D’fhoilsigh an rialtas plean Dé Máirt inar gealladh go méadófaí an soláthar iomlán leictreachais chun freastal ar lárionaid sonraí agus ar mhórthionscail eile.
Dúirt an tAire Fiontar Peter Burke agus an plean á sheoladh aige gur mian leis an rialtas athrú digiteach agus athrú glas a chur i gcrích in éineacht.
Ní beag ceachtar dúshlán. Ní beag ach oiread an t-amhras a spreag an plean. Go háirithe agus an brú as cuimse a chuireann lárionaid sonraí ar chumas an ghréasáin chumhachta freastal orthu agus ar thograí tábhachtacha eile – tithíocht go háirithe.
Tá caiteachas €19 billiún ón státchiste agus ó fhoinsí príobháideacha ar fhorbairt an chórais ghiniúna beartaithe de réir an phlean, ach ní léir cén sciar den chostas a íocfaidh an stát agus gnáth-úsáideoirí leictreachais.
Tá cíoradh ar idir an méid eolais atá ar fáil agus agus an méid eolais atá de dhíth sna ceisteanna a leanas agus san iarracht iad a fhreagairt.
Tabhair dom sainmhíniú simplí i dtosach le do thoil ar ‘lárionad sonraí’ nó ‘ionad sonraí’, agus ar an ábhar a bhíonn á stóráil iontu.
Is foirgneamh é lárionad sonraí ina bhfuil scata ríomhairí móra atá ag freastal ar ríomhairí eile.
Is cruinne an focal Laidine ‘data’ (mar a úsáidtear é i ‘data centres’ an Bhéarla) ná ‘sonraí’ mar chur síos ar an ábhar a chuirtear sna ríomhairí sin.
Úsáidtear na ríomhairí chun faisnéis den uile chineál a stóráil. San áireamh: faisnéis rialtais agus gnó, córais chuntasaíochta, gréasáin ríomhphoist, taiscí scannáin agus ardáin cheoil, ar nós Netflix agus Spotify, ábhar den uile chineál ar YouTube agus Google (9.5 milliún cuardach gach nóiméad), ábhar cartlainne, grianghraif, cáipéisí agus córais earraí a dhíol agus a cheannach chomh maith le gréasáin na meáin sóisialta cosúil le Facebook, X agus TikTok.
Is deacair smaoineamh ar ghné ar bith de shaol na linne seo nach bhfuil fréamhaithe sna lárionaid sonraí. Mar shampla, ní fhéadfaí an colún seo ná ábhar ar bith ar Tuairisc.ie a fhoilsiú agus ní fhéadfá-sa a léitheoir dhil é a léamh gan leas a bhaint as ábhar a chuirtear trí scata lárionad sonraí.
Fan ort, nach dtugann na gréasáin fhaisnéise le fios gur féidir ár ngrianghraif agus gach ábhar eile a stóráil thuas i ‘scamall’? I bhfocail eile nach ionann é sin agus a rá nach ar mo ríomhaire nó ar m’fhón póca ná in aon áit fhisiciúil ach ar líne a choimeádtar gach ábhar?
Faraor is mó an mearbhall ná tuiscint a chothaíonn an focal ‘scamall’ mar a úsáideann na comhlachtaí teicneolaíochta é. Níl scamall sonraí in áit ar bith. Ní foláir gach blúire faisnéise a stóráil in áit éigin. Tugtar lárionad sonraí ar áit dá leithéid.
Cé mhéad lárionad sonraí atá sa stát agus cén fás ar an earnáil stórála faisnéise atá beartaithe de réir an phlean?
Faoi láthair tá thart ar 90 lárionad sonraí sa stát ina bhfuil 21,000 duine ag obair. Is tábhachtaí ná a ngnó féin a dtionchar eacnamaíochta indíreach.
Deir plean an rialtais gurb ionann agus ancaire na lárionaid sonraí do chomhlachtaí teicneolaíochta, airgeadais, slándála, siamsaíochta, sláinte agus déantúsaíochta a d’fhostaigh 182,000 oibrí in 2024.
Tá an brú a chuireann na lárionaid ar an soláthar leictreachais ag méadú go gasta. Ní raibh ach cúig faoin gcéad den soláthar leictreachais á úsáid acu in 2015 ach bhí 22 faoin gcéad de á úsáid acu in 2024.
Léiríonn meastacháin an rialtais an fás as cuimse atá romhainn, agus an sciar níos mó de tháirgeadh leictreachais níos mó ag teastáil do stóráil data. Measann Eirgrid go mbeidh níos mó ná an tríú cuid (34 faoin gcéad) dár gcumhacht leictreach de dhíth ar lárionaid sonraí in 2035.
Nach raibh cosc ar thógáil lárionad nua i bhfeidhm le tamall mar gheall ar an róbhrú a chuir siad ar an gcóras giniúna leictreachais?
Bhí cosc ar an gcúis sin i bhfeidhm ó 2021 go dtí gur chuir an Coimisiún um Rialáil Fóntais deireadh leis an mhí seo caite. Ceadófar lárionaid nua má fhaigheann siad 80% dá gcumhacht leictreach ó thograí nua in-athnuaite. Beidh sé bliana acu leis an sprioc sin a bhaint amach.
