Micheál Ó Gruagáin, aisteoir agus iarcheannasaí Bhord na Gaeilge, ar shlí na fírinne

Tá Micheál Ó Gruagáin, aisteoir, iarcheannasaí ar Bhord na Gaeilge agus duine de bhunaitheoirí Aisteoirí Bulfin tar éis bháis

Micheál Ó Gruagáin, aisteoir agus iarcheannasaí Bhord na Gaeilge, ar shlí na fírinne

Bhí sé 78 bliain d’aois agus bhí sé tinn le tamall.

Cláiríneach ó Chora Chaitlín, bhog Mícheál Ó Gruagáin go dtí an ardchathair nuair a bhí sé sna fichidí.

Bunaíodh Aisteoirí Bulfin i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1967 agus bhí an Gruagánach lárnach ann ó thús. 

D’oibrigh sé mar leas-phríomhfheidhmeannach agus príomhfheidhmeannach ar Bhord na Gaeilge agus ba é a bhí i bhfeighil ar na eagraíocht nuair a rinneadh foras trasteorann di faoi Chomhaontú Aoine na Chéasta. Bhí sé lárnach i saol na teanga ar feadh blianta fada.

Ba iad Aisteoirí Bulfin an t-aon chomplacht amharclannaíochta i mBaile Átha Cliath ag bhí ag léiriú drámaí agus ceoldrámaí i nGaeilge ar feadh blianta fada.

Dúirt Ó Gruagáin le Tuairisc.ie in 2017 gur “cuimhin leis go maith” an chéad lá ar bunaíodh an complacht.

“Bhí cúpla duine againn díreach tagtha go Baile Átha Cliath ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, agus bhí triúr nó ceathrar ag cur fúinn i Ráth Maonais. Chuamar isteach i gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge agus tháinig Seán Ó Briain isteach agus d’iarr orainn dráma a léiriú.

“D’iarr sé orainn arís agus arís eile agus ar deireadh chuireamar Chun na Farraige Síos ar an stáitse. Is dóigh liom gurbh é The Countess Caitlín an dara dráma a rinneamar, agus d’fhás Aisteoirí Bulfin as sin,” a dúirt sé.

Dúirt sé an uair sin gur bhraith sé “duairc” faoina raibh i ndán do dhrámaíocht na Gaeilge ach go raibh sé sásta go raibh Aisteoirí Bulfin ag dul ó neart go neart.

Bhí sé buartha go raibh roinnt drámadóirí le Gaeilge ann nach raibh ag scríobh i nGaeilge níos mó mar gheall ar an easpa tacaíochta bhí ann do dhrámaíocht Ghaeilge san amharclann náisiúnta agus ag leibhéal an Stáit.

Bhí baint aige féin mar aisteoir le mórán léirithe de chuid Aisteoirí Bulfin, cuid mhór acu a scríobh a chomrádaí Aodh Ó Domhnaill, duine eile de cheannródaithe an chompántais atá imithe ar shlí na fírinne.

Ar na drámaí sin bhí 1915, An Campa, LaraeDó agus Na Leabhra. Bhí sé le feiceáil chomh maith i leagan stáitse de An Eochair le Máirtín Ó Cadhain agus Cúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman. 

Bhí páirt Shean-Mhaitias aige i leagan stáitse de scéalta an Phiarsaigh, Eoghainín na nÉan / Íosagán a léiríodh san Axis mar chuid den fhéile Imram.

Bhí sé le Gabriel Byrne sa scannán Draíocht, an scannán a taispeánadh ar Theilifís na Gaeilge ar oíche a hoscailte, Samhain na bliana 1996. Ar na scannáin agus cláir teilifíse eile a raibh páirt aige iontu bhí Corp + Anam, Killinaskully, Grabbers agus Ros na Rún.

Ag labhairt di ar na gclár Tús Áite dhein Sinéad Ní Uallacháin, léiritheoir raidió agus ball d’Aisteoirí Bulfin, cur síos air mar dhuine croíúil cumasach a raibh féith an ghrinn go smior ann, duine a leaindeáladh déanach ag na gcleachtadh, cóta fada leathair air agus é lán d’aer an tsaoil.

“Duine breá agus an-aisteoir agus cara ab ea é. Bhí sé fial lena chuid ama, bhí sé féiltiúil i gcónaí roimis na baill óga a thiocfadh isteach chuig na gcumann drámaíochta, mé féin san áireamh – ní rabhas ach 20 nó mar sin ag na am – agus [bhí sé] an-ghairmiúil ó thaobh a chuid oibre de. 

“Bíonn spraoi ag baint le comhlachtaí nó compántais a bhíonn neamhphroifisiúnta ach bhí proifisiúntacht nó gairmiúlacht i gcónaí ag baint le Micheál – [bhí] na línte i gcónaí aige. Chím é sa chóta dubh leathair sin é agus script aige faoina ascaill,” arsa Sinéad Ní Uallacháin.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, gur chuir Micheál “bonn láidir” faoi Fhoras na Gaeilge nuair a ghlac sé ceannas mar Phríomhfheidhmeannach in 2000.

“Ba dhuine é, is léir, a chuaigh go mór i gcion ar a chomhghleacaithe le linn a sheirbhíse scór bliain le Bord na Gaeilge agus sa tréimhse sin i dtús ré Fhoras na Gaeilge, agus ba mhinic iarfhostaithe dá chuid ag aithris scéalta agus cuimhní air ón am a d’oibir siad ina chuideachta.

“In 2021, agus scór bliain tar éis dó dul ar scor, tá aitheantas agus ár mbuíochas ag dul do Mhicheál as an bhunchloch a leag sé dúinn i bhForas na Gaeilge le linn na tréimhse stairiúla, cinniúnaí seo. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.’

 

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin gur chaith an Gruagánach a shaol “ag saothrú ar son na Gaeilge agus go háirithe ar son drámaíocht na Gaeilge”.

“Bhí tábhacht ar leith lena ról lárnach san aistriú ó Bhord na Gaeilge go Foras na Gaeilge, agus pobal na Gaeilge ag tógáil ar an oidhreacht sin i gcónaí.’

Maireann a bhean Máire, a gclann Diarmuid, Bríd agus Micheál Eoin, a ngarchlann agus gaolta eile.

Beidh Micheál á fhaire ag a mhuintir agus a chairde amháin sa bhaile amárach, Dé Céadaoin, an 17 Samhain idir a 3-7pm. Aistreofar a chorp go Séipéal Cholmcille, Bóthar Í, Droim Conrach maidin Déardaoin, an 18 Samhain, le haghaidh Aifreann a shochraide ag 10.30am. Cuirfear ansin i Reilig Ghlas Naíon é. 

 

Fág freagra ar 'Micheál Ó Gruagáin, aisteoir agus iarcheannasaí Bhord na Gaeilge, ar shlí na fírinne'

  • Cluain Sceach

    Fear uasal, Dia leis.

  • Micheal Mac Aonghusa

    Cur síos deas ar fhear álainn.

  • Tiarnan de Fréine

    Suaimhneas síoraí dá anam uasal!

  • Celia de Fréine

    Laoch ar lár. Suaimhneas síoraí dó.