Níl an ‘coinníoll teanga’ a bhaineann le forbairtí tithíochta sa Ghaeltacht á chur i bhfeidhm

I nGaeltacht Dhún na nGall, Chiarraí, Chorcaí, Mhaigh Eo agus na Mí, níor cuireadh scrúdú Gaeilge ar oiread is duine amháin a bhí ag iarraidh cónaí i dtithe a raibh coinníoll Gaeilge luaite leo sa chead pleanála

Níl an ‘coinníoll teanga’ a bhaineann le forbairtí tithíochta sa Ghaeltacht á chur i bhfeidhm

Níl an coinníoll teanga atá leagtha ar eastáit thithíochta i gceantair Ghaeltachta na tíre á chur i bhfeidhm ag formhór de na Comhairlí Contae. Léiríonn eolas atá faighte ag Nuacht TG4 faoin Acht um Shaoráil Faisnéise nár cuireadh scrúdú Gaeilge ar oiread is duine amháin a bhí ag iarraidh cónaí i dtithe a raibh coinníoll Gaeilge luaite leo sa chead pleanála i nGaeltacht Dhún na nGall, Chiarraí, Chorcaí, Mhaigh Eo agus na Mí ó tháinig an coinníoll i bhfeidhm. Go deimhin is i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltacht Phort Láirge amháin atá an coinníoll á chur i bhfeidhm. Idir na blianta 2006 agus 2017 cuireadh scrúdú Gaeilge ar 111 áitritheoir; d’éirigh le 94 (’sé sin 85%) acu sin agus theip ar sheachtar déag (15%). Ba bheag scrúdú a cuireadh le linn bhlianta na géarchéime eacnamaíochta.

Ba in Iúil na bliana 2004 a leagadh síos an chéad choinníoll teanga – ar bhloc árasán sa Spidéal i gContae na Gaillimhe. Rialaíodh go mbeadh ar an tógálaí a chinntiú gur le cainteoirí Gaeilge amháin a dhíolfaí ocht gcinn déag den 29 árasán a bhí san fhorbairt. Bhí an líon sin bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge sa Spidéal de réir an daonáirimh.

Bheachtaigh an Bord Pleanála feidhm agus paraiméadair an choinníll i gcásanna éagsúla ó shin i leith agus socraíodh go mairfeadh an ceangal teanga ar feadh cúig bliana déag. Bhí an coinníoll bunaithe ar an teoiric nár cheart go gcuirfeadh forbairtí tithíochta isteach ar an chothromaíocht i gceantar Gaeltachta idir líon na gcainteoirí Gaeilge agus líon na gcainteoirí Béarla.  Bhí go leor daoine den tuairim, áfach, go mbeadh sé ionann is dodhéanta an coinníoll teanga a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh air.

Chinn comhairlí contae éagsúla go mbainfí úsáid as an tslat tomhais chéanna a bhí ann cheana féin do dheontas tithíochta Roinn na Gaeltachta. Is léir, áfach, nach bhfuil comhsheasmhacht ar bith ann maidir le cur i bhfeidhm an choinníll ó chontae go contae.

Is i nGaeltacht na Gaillimhe is mó a rinneadh scrúduithe i leith an choinníll ach fiú sa Ghaillimh tá cuma fhánach go leor ar thaifid na Comhairle Contae ina leith.

Léiríonn an t-eolas atá curtha ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur cuireadh agallamh ar 87 duine idir na blianta 2006 agus 2017. Theip ar 12 díobh sin (13%). I mbliana cuireadh naonúr faoi agallamh agus d’éirigh leo uilig an caighdeán cuí a bhaint amach.

Léiríonn an t-eolas a chuir an Chomhairle Contae ar fáil, áfach, nach bhfuil aon taifead acu ar líon na dtithe a bhfuil coinníoll teanga leagtha orthu mar chuid den chead pleanála le deich mbliana anuas. Bhíodh taifid á gcoinneáil acu idir na blianta 2003 agus 2007 de líon na dtithe a raibh coinníoll teanga luaite leo ach níl aon taifead déanta acu ó shin a leith.

I bPort Láirge cuireadh coinníoll teanga ar 55 teach ar bronnadh cead pleanála orthu idir na blianta 2006 agus 2017. Cuireadh 24 duine faoi agallamh idir na blianta sin; d’éirigh le hochtar déag acu sin (nó 75%) agus theip ar sheisear (25%). I bhfocail eile, d’éirigh le triúr as gach ceathrar a rinne an scrúdú. Níor cuireadh éinne faoi agallamh sa chontae sin le linn bhlianta na géarchéime airgeadais (2009-15).

Níor reáchtáladh oiread is scrúdú amháin teanga i gCiarraí riamh in ainneoin go bhfuil trí nó ceithre eastát a bhfuil coinníoll teanga leo tógtha sa Daingean le dornán blianta anuas agus é mar cheangal ann go gcaithfí tuairim is 30% díobh a dhíol le cainteoirí Gaeilge.

