Comhdháil Idirnáisiúnta Chumann na gCoimisinéirí Teanga ar siúl i nGaillimh inniu

Beidh seisear coimisinéirí teanga ag labhairt ag an gcomhdháil a bheidh ar siúl in Ollscoil na Gaillimhe inniu agus reáchtálfar cruinniú cinn bliana an chumainn sa Spidéal amárach

Comhdháil Idirnáisiúnta Chumann na gCoimisinéirí Teanga ar siúl i nGaillimh inniu

Beidh Comhdháil Idirnáisiúnta Chumann na gCoimisinéirí Teanga ar siúl in Ollscoil na Gaillimhe inniu. Tiocfaidh coimisinéirí teanga as Éirinn, an Bhreatain Bheag, agus Ceanada le chéile in Áras ILAS ar champas thuaidh na hollscoile ar maidin le haghaidh cainteanna agus léachtaí faoi chearta teanga sna tíortha éagsúla.

Deir Oifig an Choimisinéara Teanga go bhfuil an chomhdháil á reáchtáil ag “tráth atá cinniúnach” do chearta teanga lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn ó tharla go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 i bhfeidhm anois.

Is iad príomhthéamaí na comhdhála ná a thábhachtaí is atá sé soláthar seirbhísí poiblí a chur in oiriúint do “riachtanais athraitheacha na bpobal teanga” agus an tábhacht a bhaineann le pleanáil straitéiseach fórsa saothair “d’fhonn fórsa saothar leordhóthanach a chinntiú” chun seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a sholáthar.

Bunaíodh Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga in 2013 le comhoibriú a chothú i measc coimisinéirí teanga ar fud an domhain. Tá 15 coimisinéir ina mball den chumann anois agus seo an naoú comhdháil idirnáisiúnta atá curtha ar siúl acu.

Is iad na coimisinéirí teanga a bheidh ag labhairt sna seisiúin in Ollscoil na Gaillimhe inniu Séamus Ó Concheanainn (Coimisinéir Teanga na hÉireann); Pól Deeds (Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt); Osian Llywelyn (Leas-Choimisinéir na Breatnaise); Kelly Burke (Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada); Shirley C MacLean (Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla do New Brunswick); agus Carl Bouchard (Coimisinéir Seirbhísí Teanga Fraincise Ontario).

Beidh cainteoirí eile i láthair ag comhdháil an lae inniu, ina measc Tomás Ó Síocháin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; Roger Serra ó Rialtas na Catalóine; Marco Torresin ó Ghníomhaireacht Réigiúnach na Friúilise san Iodáil; Hasier Morras ó Rialtas Navarra i dTír na mBascach; Eke Folkerts as an bhFreaslainn; Mentor Borovci ó Oifig Phríomh-Aire na Cosaive; agus Páidí Ó Lionáird ó Oifig an Choimisinéara Teanga in Éirinn.

D’oscail an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív an chomhdháil go hoifigiúil sa Taibhdhearc i lár chathair na Gaillimhe aréir. Beidh cúig sheisiún ann inniu agus téamaí móra na gceart teanga idir chamáin ag na coimisinéirí teanga. Amárach, reáchtálfar cruinniú cinn bliana an chumainn i Stiúideo Cuan sa Spidéal.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Séamus Ó Concheanainn go bhfuil “ríméad” air go bhfuil an chomhdháil á reáchtáil i nGaillimh agus go dtabharfar deis do choimisinéirí teanga agus do ghníomhaithe teanga “ar fud an domhain” plé a dhéanamh ar cén chaoi na seirbhísí poiblí a fheabhsú do phobail teanga.

Fág freagra ar 'Comhdháil Idirnáisiúnta Chumann na gCoimisinéirí Teanga ar siúl i nGaillimh inniu'