Leasuithe suntasacha ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ‘réiteach dhá stát’ d’Iosrael agus an Phalaistín, agus na billiúin sa bhreis don aeráid: sin iad na príomh-mholtaí a d’aontaigh tíortha na mBRICS ag cruinniú mullaigh i gcathair Rio de Janeiro, sa Bhrasaíl, an tseachtain seo.
Acu sin, an réiteach dhá stát d’Iosrael agus an Phalaistín an ceann is mó a sheasann amach, óir tá an Iaráin ina ball den eagraíocht BRICS le dhá bhliain anuas, agus tír í an Iaráin a dhiúltaíonn scun scan do chearta Iosrael a bheith ann ar chor ar bith.
Ach ní raibh an tAyatollah Ali Khamenei i láthair ag an gcruinniú mullaigh (de bharr cúrsaí slándála), ná Vladimir Putin (ar eagla go ngabhfaí é), ná uachtarán na Síne, Xi Jinping (ar chúis nár tugadh míniú uirthi) – agus léiriú é sin ar fad ar an dúshlán is mó atá roimh BRICS mar eagraíocht, nó más maith leat, mar bhloc cumhachta: tá na baill an-éagsúil óna chéile ó thaobh na polaitíochta de, agus tá roinnt tíortha fíorchasta, lena chur ar bhealach sofhriotalach, ina measc.
11 tír atá ina mbaill de BRICS faoi láthair: An Rúis, an tSín, an India, an Bhrasaíl agus an Afraic Theas (na tíortha bunaidh), agus an Iaráin, an Éigipt, an Aetóip, An Indinéis, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus an Araib Shádach.
An rud atá i gcoitinne ag na tíortha sin ar fad ná gur eacnamaíochtaí móra iad nach iad na Stáit Aontaithe iad, nach bhfuil ina gcuid den Aontas Eorpach, agus nach bhfuil ceangal leis an mBreatain acu ach oiread. Ach go cultúrtha agus go sóisialta, tá difear lá agus oíche idir baill na mBRICS. Sa Bhrasaíl, mar shampla, tá cead ag daoine LADT+ pósadh. San Iaráin, daortar chun báis iad.
Go deimhin bhí míshuaimhneas áirithe le brath sa tuairisciú a rinne na meáin mhóra sa Bhrasaíl ar an gcruinniú mullaigh in Rio de Janeiro.
‘An bloc frith-Iartharach atá sna BRICS?’ a fiafraíodh i gceannlíne amháin ar an suíomh nuachta is mó sa tír, G1.
Cuid den Domhan Theas í an Bhrasaíl gan dabht, ach go cultúrtha agus go sóisialta tá i bhfad níos mó i gcoitinne aici leis an Eoraip agus leis na Stáit Aontaithe ná mar atá aici leis an Rúis, an tSín, an Iaráin nó an Araib Shádach – agus pé tuairim a bheadh ag daoine san Iarthar faoin scéal, is cinnte go mbreathnaíonn muintir na Brasaíle orthu féin mar shochaí Iartharach.
Bronntanas ó Neamh mar sin d’uachtarán na Brasaíle, Luiz Inácio da Silva (Lula, mar is fearr aithne air – is é atá ina chathaoirleach ar BRICS i mbliana) gur bhagair uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, táille iompórtála 10 faoin gcéad sa bhreis a ghearradh ar na tíortha BRICS agus ar aon tír a chláródh leo amach anseo, agus go ndúirt Trump lena chois sin an tseachtain seo go bhfuil ‘géarleanúint’ á déanamh sa Bhrasaíl ar iar-uachtarán na tíre sin, Jair Bolsonaro, atá faoi scrúdú maidir le coup d’état a dhéanamh in Eanáir 2023.
Ar an gcaoi sin, bhí Lula in ann teacht i dtír ar na mothúcháin frith-Mheiriceánacha atá forleathan go leor sa Bhrasaíl, ó thaobh na polaitíochta de pé scéal é, mar atá i gcuid mhór de Mheiriceá Theas ar chúrsaí stairiúla.
‘Níor tháinig BRICS chun cinn chun olc a chur ar éinne,’ an mana a bhí ag Lula in Rio de Janeiro an tseachtain seo, agus leag sé béim ar an gcomhoibriú eacnamaíochta agus aeráide. Ar an gcaoi dhioplómaitiúil chéanna, chinntigh na taidhleoirí Brasaíleacha go gcáinfí sa ráiteas deiridh na hionsaithe a rinneadh le gairid ar an Iaráin ach nach ndéanfaí tagairt go díreach do na Stáit Aontaithe ná d’Iosrael, agus go seachnófaí an cogadh san Úcráin mar ábhar cainte den chuid is mó.
Agus breis tíortha nach bhfuil ródhaonlathach – Maenmar agus Veiniséala ina measc – ag iarraidh a bheith ina mbaill de BRICS amach anseo, beidh sé níos deacra fós ar Lula BRICS a ‘dhíol’ lena phobal féin, agus is dóichí ná a mhalairt go méadóidh an míshuaimhneas sa Bhrasaíl go n-úsáidfí an tír sin chun ‘aghaidh chairdiúil’ a chur ar mheascán mearaí de thíortha a bhfuil roinnt mhaith tíortha fíorchasta ina measc.
Fág freagra ar '‘Níor tháinig BRICS chun cinn chun olc a chur ar éinne’ – Lula'