GAILEARAÍ: Slua mór i dTeach Scríbe chun fáilte a chur roimh an irisleabhar ‘Camus 2019’

GAILEARAÍ / Slua mór i dTeach Scríbe chun fáilte a chur roimh an irisleabhar 'Camus 2019'

Sean Ó Mainnín

Bhí muintir Chamuis as éadan in Óstán Theach Scríbe, Conamara, le déanaí nuair a sheol úinéir Coláiste Chamuis Máire Denvir irisleabhar nua an pharóiste - 'Camus 2019'. Gealltar idir scéalta gaisce agus staire san iris atá curtha in eagar ag an láithreoir teilifíse Fiona Ní Fhlaithearta agus coiste eagarthóireachta. Pictiúir: Seán Ó Mainnín




GAILEARAÍ: Slua mór i Músaem Litríochta na hÉireann do Sheoladh na Nollag Comhar

GAILEARAÍ: Slua mór i Músaem Litríochta na hÉireann do Sheoladh na Nollag Comhar

Sean Ó Mainnín

Bhí lidir scríbhneoirí, scoláirí agus léitheoirí i láthair i Músaem Litríochta na hÉireann, Baile Átha Cliath, an tseachtain seo nuair a sheol ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin eagrán na Nollag de Comhar agus dhá leabhar nua ó LeabhairCOMHAR. Ag an ócáid chéanna chuir an tOllamh Máire Ní Annracháin fáilte roimh an inphrionta nua, Cló Léann na Gaeilge. Pictiúir: Seán Ó Mainnín




GAILEARAÍ: Sparánacht PJ Mhuiceanach bronnta i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua

GAILEARAÍ: Sparánacht PJ Mhuiceanach bronnta i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua

Sean Ó Mainnín

Evan Ó Gríofa as Poll Uí Mhuirinn, Leitir Móir a fuair gradam PJ Mhuiceanach Mac Donncha i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i mbliana. Bronntar an gradam seo ar 'Scoláire na Bliana' i mbliain na hArdteiste. Áine Ní Chualáin, as Casla a fuair Sparánacht Europus as feabhas a cuid Gaeilge scríofa agus labhartha. Pictiúir: Iain McDonnell