An léir cén céatadán den chaiteachas ar fhorbairt an chórais leictreachais a íocfaidh an rialtas? Agus cén t-ardú ar tháillí leictreachais a bheidh ar ghnáthchustaiméirí a íoc leis an obair a mhaoiniú?
Dhá cheist bhreá. Faraor, níl faisnéis ar fáil fós chun ceachtar ceist a fhreagairt.
An bhfuil gá le forbairt chomh mór, go háirithe má chuimhnítear ar an dícharbónú atá geallta ag an rialtas agus ar léir do chách nach gcuirfear i bhfeidhm é mar atá geallta? Gan trácht ar an mbaol nach mbeifear ábalta freastal go pras ar riachtanais eile (comhlachtaí beaga, tithíocht, carranna leictreacha srl) toisc tosaíocht a bheith tugtha d’ionaid sonraí nua?
Is beag duine a déarfadh leat nach fiú an t-athrú an tairbhe, dá chasta é ar bhealaí éagsúla. Rachaidh forbairt ar lárionaid, sonraí agus ar na tionscail a spreagfar dá bharr, chun sochair dúinn uilig ach an fhorbairt a bheith eagraithe i gceart. Is í an mhoill a cuireadh ar thógáil muilte gaoithe, amach ón gcósta go háirithe, an fáth is mó nach féidir forbairt a chur chun cinn ar bhonn gach riachtanas.
Beidh roghanna crua le déanamh mar sin ar feadh deich mbliana ar a laghad – roghanna nach mbeidh rófhonn ar aon rialtas iad a phlé go mion.
Céard atá á rá ag daoine atá in aghaidh mholtaí an phlean?
Tá fáilte rófhaichilleach curtha ag an rialtas roimh lárionaid sonraí, dar le hurlabhraí fuinnimh Shinn Féin, Pa Daly agus tá gnáth-theaglaigh ag íoc as an sin, dar leis.
Mhol Jennifer Whitmore thar ceann na nDaonlathaithe Sóisialta go dtabharfaí tús áite do sholáthar fuinnimh do chónaitheoirí agus do ghnóthaí beaga seachas d’ionaid sonraí a chuirfeadh spriocanna aeráide an rialtais ar neamhní.
Dúirt Ciarán Ahern ó Pháirtí an Lucht Oibre go raibh an plean “místuama” agus mhaígh Paul Murphy ó Phobal Seachas Brabús nach mbíonn ach dhá thoradh cinnte ar ionaid sonraí: fíorbheagán jabanna agus ardú ar tháillí leictreachais.
Mhol Deirdre Duffy ó Chairde na Cruinne gur cheart fuinneamh inathnuaite a úsáid chun tithe agus tionscail a dhícharbónú in áit a thuilleadh lárionad sonraí eile a thógáil.
Nach mbeadh sé réasúnta moill a chur ar thógáil ionad nua go dtí mbeidh tograí againn a chuirfidh breis leictreachais ar fáil ar an scála a bheidh de dhíth orthu?
Bheadh, dá mbeadh na comhlachtaí atá ag beartú infheistíocht i lárionaid sonraí nua sásta fanacht go mbeadh dóthain cumhachta ar fáil dóibh. Beidh siad foighdeach ar feadh tamaill ach cuimhnigh gur chuir ganntanas cumhachta bac ar thograí móra roimhe seo.
Má chuirtear a thuilleadh moille ar infheistíocht, rachfar chun cinn leis i dtíortha eile.
An amhlaidh dáiríre go bhfuil greim scornaí ag úinéirí na lárionad sonraí ar an tír agus gan aon rogha againn ach géilleadh dá síoréilimh fáis?
Is féidir do cheist a fhreagairt le dea-scéal agus le drochscéal.
An dea-scéal
Tá an stát chun tosaigh ar an gcuid is mó den domhan ó thaobh stóráil faisnéise de agus tairbhe sa bhreis a bhaint as cothú saineolais sa tír agus as forbairt comhlachtaí gaolmhara.
Má bhíonn cur chuige an rialtais seo agus cur chuige na rialtas a thoghfar ina dhiaidh sách eagraithe in am – go háirithe ó thaobh foinsí cumhachta inathnuaite de – rachaidh na lárionaid sonraí agus na tionscail nua a bhaineann leo go mór chun sochair don tír.
An drochscéal
Níl aon chinnteacht ann go gcuirfear an chumhacht bhreise ar fáil a bheidh de dhíth ar na lárionaid sonraí – go háirithe agus an intleacht shaorga (AI) á húsáid go forleathan – agus de dhíth ar gach earnáil eile.
Níl aon chinnteacht ann ach oiread nach ndéanfaidh na lárionaid sonraí praiseach níos mó den laghdú ar astaíochtaí carbóin atá mar aidhm (oifigiúil) ag an rialtas.
Fág freagra ar 'An féidir breis cumhachta a sholáthar d’ionaid stórála faisnéise gan cur isteach ar riachtanais eile?'