Tá 68 teach i gceann de na heastáit sin agus tá formhór na dtithe díolta. Ba sa bhliain 2005 a leagadh an chéad choinníoll teanga ar eastát i nGaeltacht Chiarraí de bharr achomharc a rinne an gníomhaire teanga Donncha Ó hÉallaithe chuig an mBord Pleanála. Eastát 16 teach i mBaile an Fheirtéaraigh a bhí i gceist agus bhí coinníoll luaite le dosaen de na tithe sin (75%).  Cúig bliana déag a mhairfeas an coinníoll teanga sin, ach tá na tithe sin uilig díolta agus cuid acu athdhíolta um an dtaca seo agus gan aon iarracht déanta riamh oiread is scrúdú cainte amháin a chur ar lucht a gceannaithe.

Níor reáchtáladh aon scrúdú i nGaeltacht Dhún na nGall le deich mbliana anuas ach an oiread agus is é an míniú a thug an Chomhairle Contae ná: “no examinations were required/sought to be undertaken”. As na hiarratais uilig a cuireadh faoi bhráid na Comhairle le deich mbliana anuas, bronnadh cead pleanála ar 29 eastát i gceantair Ghaeltachta i nDún na Gall. Astu sin, maíonn an Chomhairle go bhfuil dhá eastát nach bhfuil críochnaithe agus nach bhfuil éinne ina gcónaí iontu; tá dhá cheann eile áirithe mar “scéimeanna tithíocht shóisialta lándéanta” agus tá deich n-eastát nár cuireadh tús leis an obair thógála iontu go fóill. Tá an Chomhairle den tuairim nach mbaineann coinníollacha teanga le heastáit ina bhfuil níos lú ná naoi dteach iontu agus deir siad gur tógadh 16 eastát den chineál sin i gceantair Ghaeltachta le deich mbliana anuas. Tá éiginnteacht ag baint leis an chur chuige sin, áfach, sa mhéid is go mbaineann an coinníoll le heastáit ina bhfuil trí theach ar a laghad iontu i gcontaetha eile.

Deir Comhairle Contae Chorcaí nár leagadh coinníoll teanga ach ar fhorbairt amháin sa chontae le deich mbliana anuas. Eastát i nGaeltacht Mhúscraí a bhí i gceist agus bhí an ceathrú cuid de na tithe (25%) le cur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge. Deir an Chomhairle nár tógadh go leor de na tithe sin agus nár cuireadh scrúdú Gaeilge ar dhuine ar bith ina leith.

Deir Comhairle Contae Mhaigh Eo nach leagtar aon choinníoll teanga ar eastáit sa chontae sin agus deir Comhairle Contae na Mí nach bhfuil aon taifead acu a bhaineann leis an ábhar.

Fág freagra ar 'Níl an ‘coinníoll teanga’ a bhaineann le forbairtí tithíochta sa Ghaeltacht á chur i bhfeidhm'

  • maitiu

    Agus cuireann an méid sin iontas orainn? Tógadh scata tithe i mBaile ‘n Fheirtéaraigh, i mBaile na nGall is sna Gaeltachtaí uile agus deineadh spior spear den Ghaoluinn go huile is go hiomlán. Ach fuair an tógálaí i mB nFh. gach deontas agus gach dúthracht dá raibh ann. Ní mheánn an teanga (ná aon rud eile) brobh nuair atá airgead le déanamh.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    “no examinations were required/sought to be undertaken” – Comhairle Contae Dhún na nGall go leanúnach ag déanamh neamhaird don Ghaeltacht – contae a bhfuil an tríú cuid dí faoi limistéar Ghaeltachta.

    Agus nach bhfuil ionadaithe poiblí – Comhairleoirí Contae agus Teachtaí Dála ag cuir a n-ainmneacha le litreacha ag deimhniú go bhfuil aithne phearsanta acu ar dhaoine a bhfuil ‘fréamhacha’ acu sa Ghaeltacht nó a tógadh sa Ghaeltacht ach nach bhfuil focal Gaeilge acu? Litreacha go hiomlán i mBéarla ó ionadaithe poiblí Gaeltachta a bhfuil cumas labhairt na Gaeilge acu dála an scéil.

    Ní leor céatadán den eastáit bheith ina chainteoirí Gaeilge. Tá 100% riachtanach leis an teanga a thabhairt slán. Agus ba cheart coinníoll Gaeilge bheith ar an Ghaeltacht ina iomláine – ar achan teach, achan gnó, achan eagraíocht. Tá tithe á dhíol go príobháideach le daoine nach cainteoirí Gaeilge iad!! Ní iontas ar bith mar sin, an oiread sin cainteoirí Béarla anois sa Ghaeltacht!