ÓMÓS: ‘Tabharfar siar go Maínis thú, áit a gcaoinfear thú go hard’ – slán fágtha le Desmond Fennell, mórsmaointeoir Gaelach

Fealsamh ba ea Desmond Fennell a chreid nár cheart a bheith i do sclábhaí ag an dearcadh coitianta agus a d’fhág a lorg ar dhán na Gaeltachta

ÓMÓS: ‘Tabharfar siar go Maínis thú, áit a gcaoinfear thú go hard’ – slán fágtha le Desmond Fennell, mórsmaointeoir Gaelach

Fágadh slán inniu ag searmanas i mBaile Átha Cliath le Desmond Fennell, an scríbhneoir, fealsúnaí agus Gael a bhásaigh le gairid.

Bhí sé 92 bliain d’aois.

Rugadh Desmond Fennell, duine de mhórsmaointeoirí na hÉireann, i mBéal Feirste agus tógadh i mBaile Átha Cliath é.

D’aistrigh sé go dtí Conamara ar feadh roinnt mhaith blianta sna 1960idí agus d’fhág a smaointe faoi chaomhnú na Gaeilge agus chultúr na hÉireann lorg mór ar ghluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta, ar ghlúin gníomhaithe teanga agus ar an nGaeltacht féin.

Ag labhairt dó ag searmanas créamtha a athar inniu, dúirt Cillian Fennell gurb é an rud ab ansa lena athair faoin saol ná an daonnacht.

“Bhain sé a shásamh as an saol go dtí an braoinín deiridh, an anáil deiridh, mar b’aoibhinn leis an daonnacht. B’in an pléisiúr ba mhó aige. Seanrá aige ‘Is aoibhinn liom a bheith i mo dhuine!” arsa Cillian Fennell.

Dúirt sé gur chaith a athair 80 bliain ar ‘Odaisé’, ag taisteal an domhain agus ag fiosrú na mbealaí go bhféadfadh an intinn an saol a mhúnlú agus éachtaint a thabhairt dúinn ar áit an duine ann.

“Chreid sé gur sa smaointeoireacht a chuirfeá le do dhaonnacht,” arsa Cillian.

Fear mór creidimh ab ea é chomh maith agus b’fhearr do Dhia a bheith “ag réiteach do na hargóintí a bheidh eatarthu”, a dúirt sé agus é ag gáire.

An teachtaireacht a bhí i gcónaí aige ná “smaoinigh duit féin” agus “ná bí i do sclábhaí ag aon ortadocsacht, ná ag aon smaoineamh a bhrúfaí ort nó a gheofá ar iasacht nó le hoidhreacht.”

“Ná lig dóibh tú a chur go dtí an scoil cheartúcháin [an correctorate], ná lig dóibh a insint duit conas ba cheart duit smaoineamh. Oibrigh amach tú féin é agus déan do chuid féin de. Ba chineál punc é ar an mbealach sin,” a dúirt Cillian Fennell.

Bhí baint lárnach ag Desmond Fennell le bunú Shaor-Raidió Conamara, an stáisiún bradach ónar eascair an t-éileamh ar Raidió na Gaeltachta agus bhí baint mhór aige chomh maith leis an éileamh ar údarás réigiúnach don Ghaeltacht.

Mhol sé go mbunófaí ‘Iosrael  in IarChonnacht’, coincheap a bhí bunaithe ar athbheochan na hEabhraise. D’achainigh sé ar Ghaeilgeoirí a bhí scaipthe ar fud na tíre bogadh go dtí Gaeltacht Chonamara chun dúshraith a chur faoi athbheochan na teanga. Bhog Fennell agus a bhean, an teangeolaí Mary Troy, go dtí Maínis in Iorras Aithneach i gConamara, mar ar thóg siad a gclann le Gaeilge.

Ag an searmanas créamtha inniu, dúirt a mhac Cillian go mbeadh a athair ag filleadh ar IarChonnachta arís.

“Aireoimid uainn é. Lá éicint tabharfaimid siar é, go dtí an Maínis ar thug sé siar muide ann – is dócha gurb é an gifte is mó a thug sé dúinn, muid a thabhairt go Conamara agus muid chomh hóg, leis an saol ann a fheiceáil, maireachtáil ann agus ár gcuid féin a dhéanamh de.

“Tabharfar siar thú, a Dhaidí. Agus ag dul siar Inse Ghainimh dúinn, beidh an fharraige ag éirí ard, ach ní chuirfimid i Leitir Calaidh thú mar ní ann atá do dhream. Tabharfar siar go Maínis thú, áit a gcaoinfear thú go hard. Beidh soilse ar dumhchannaí agus ní bheidh uaigneas ort ann. Slán abhaile, a Dhaidí.”

