Tá an tAthair Tomás Ó hIceadha, iarshagart paróiste Bhaile an Fheirtéaraigh agus duine de cheannródaithe na drámaíochta in Iarthar Duibhneach tar éis bháis.
Bhí sé 96 bliain d’aois.
Rugadh san Iarmhí Tomás Ó hIceadha i 1924 agus is ann a fuair sé a chuid bunscolaíochta i mBunscoil Rosemount, áit a raibh a athair ina phríomhoide idir 1920-1959.
Bhí sé ar dhuine den triúr clainne a bhí ar Ben Ó hIceadha ó Chill Airne agus Nóirín Ní Chinnéide ón bPríomhshráid sa Daingean.
D’fhan sé lena aintín chun freastal ar Scoil na mBráithre Críostaí agus chuaigh sé go dtí Coláiste Bhréanainn i gCill Airne, mar ar bhain sé áit amach ar fhoireann caide Choláistí na Mumhan.
Chuaigh sé go dtí Maigh Nuad ina dhiaidh sin agus bhog sé go hAlbain nuair a oirníodh ina shagart é ar an 15 Meitheamh 1950. Nuair a d’fhill sé ar Éirinn chaith sé tréimhsí i go leor paróistí i gCiarraí, An Neidín agus Baile na Sceilg ina measc.
I 1989 a tháinig sé go dtí Baile an Fheirtéaraigh mar shagart paróiste agus d’fhág sé lorg mór ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. Chreid sé go láidir gur rud a bhí san amharclannaíocht a d’fhéadfaí a úsáid ar leas an phobail agus gur chabhraigh an drámaíocht le forbairt an duine óig go háirithe.
Bhí suim sa drámaíocht aige ón uair a bhíodh sé ag freastal ar dhrámaí agus geamaireachtaí taistil lena thuismitheoirí nuair a bhí sé óg.
Blianta ina dhiaidh sin, dhein sé cúrsa bliana sa Central School of Speech and Drama i Londain, áit ar músclaíodh a shuim sa mhím agus lean a spéis sa drámaíocht ar feadh a shaoil. I 1978 a thosaigh sé ag léiriú drámaí d’Aisteoirí Bhréanainn.
Bhí baint mhór aige le forbairt Aisteoirí Bhréanainn i gCorca Dhuibhne agus ba í a chomhghuaillíocht le Boscó Ó Conchúir a bhain cáil amach don chompántas.
Léiritheoir den scoth ab ea an tAthair Ó hIceadha agus bronnadh go leor gradam air as a shaothar leis an gcompántas Gaeltachta.
Ar na drámaí sin bhí An Baile Seo Againne Inniu, An Breoiteachán Bréige agus leagan stáitse de Fiche Bliain ag Fás le Boscó Ó Conchúir a léiríodh ag Féile Amharclainne Bhaile Átha Cliath i ndiaidh dó gradaim a bhuachan ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta.
Beidh eagrán speisialta den chlár An Saol Ó Dheas á chraoladh amárach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta in ómós don Athair Ó hIceadha.
Poraic o'hEipicín
Ar dheis Dé go rabh a Anam uasal.