Máire Mhac an tSaoi, duine de mhórfhilí na hÉireann, tar éis bháis

Bhí Máire Mhac an tSaoi, a rugadh i 1922, ar dhuine de cheannródaithe móra fhilíocht na Gaeilge sa 20ú haois

Máire Mhac an tSaoi, duine de mhórfhilí na hÉireann, tar éis bháis

Tá Máire Mhac an tSaoi, duine de mhórfhilí na hÉireann, tar éis bháis.

Bhí sí 99 bliain d’aois.

Bhí Máire Mhac an tSaoi, a rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 4 Aibreáin in 1922, ar dhuine de cheannródaithe fhilíocht na Gaeilge sa 20ú haois agus tá a cnuasaigh amhail Margadh na Saoire (1956) agus Codladh an Ghaiscigh (1973) áirithe mar mhórshaothair de chuid litríocht na Gaeilge agus litríocht na hÉireann.

Ceannródaí ab ea í i réimsí eile den saol chomh maith agus ba í an chéad bhean in Éirinn ar glacadh léi mar abhcóide agus rinne sí obair mhór mar thaidhleoir idir 1947-1962 i mBaile Átha Cliath, sa Spáinn, sa Fhrainc agus leis na Náisiúin Aontaithe. Iníon ab ea í le Séan MacEntee, iarThánaiste agus duine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil.

Bhí sí pósta le Conor Cruise O’Brien, an scríbhneoir aitheanta agus iar-aire rialtais a bhásaigh in 2008.

Ceithre chnuasach filíochta a chuir sí amach chomh maith le haistriúcháin ar dhánta de chuid Rilke, obair scolártha, an dírbheathaisnéis The Same Age as the State agus na saothair phróis Cérbh í Meg Russell? agus Scéal Ghearóid Iarla.

Foilsíodh rogha dánta léi, curtha in eagar ag Louis de Paor, The Miraculous Parish/An Paróiste Míorúilteach in 2011.

Rinneadh an scannán Deargdhúil: Anatomy of Passion faoina saothar chomh maith.

Bhí ceangal mór aici le Gaeltacht Chorca Dhuibhne, mar a mbíodh sí ar saoire agus í óg sa teach ar a dtugtaí Tigh na Cille i nDún Chaoin.

Uncail Mháire Mhac an tSaoi, an Moinsíneoir Pádraig de Brún, file agus scoláire aitheanta, a thóg an teach sa bhliain 1920.

Físeán: Agallamh speisialta le Máire Mhac an tSaoi

“Ancaire samhlaíochta ab ea Tigh na Cille a choinnigh í féin is a cuid filíochta i ngreim sa tsibhialtacht uasal a d’aimsigh sí i nGaeltacht Dhún Chaoin,” a dúirt an file Louis de Paor anuraidh agus é ag moladh go gceannódh an stát an teach.

Dúirt a clann gur cúis mhór bhróin dóibh a bás Mháire Mhac an tSaoi a fhógairt.

“Fuair Máire bás suaimhneach ag tráthnóna Dé Sathairn ag baile, mar a raibh a hiníon Margaret ag tabhairt aire di.

“B’iontach an saol a chaith sí ag am iontach i measc daoine iontacha.”

Maireann a páistí, Patrick agus Margaret, a leasiníon Fedelma agus gaolta agus cairde eile léi.

FOCAL IS FUAIM: Dánta le Máire Mhac an tSaoi á léamh ag an bhfile

Fág freagra ar 'Máire Mhac an tSaoi, duine de mhórfhilí na hÉireann, tar éis bháis'