Pictiúrlann cháiliúil sa Daingean ceannaithe ag Cillian Murphy agus Yvonne McGuinness

Deirtear go bhfuil sé i gceist athchóiriú a dhéanamh ar phictiúrlann an Phoenix an bhliain seo chugainn agus í a oscailt arís mar phictiúrlann agus ionad ealaíon

Pictiúrlann cháiliúil sa Daingean ceannaithe ag Cillian Murphy agus Yvonne McGuinness

Tá sé fógartha go bhfuil an phictiúrlann aitheanta ar bhaile an Daingin, The Phoenix, ceannaithe ag an aisteoir Cillian Murphy agus a bhean, an t-ealaíontóir Yvonne McGuinness, agus go bhfuil sé i gceist é a athchóiriú agus a oscailt arís.

Dúnadh doirse na pictiúrlainne ag tús na paindéime in earrach 2020 agus fógraíodh an bhliain dár gcionn nach mbeadh sí ag oscailt arís. Bunaíodh feachtas go háitiúil chun an phictiúrlann, a bhí lárnach i saol cultúrtha agus sóisialta an Daingin ar feadh na mblianta, a cheannach nuair a cuireadh ar díol í ach is léir anois gurb é an t-aisteoir cáiliúil agus a bhean atá tar éis í a cheannach ar phraghas nár nochtadh.

Tá teach saoire ag muintir Murphy i gCorca Dhuibhne le blianta fada agus dúirt sé go mbíodh sé go minic sa Phoenix nuair a bhí sé ina leaid óg, mar a bhí a athair roimhe.

“Tá mise ag dul chuig scannáin sa Phoenix ó bhí mé i mo bhuachaillín óg agus mé thíos le linn saoire an tsamhraidh,” a dúirt Murphy. “Chonaic m’athair pictiúir ansin romham agus é féin ina fhear óg, agus is iomaí scannán atá feicthe sa Phoenix againn leis na páistí s’againn féin. Tuigimid go maith a thábhachtaí agus atá an phictiúrlann do mhuintir an Daingin.”

Chomh maith leis an teach saoire atá ag a mhuintir, tá a theach saoire féin ag Murphy i gceantar Fhionntrá.

Bhí sé i gceist ag an bhfeachtas áitiúil an Phoenix a úsáid mar ionad ealaíon agus cultúir chomh maith agus is léir go bhfuil sé sin ar intinn ag na húinéirí nua.

“Ba mhaith linn na doirse a oscailt arís agus acmhainn an ionaid don chruthaitheacht a fhorbairt agus an áit a athbhunú mar chuid de dhlúth agus d’inneach cultúrtha an bhaile speisialta seo,” a dúirt Yvonne McGuinness.

Is í an Phoenix an t-aon phictiúrlann sa tír atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta agus deirtear go ndéanfar é sin a aithint i gclár na pictiúrlainne nuair a osclófar arís í.

Tuigtear go dtosófar ar an obair athchóirithe an bhliain seo chugainn.

“’Bíonn rudaí maithe mall,” a dúradh sa bpreasráiteas a d’fhógair an scéal go raibh an phictiúrlann ceannaithe ag Murphy, a bhuaigh gradam Oscar i mbliana, agus ag McGuinness.

Osclaíodh an Phoenix ar dtús i 1919 mar phictiúrlann agus halla rince ach scriosadh an foirgneamh faoi dhó nuair a chuaigh sé trí thine i 1921 agus arís i 1938.

Cheannaigh muintir Uí Shúilleabháin an Phoenix i 1978 agus osclaíodh arís í mar phictiúrlann i 1980. Dúnadh na doirse go deireadh le linn na paindéime ach tá aiséirí eile anois ar na bacáin don Phoenix.

Fág freagra ar 'Pictiúrlann cháiliúil sa Daingean ceannaithe ag Cillian Murphy agus Yvonne McGuinness'