Den chéad uair le trí mhí anuas chodail mé i leaba cheart aréir.
Is é an chaoi go mbínn i mo chodladh ar thocht ar an urlár ó bhog mé isteach i m’árasán nua.
Bhí leaba i measc an troscáin a thóg mé amach as an stóras tamall de sheachtainí ó shin ceart go leor, ach leaba shingil atá inti agus bhí rud a dúirt duine de na tógálaithe a chuir isteach fuinneog nua sa seomra leapa ag cur drogaill orm na píosaí éagsúla a chur le chéile arís agus úsáid a bhaint aisti.
‘Leaba shingil? As ucht Dé ort ceannaigh leaba dhúbailte duit féin, ceann beag ar a laghad. Níor chóir go gcaithfeá gach oíche anseo leat féin, nó ar chóir?’
Níor chóir. Ach chosnódh leaba dhúbailte nua gar do mhíle euro orm, tá ceist na hinbhuanaitheachta ann, agus ag deireadh an lae bhí an leaba shingil sin agam. Cheannaigh mo thuismitheoirí dom í nuair a bhí mé 15 bliana d’aois, ach – an dath dubh nach dtéann go maith leis an dath caonaigh a chuir mé ar bhalla amháin i seomra codlata m’árasáin nua as an áireamh – ní raibh aon cheo cearr léi.
Ach an gcuirfinn mí-ádh orm féin agus ar mo shaol grá mura gcruthóinn spás fisiciúil, sa chaibidil úr seo de mo shaol, do chéile leapa nua? An amhlaidh go dtabharfainn le fios d’fhórsaí na cruinne, go fochomhfhiosach, nach mbeadh leannán uaim feasta?
Chuimhnigh mé ansin ar na leapacha dúbailte ar fad inar chaith mé cuid mhór de mo shaol fásta i m’aonar. Ní féidir an ceann is fearr a fháil ar an gcinniúint; déanann sí mar is mian léi.
Ach ar fhaitíos na bhfaitíos agus de ghrá an réitigh shocraigh mé dath úr a chur ar mo sheanleaba déagóra. ‘Seacthoradh’, sin é an t-ainm a bhaist an mhonarcha phéinte ar an imir gheal den uaine a roghnaigh mé – dath bríomhair trópaiceach nach féidir neamhaird a dhéanamh de.
‘Is ea, is leaba shingil mé,’ a scairteann an leaba anois, ‘ach tá mé cinnte gur bhreá leat triail a bhaint asam!’
Fág freagra ar '‘Leaba shingil? Níor chóir go gcaithfeá do chuid oícheanta leat féin anseo, ar chóir?’'