Athshamhlú spraíúil Gaeilge ar scéal an lachín ghránna

Is leor breathnú ar chlúdach ‘An Sicín Glas’ le haoibh an gháire a chur ort

Athshamhlú spraíúil Gaeilge ar scéal an lachín ghránna

An Sicín Glas
Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock ar bhunleabhar le Ivan Parvov

Díreach nuair a cheapfá go bhfuil gach leagan den lachín ghránna feicthe agat, tagann An Sicín Glas chugainn, athshamhlú spraíúil agus croíúil den seanchlasaic a spreagann gliondar agus gáire ón gcéad amharc.

Is leor breathnú ar an gclúdach le haoibh an gháire a chur ort. Feicfidh tú trí ubh bhriste le taobh le chéile agus dhá shicín ag gobadh aníos as péire acu agus ‘sicín’ beag glas aníos as an tríú hubh. Is léir go bhfuil rud éigin as alt in áit éigin. Baintear an-úsáid as an ngreann físiúil agus tuigfidh gasúir bheaga go bhfuil rud éigin mícheart agus nach sicín atá ann ar chor ar bith ach crogaillín beag glas. Tá mearbhall ar na trí charachtar ar an gclúdach, an dá shicín beag buí agus ar an gcrogaillín féin.

Tá na léaráidí simplí ach an-éifeachtúil. Más fíor gurb iad na súile an fhuinneog isteach go dtí an t-anam, tá anam na gcarachtar seo á léiriú ag an ealaíontóir agus gan aige ach poincín beag dubh amháin. Úsáideann sé an poincín beag dubh sin go cliste le pearsantacht agus mothúcháin a léiriú go soiléir. Cuirtear go mór leis an scéal trí na híomhánna barrúla.

Traschruthú é an leabhar ar The Green Chicken le Ivan Parvov, atá ar fáil ar líne faoi cheadúnas Creative Commons agus aistriúcháin déanta go go leor teangacha éagsúla air. Ach mar is dual do Gabriel Rosenstock, tá beocht nua tugtha don scéal agus a chuid féin déanta aige de. Tá a thráthúlacht ann agus Gaelú agus Éireannú iomlán déanta aige ar láthair an scéil agus ar na carachtair féin.

Tá pearsantacht bhríomhar ag an gcrogaillín beag, an ‘sicín glas’, cé go bhfuil sé sórt scoite amach ó na sicíní eile. Níl sé mar a chéile lena deartháireacha, Seacláid agus Sicláid ach bíonn siadsan lách leis ina dhiaidh sin féin.

Is iad na hainmhithe eile ar an bhfeirm a bhíonn ag gáire faoi, ‘Há-há! Is ait an mac é! Glas! Ní sicín in aon chor é!’ a deir an luch, an ghé agus an mhuc leis agus iad ag magadh faoi.

Bíonn a dheartháireacha ag iarraidh cúnamh a thabhairt dhó le rudaí ‘sicíniúla’ a dhéanamh sa gclós, ag cartadh is ag tóraíocht péisteanna ach níl aon mhaith leis ag déanamh na rudaí sin. Ba é an coileach ba mheasa a bhí ag magadh faoi. “Níl sé in ann Sicínis a labhairt i gceart fiú amháin. Pleidhce!”

Ach in ainneoin an fhuatha agus na bulaíochta leanann an crogaillín air go ciúin, cróga agus é ag treabhadh leis. Tá radharc beag álainn amháin sa leabhar ina bhfeictear an crogaillín amuigh i gclós na feirme san oíche agus é ag breathnú suas ar na réalta ag guí go mbeadh sé ina shicín ‘ceart’ lá breá éigin.

Oíche amháin tagann an chontúirt. San áit a mbíonn cearca, bíonn an sionnach ann freisin. Tagann sionnach glic ag bagairt ar chró na gcearc, agus fiú anseo níl aon sionnach as an mbosca atá ann. Tá pearsantacht agus cúlscéal cumtha ag Rosenstock don sionnach féin agus coinne aige le bualadh le ‘Susaí’ an oíche dár gcionn.

Cé a shábhálann an lá? Ár laoch beag glas, ar ndóigh. Baineann sé greim as eireaball an tsionnaigh agus cuireann sé an ruaig air.

Ar ndóigh tá chuile dhuine mór leis ina dhaidh sin. Cairde na soininne is dóigh, ach más ea fein is dóigh go mbeidh a shaol níos éasca nuair nach bhfuil chuile dhuine ag cur as dó!

Scéal deas spraíúil agus neart grinn ann is ea An Sicín Glas, agus tá croí ann freisin. Ceiliúradh é ar an difríocht, an misneach agus  an tábhacht a bhaineann le bheith dílis duit féin.

Fág freagra ar 'Athshamhlú spraíúil Gaeilge ar scéal an lachín ghránna'