GAILEARAÍ / GAILEARAÍ: Lá stairiúil ag foireann rugbaí Ghaeltacht Chonamara
Sean Ó Mainnín
Bhí lá stairiúil ag an bhfoireann rugbaí as Conamara, An Ghaeltacht, le déanaí, nuair a bhain siad áit amach i gcluiche ceannais sraithe J2 sa Ghaillimh. Cé gur chaill siad an cluiche ar éigean, 16-14, in aghaidh Dhún Mór i bPáirc Corinthians i nGaillimh, ba mhór an t-éacht a bhí déanta acu i mbliana, an chéad bhliain riamh go raibh foireann daoine fásta san iomaíocht acu. Pictiúir: Seán Ó Mainnín