Anraí Mac Giolla Chomhaill – scoláire a rinne obair iontach ar son na Gaeilge agus lucht foghlama na teanga

Bhí urraim ag pobal na Gaeilge agus ag lucht léinn do Anraí Mac Giolla Chomhaill, an scoláire Gaeilge as Doire a bhásaigh le déanaí

Anraí Mac Giolla Chomhaill – scoláire a rinne obair iontach ar son na Gaeilge agus lucht foghlama na teanga

Rinne Anraí Mac Giolla Chomhaill, an scoláire Gaeilge as Doire a bhásaigh le déanaí, obair iontach le linn a shaoil ar son na Gaeilge agus ar son lucht foghlama na teanga go háirithe. Saothar ollmhór ilghnéitheach a bhí ina shaothar a raibh tionchar nach beag aige ar phobal Gaeilge a linne féin agus ar na glúnta Gaeilgeoirí a thiocfas inár ndiaidh.

I dTaobh na hAbhann, i nDoire Cholm Cille féin a rugadh Harry an 22 Bealtaine 1940. Ba as Doire a thuismitheoirí Henry agus Sarah Coyle. Ar na duganna a bhí a athair ag obair agus oibrí monarchan ab ea a mháthair. 

Ní raibh sa chlann ach Anraí agus bhásaigh a mháthair agus gan é ach ag tosú ar Choláiste Cholm Cille i nDoire, áit ar chuir sé spéis ar leith sna teangacha. Is iad an Ghaeilge, an Fhraincis agus an Laidin na hábhair a bhí aige do na scrúduithe Ardleibhéil. Chaitheadh sé an samhradh i Rann na Feirste. Bhain sé céim amach ansin sa Cheiltis in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus chaith seal mar chúntóir taighde ag Heinrich Wagner ina dhiaidh sin ag déanamh suirbhé ar chanúintí na Gaeilge don LASID (Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects) agus shiúil sé Gaeltachtaí na tíre i mbun taighde.  Chomh maith lena shaineolas ar Ghaeilge Uladh bhí eolas aige chomh maith ar Gàidhlig, Gaeilge Mhanann agus Breatnais. Bhíodh sé ag teagasc sna coláistí samhraidh i Rann na Feirste, Anagaire agus Gleann Bhairr.

Chuaigh sé a theagasc in Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn, sa bhliain 1965 agus rinneadh sagart de sa bhliain 1980. 

Is eisean a chuir eagar ar go leor de leabhair Thír Chonaill – Na Rosa go Brách (1997), Scéal Hiúdaí Sheáinín (1997) agus Scéalta Johnny Shéamaisín (2004) – agus tá roinnt leabhar aistrithe ón Fhraincis aige chomh maith – Les Oberlé (1996), Le Grand Meaulnes (2001) agus Thérèse Desqueyroux (2008). 

Tá go leor ábhar foilsithe aige ar chúrsaí eaglasta, Pápaí an Fichiú hAois (2002), mar shampla, agus foilsíodh a mhórshaothar Deismir: Cnuasach de chora cainte is de natháin i nGaeilge Uladh sa bhliain 2003. Nuair a chuaigh sé ar scor chuaigh sé chun cónaí ar an Lúb i gContae Dhoire.

Ba é Anraí Mac Giolla Chomhaill an chéad duine a theagasc Gaeilge i gColáiste Mhig Aoidh sna 1960idí, beart a bhunaigh an Léann Éireannach mar shainréimse staidéir sa Choláiste. 

Foilsíodh  70 leabhar Gaeilge dá chuid agus bhí urraim dó ag pobal na Gaeilge agus ag lucht léinn. 

Chaith sé seal fada ina eagarthóir ar An tUltach idir 1965 agus 1977 agus bhí sé ar bhord eagarthóireachta na hirise ar feadh 40 bliain. Chuir sé an-chomaoin ar an bpobal lena léargas ar théacsanna na meánaoiseanna  do scoláirí na Gaeilge. Is iomaí áis is cúnamh a chuir sé ar fáil do lucht na Gaeilge i rith an ama: téacsleabhar, ábhar léitheoireachta, filíocht, agus leabhair do pháistí. Scríobh sé leabhar ar chúrsaí iompair i gCúige Uladh, Taisteal agus Iompar in Éirinn (1974),  agus bhronn sé an bailiúchán mór ábhar a bhí aige faoi chúrsaí iompair ar Chartlann agus  Leabharlann an Chairdinéil Tomás Ó Fiaich  [CÓFLA] in Ard Mhacha. 

Faoi eagarthóireacht an Monsignor Réamonn Ó Muirí foilsíodh Féilscríbhinn Anraí Mhic Giolla Chomhaill, cnuasach aistí  (Festschrift) ina onóir in 2011 mar a bhfuil aistí le 19 scoláire faoina chuid ábhar spéise. 

Ar chuid den saothar eile a scríobh sé: Díolaim Próis, 1450-1850 (1972), Lúth na Teanga (1972), Rogha agus Togha (1975), Fíorscéal agus Finscéal (1976), Saol Ár Linne (1977), Éadáil (1979) agus sraith iontach Fás (1976-79). 

Sa bhliain 2009 bhronn Éigse Cholm Cille Gradam na hÉigse air agus bhronn Comhairle Chathair Dhoire dochtúireacht oinigh air in 2017. 

Fág freagra ar 'Anraí Mac Giolla Chomhaill – scoláire a rinne obair iontach ar son na Gaeilge agus lucht foghlama na teanga'