Níl aon amhras ach go bhfuil cumann fónta filíochta idir Máire Mhac an tSaoi agus Piaras Feirtéar

Sa mhír seo moltar duit leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus d’aimhleasa

Níl aon amhras ach go bhfuil cumann fónta filíochta idir Máire Mhac an tSaoi agus Piaras Feirtéar

Bhí tráth ann nuair a bhíodh saothar fhilí traidisiúnta na Gaeilge le fáil ar chúrsaí foghlama Gaeilge stáit, agus go deimhin i lár an ghoirt i gcúrsaí na n-ollscoileanna.

Go díreach anois faoi láthair, nuair is féidir le mac léinn meabhrach céim Bhéarla a dhéanamh gan cuimilt le dráma ar bith de chuid Shakespeare, is féidir céim a dhéanamh sa Ghaeilge in áiteanna gan trácht a chlos um Aogán Ó Rathaille, nó Pheadar Ó Doirnín, nó Raifteirí féin. Ó, agus sea, gan aon lua a theacht ó bhéal duine ar bith ar Phiaras Feirtéar.

Ar Phiaras cé? Mar a déarfaí.

Ba dhóigh leat go bhfuil smut maith dá saol caite ag Máire Mhac an tSaoi ag machnamh agus ag marana ar Phiaras. Filí grá an bheirt acu, agus filí polaitiúla iad araon ar shlite éagsúla. Níl aon amhras ná go raibh cumann filíochta eatarthu, agus níos tábhachtaí ná sin, go bhfuil cumann eatarthu fós.

Do na haineolaigh (sin sinn go léir) a léann an colún seo agus dóibh siúd a bhfuil a gcuid cillíní cinn ardghafa le cúraimí eile na plá, file ba ea Piaras (1600 – 53)  de shliocht na ngallghaelaithe a shealbhaigh talamh in iarthar Dhuibhneach ach a chuaigh faoi uisce an cheatha nuair a leagadh an leathbhuatais ghallda ar a chineál agus ar a mhuineál nuair a d’fháisc na daonlathaigh Chromaileacha go teann orthu.

Bhí seilbh ag muintir na bhFeirtéarach ar stráicí fada d’iarthar Chiarraí, na Blascaodaí ina measc, rud a d’fhág go mbeadh ar Thomás Criomhthain agus na Sayersaigh iad a dhíbirt sa chás is go leanfadh forlámhas na tíorántachta Feirtéaraí ar a ngabháltais bheaga shuaracha.

Mar sin féin, file álainn cumhachtach snoite ba ea é fad a shiúlann, fág gur nósmhar agus coinbhinsiúnta a réim, ach ar mhí-ámharaí an bháis ní raibh sé chomh maith sin mar shaighdiúir. Gabhadh é san éirí amach reibiliúnach in aghaidh an rialtais dhleathaigh, agus crochadh é de réir dlí agus reachta.

Mír bheag dá bheatha shaoil is ea an nóibhille A Bhean Óg Ón… (CIC €8.00) le Máire Mhac an tSaoi ina gcasann an file ar Mheg Russell, an bhean óg, nó an cailín óg féin ar scríobh sé an dán ‘Tugas annsacht d’óigh Ghallda’ ina hómós. Dán álainn paiseanta is ea é, ceann de dhánta móra grá na Gaeilge, ach is dócha go gcuirfí claonta péidifilia ina leith inniu ar a hóige is a bhí sí mar Mheg.

Ina choinne sin thall, nóibhille gonta greanta atá sa leabhar, scéal eachtraíochta go háirithe ina n-éiríonn leis an bhfile an ‘ógh ghallda’ a theasargan ó chrúcaí drochphósta agus ó fhoghlaithe bóthair ar chuma leo ina taobh. Dá ghiorracht í tá blasta. Chuir Colonel Goring sceimhle orm, ach ar chúis eile ar fad mar a thuigfeá, ach is beag duine eile seachas na laochra nach gcuirfeadh amhras éigin ort.

In áit amháin, tá Piaras ag smaoineamh ar ‘conas ab fhéidir éigse agus eachtra a shníomh le chéile’ ar nós ‘make hope and history rhyme’ Heaney ar shlí, ach is é sin a éiríonn le Máire Mhac an tSaoi a dhéanamh.

Dá mbeadh aon amhras ort, b’fhiú triall ar Cérbh í Meg Russell? (Leabhar Breac €15) leis an údar céanna ina bhfuil cuntas níos iomláine ar chúlra an úrscéil cheana. Agus Meg Russell féin á lorg aici, tugtar cur síos thar a bheith solasmhar ar Phiaras arís, ar shaol na hÉireann lena linn, agus ar an gcaidreamh idir mionuaisle leathghalldaithe na tíre seo agus beaguaisle neamhghaelacha na tíre thall, go díreach mar atá inniu.

Léiriú follasach é an nóibhille ar an riachtanas is gá d’údar a dhéanamh i mbun taighde ar an eachtra stairiúil, ach ní i gcónaí a nochtar an taighde sin dúinn.

Sa chás seo, tá an cúlra nach mór chomh suimiúil leis an scéal féin, ach is faoin léitheoir atá an bhreith sin a thabhairt.

Fág freagra ar 'Níl aon amhras ach go bhfuil cumann fónta filíochta idir Máire Mhac an tSaoi agus Piaras Feirtéar'

  • Gearóid

    Cé hé údar an phíosa seo? Ana mhaith.

  • Colette nì ghallchòir

    An mhaith alan titley ò colette