Seolfar an Satharn beag seo leabhar faoi “laoch” a thug a shaol ar fad ag cur na Gaelainne chun cinn – Séamus Ó Muircheartaigh as Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne.
Cuntas ar shaol agus ar shaothar Uí Mhuircheartaigh atá sa chéad leabhar ó pheann Mhichíl Uí Shé, Séamus Ó Muircheartaigh: An Spailpín Fánach a bheidh á sheoladh ag Helen Ní Shé i Músaem Chorca Dhuibhne ar an mBuailtín oíche Dé Sathairn.
Dúirt Micheál Ó Sé, an t-iarchraoltóir cáiliúil, le Tuairisc nach raibh sé i gceist aige leabhar a scríobh nuair a thosaigh sé ag cur a chuid nótaí faoin amhránaí mór as Corca Dhuibhne le chéile i mí Aibreáin na bliana seo caite, nótaí a bhí aige le cúpla scór bliain.
“In Aibreán na bliana anuraidh, dúrt go ndéanfainn beart éigin. Ní haon leabhar a bhí i gceist agam ar dtúis, bhíos ag scríobh liom, agus ansin bhí cuid mhaith scríofa. Chaitheas uaim é sa samhradh, bhíos ar saoire, agus ansin dúirt duine éigin liom é a thabhairt go Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Thugas, agus bhí Tadhg Ó Dúshláine ann romham, ardfhear, a bhí ina eagarthóir air.
“Thug sé ana-chomhairle dom, agus fuaireas pictiúirí ó mhuintir an Spailpín féin. Do bhí sé ina sheana-uncail ag Caitlín Ní Mhuircheartaigh ar an mBaile Uachtarach, agus do thug sí litreacha agus pictiúirí dom. Tá cóip de na litreacha sa leabhar nua agus sean-phictiúirí d’Ard na Caithne, an comhluadar a bhíodh aige ann, agus rudaí eile,” a dúirt Ó Sé.
Deir Ó Sé, arb as Ard na Caithne ó dhúchas dó féin chomh maith, gur “laoch” ab ea Ó Muircheartaigh “a thug a shaol ar fad ag cur na Gaelainne agus saoirse na hÉireann chun cinn”. Bhí sé i dteagmháil rialta le pearsana móra stairiúla a linne – ceannairí Éirí Amach na Cásca agus ceannairí Chonradh na Gaeilge ina measc.
“Bhí sé sáite ana-mhór i gConradh na Gaeilge. Chuir sé an Ghaelainn chun cinn áit ar bith a dtéadh sé. Bhí sé i dteagmháil le [Eoin] Ó Néill, an Piarsach, [Éamon] de Valera, an Craoibhín Aoibhinn agus daoine eile. Bhíodh sé ag scríobh go dtí an tAthair Peadar [Ó Laoghaire], agus bhí aithne aige ar na ceannairí ar fad. Tírghráthóir go smior ab ea é – an Ghaelainn agus an tsaoirse, thug sé a shaol ag iarraidh iad a chur chun cinn,” a dúirt Ó Sé.
Dúirt Ó Sé le Tuairisc gur chuir sé spéis i saol Uí Mhuircheartaigh den chéad uair sna 1960idí agus go raibh go leor de na hamhráin a scríobh fear Ard na Caithne bailithe aige faoi dheireadh na 1960idí.
“Bhí sé thall i Meiriceá agus chuireadh sé litreacha anall. Bhailíos cuid mhaith acu, agus bhí an-chuid bailithe agamsa faoi dheireadh na seascaidí. Is cuimhin liom ag Oireachtas na Samhna i 1970, do bhí Seán de hÓra taobh amháin díom agus Seán Óg Ó Tuama, a bhí ina mholtóir, ar an taobh eile. Dúras go raibh na hamhráin agam ach nach raibh na foinn agam dóibh.
“Do bhí siad ag Seán Óg agus dúirt sé go dtabharfadh sé dom iad, ach cailleadh é trí seachtaine ina dhiaidh sin. Chuas chuig Seán Ó Cíobháin ansin, agus bhí na foinn go léir aigesean chomh maith, ach d’imigh an dála céanna air,” a dúirt sé.
Choinnigh sé na nótaí a bhí aige i dtaobh bheatha an fhile agus choinnigh sé air ag bailiú eolais faoi sular chuir sé peann le pár an bhliain seo caite. Scríobh sé an leabhar, a dúirt sé, mar gheall gur laoch “as an áit” a bhí in Ó Muircheartaigh agus go raibh sé ag iarraidh go “n-aithneodh an ghlúin óg an saghas duine a bhí ann”.
“Tá cuid de na hamhráin a chum sé ag an nglúin óg inniu féin. Pé áit a raghfá [i gCorca Dhuibhne] gheofá a chuid amhrán ann. Bhí sé cumasach sa dá theanga, sa dá aigne, an Ghaelainn agus an Béarla agus tá a lorg le feiscint anseo fós,” a dúirt sé.
Cheadaigh Ó Sé na hailt a scríobh Ó Muircheartaigh d’fhoilseacháin éagsúla in Éirinn agus thar lear agus an leabhar á chur le chéile aige. Dúirt sé gur scríbhneoir “bisiúil” a bhí ann a mbíodh “ailt na haon seachtain” aige ar nuachtáin “go dtí lá a bháis”.
Scríobhadh Ó Muircheartaigh go rialta do The San Francisco Leader, The Kerryman, The Gaelic American, An Lóchrann agus foilseacháin eile nach iad. Chaith sé tréimhsí in Springfield, Worcester, Nua-Eabhrac, Bostún, agus San Francisco, agus is iomaí alt agus litir a scríobh sé ó na háiteanna sin.
Seolfaidh Helen Ní Shé Séamus Ó Muircheartaigh: An Spailpín Fánach i Músaem Chorca Dhuibhne ar an mBuailtín ag 7pm amárach, Dé Sathairn an 24 Eanáir. Beidh ceol ann ó leithéidí Pháidí Mharthainn, Seosaimhín Ní Bheaglaoich, agus amhránaithe agus ceoltóirí eile an cheantair.
Fág freagra ar 'Leabhar ó Mhaidhc Sé faoin Spailpín Fánach le seoladh'