal an Meitheamh seo caite gur úsáid na hionaid sonraí is mó sa tír beagnach billiún lítear d’uisce in 2025. Sin thart ar an méid uisce a úsáideann 20,500 duine (nó daonra Shligigh) in aghaidh na bliana.

Níl sé chomh éasca sin teacht ar eolas cruinn faoi líon na n-ionad sonraí sna 26 contae. Ar an suíomh idirlín Selectra, tugtar le fios go raibh 107 ionad ag feidhmiú ann i lár na bliana 2026 agus gur i gcathair is i gcontae Bhaile Átha Cliath atá a bhformhór mór. Tá tuilleadh á dtógáil agus tá ceadanna pleanála á lorg do chinn eile.

Cibé líon acu atá ann, bhí lucht na hagóide ar an Satharn ar aon fhocal go bhfuil i bhfad an iomarca acu sa tír le freastal ar ár riachtanais. Is ag freastal ar riachtanais thíortha eile atádar, a maíodh.

oplus_32

Bhí grúpa as Cill Mhíodáin i gCo Phort Láirge i láthair ag an agóid chomh maith. I mí Dheireadh Fómhair i mbliana, dhiúltaigh Comhairle Cathrach agus Chontae Phort Láirge cead a thabhairt trí cinn d’ionaid sonraí a thógáil ar shuíomh sa gceantar ina mbíodh monarcha cáise. Bhí stáisiún leictreachais gásbhreoslaithe, chomh maith le heagar fótavoltach le cumhacht a ghiniúnt ón ngrian, mar chuid den bhforbairt sin.

Agus seo á scríobh, bhí tuairisc ar Nuacht an Deiscirt ar Raidió na Gaeltachta gur mhaígh an Feisire Eorpach Billy Kelleher, ó Fhianna Fáil, agus é ag tagairt do mhuintir Chill Mhíodáin a bheith i mbun agóidíochta, nach iad na hionaid sonraí an fhadhb. Ár dteip mar thír fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta a sholáthar ar scála cuí an fhadhb, a mhaígh sé. Is gá a aithint go bhfuil na hionaid nua seo de dhíth, a dúirt Kelleher. Is cur i gcéill ligint orainn nach bhfuil, a dúirt sé.

Sí an file óg Clíodhna Bhreatnach, as Port Láirge, a d’aithris leagan Béarla de na línte ó Dhuan Aimhirgin os comhair na Dála agus agóid an tSathairn ag teacht chun críche.

Cé hé a mhíníos clochar sléibhe?

Cé hé a áirmhíos trátha éasca?

Cé dó is eol cá bhfuineann grian?

Fág freagra ar 'Duan Aimhirgin agus an agóid san ardchathair in aghaidh na n-ionad sonraí'