Bhí athbheochan na Gaeilge ar cheann de mhórthéamaí a shaoil mar smaointeoir, téama ar fhill sé arís air i sraith alt gairid ar Tuairisc.ie in 2015. Mhaígh sé sna hailt sin go raibh teipthe ar an iarracht an Ghaeilge a athbheochan agus go raibh gá le cur chuige nua – bunú Éire Shaor, eagraíocht nua cainteoirí líofa Gaeilge.

Chothaigh an moladh sin roinnt conspóide, rud nárbh annamh leis mar smaointeoir a thug a shaol ag ceistiú pé dearcadh coitianta a bhí sa treis ag an am, go háirithe dearcadh éilít liobrálach Bhaile Átha Cliath 4.

Ó bhí sé ina fhear óg, rinne sé go leor taistil ar fud an domhain agus rinne sé scagadh ar go leor ceisteanna éagsúla a bhain le réimse leathan ábhar, ina measc an náisiúnachas, an coilíneachas, an chríochdheighilt, sibhialtacht an iarthair, an nualiobrálachas, an cumannachas agus an Caitliceachas.

Desmond Fennell. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Rugadh ar bhóthar Aontroma i mBéal Feirste é i 1929 agus tógadh i mBaile Cliath é ó bhí sé trí bliana d’aois. Thug sé tréimhsí i dtíortha éagsúla agus chaith sé cuid de bhlianta deireanacha a shaoil san Iodáil lena pháirtí Miriam.

I measc na saothar is mó aige tá Mainly in Wonder (1959), faoina chuid taistil sa Chianoirthear agus The Changing Face of Catholic Ireland (1968). Sa leabhar The Third Stroke Did It: The Staggered End of European Civilisation (2012), d’áitigh sé gurb é an bás a bhí i ndán do chultúr tomhaltachais an iarthair toisc a bhaoithe is a bhí sé.

Sna 1960idí agus sna 1970idí mhol sé cur chuige nua i leith aontú na hÉireann agus athbheochan na Gaeilge agus cheistigh sé gnéithe den náisiúnachas traidisiúnta i saothair amhail Beyond Nationalism: The Struggle against Provinciality in the Modern World,  Sketches of the New Ireland.

Mhol sé go ndéanfaí Éire a athshamhlú mar náisiún a bhí neamhspleách ó thaobh an chultúir, na smaointeoireachta agus na heacnamaíochta.

Bhíodh colún aige a mbíodh an-éileamh agus an-tionchar aige sa Sunday Press, mar a gcuireadh sé a chuid smaointe faoi chúrsaí polaitíochta agus cultúir i láthair leis an neamheagla ba dhual dó.

Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn i measc na ndaoine a léirigh ómós dó ó fógraíodh scéal a bháis ag an deireadh seachtaine.

Dúirt an tUachtarán gur duine é Desmond Fennell a bhí go mór “i bhfách le cearta teanga agus leis an réigiúnachas fiúntach”.

Dúirt sé go ndearna sé “anailís eolach neamhspleách ar raon leathan téamaí”.

“Ba dhíospóir fuinniúil é maidir le leaganacha éagsúla den útóipe, agus ba lú tábhacht a bhain léi ná leis an Tómachas dar leis, mar a d’fhoghlaim mé, más buan mo chuimhne, agus é ina chomhghleacaí múinteoireachta agam ó am go chéile i gColáiste na hOllscoile Gaillimh,” a dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn.

Dúirt an tUachtarán go raibh “tionchar” go dtí an lá inniu ag saothar Fennell i leith “ré na réabhlóide in Éirinn” agus gur slán i gcónaí a áitiú nár éirigh le réabhlóid na hÉireann a cuid aidhmeanna a bhaint amach ó thaobh “neamhspleáchas cultúrtha agus eacnamaíochta”.

Chuimhneodh go leor daoine eile air de bharr a chuid oibre i gConamara, a dúirt an tUachtarán.

Dúirt sé gur chun leas an phobail é go mbeadh fáil i gcónaí ar scríbhneoireacht agus smaointeoireacht Desmond Fennell mar “eiseamláir”.

“Níl amhras ar bith orm ach go mbeidh inspioráid le fáil go leanúnach óna oidhreacht agus óna fhiosracht,” arsa Micheál D Ó hUigínn.

Maireann a pháirtí Miriam, a chlann Oisín, Cillian, Natasha, Sorcha agus Kate, a mhac cleamhnais, Ron, a iníon cleamhnais Cathy, agus a gharchlann Sorcha, Jessica, Thal, Maya, Zach agus Anú. Bhásaigh a bhean Mary Troy roinnt blianta ó shin.

Fág freagra ar 'ÓMÓS: ‘Tabharfar siar go Maínis thú, áit a gcaoinfear thú go hard’ – slán fágtha le Desmond Fennell, mórsmaointeoir Gaelach'

  • alan titley

    Is ea, bhíodh sé i gcónaí riamh ag smaoineamh, ag cothú smaointe, níorbh aon fhaiseantóir den mhacallalathas é…ach a mhalairt. Fear uasal nár dhíol a neamhspleáchas intinne le dream ar bith…