‘Áit bheannaithe oidhreachta’ é teach saoire Mháire Mac an tSaoi i nDún Chaoin ar chóir don stát é a chur ar láimh shábhála – Louis de Paor

Tá €120,000 á lorg mar chéad tairiscint do Thigh na Cille i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus á chur ar ceant an mhí seo

‘Áit bheannaithe oidhreachta’ é teach saoire Mháire Mac an tSaoi i nDún Chaoin ar chóir don stát é a chur ar láimh shábhála – Louis de Paor

Deir an file agus scoláire aitheanta Louis de Paor gur chóir don Stát teach saoire Mháire Mhac an tSaoi i nGaeltacht Dhún Chaoin agus “áiteanna beannaithe eile a bhfuil luach cultúrtha leo” a chur ar láimh shábhála do na glúnta atá le teacht.

Tá an teach saoire ar chaith duine de mhórfhilí na Gaeilge, Máire Mhac an tSaoi, cuid mhór dá hóige ann le cur ar ceant an mhí seo agus €120,000 á lorg mar chéad tairiscint.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Louis de Paor, saineolaí ar fhilíocht Mhac an tSaoi, gur “áit bheannaithe ó thaobh na litríochta Gaeilge agus na dtraidisiún dúchais” é an teach ar a dtugtaí Tigh na Cille i nGaeltacht Dhún Chaoin agus gur cheart a chinntiú go dtuigfeadh an ghlúin atá le teacht “an luach agus an tábhacht” a bhaineann leis.

“Ancaire samhlaíochta ab ea Tigh na Cille a choinnigh í féin is a cuid filíochta i ngreim sa tsibhialtacht uasal a d’aimsigh sí i nGaeltacht Dhún Chaoin. Áit bheannaithe is ea é mar sin d’éinne a bhfuil meas aige nó aici ar an oidhreacht áirithe a fhágann gur áit fé leith í an tír seo.

“Tar éis na cainte go léir, áfach, nílimid sásta, de réir dealraimh, beart a dhéanamh de réir ár mbriathra is a chinntiú go gcuirfí áiteanna mar seo ar láimh shábhála dos na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh,” a dúirt de Paor.

Beidh an teach, atá ina fhothrach anois, ar díol ag an cheantálaí Anthony Fitzgerald, úinéir an eastáit ghníomhaireachta West Kerry Properties.

Dúirt Anthony Fitzgerald le Tuairisc.ie go bhfuil “spéis réasúnta mór” á léiriú sa teach go dtí seo agus gur daoine sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain is mó a bhí i dteagmháil leis go dtí seo faoin cheant.

Tá an teach suite i gCeathrú an Fheirtéaraigh, ar imeall aille ag féachaint amach ar an Bhlascaod Mór.

Dúirt Fitzgerald gurb é an “radharc aoibhinn” is mó atá ag mealladh daoine ach “rud sa bhreis” é an cúlra stairiúil spéisiúil a chuireann leis an mhaoin.

Uncail Mháire Mhac an tSaoi, an Moinsíneoir Pádraig de Brún, file agus scoláire aitheanta, a thóg an teach sa bhliain 1920.

Ba chara mór é an Moinsíneoir de Brún le Seán Mac Diarmada, duine de cheannairí Éirí Amach na Cásca ar cuireadh chun báis iad.

Tuigtear gur tháinig de Brún ar rothar go Dún Chaoin ó Bhaile Átha Cliath le faoiseamh a fháil ón bhriseadh croí a bhí air i ndiaidh bhás a charad agus go ndearna sé tearmann cultúir, litríochta agus Gaelainne den teach a bhí mar “athbhaile” ag Máire Mhac an tSaoi.

“Thug Pádraig de Brún leis an t-eolas fairsing a bhí aige ar litríocht na Gaeilge is ar ealaín na mór-roinne go dtí Tigh na Cille mar a raibh fáilte i gcónaí roimh mhuintir na háite, máistrí an traidisiúin dúchais bhéil. Leis sin, d’fhéadfá a rá go raibh an iasacht is an dúchas, an tseanaimsir is an fichiú haois ag bualadh le chéile sa tigh sin ar aghaidh an Atlantaigh,” a deir Louis de Paor.

Deir de Paor go bhfuil áiteanna ar fud na tíre a bhfuil luach cultúrtha an-mhór leo tréigthe agus gur beag dóchas aige go dtógfaí ar láimh shábhála iad.

“Tá tigh Sheáin Uí Ríordáin ina fhásach ar imeall chathair Chorcaí agus tigh Phádraig de Brún ag titim as a chéile le blianta fada.

“Nuair nárbh fhéidir Teamhair a chosaint ar na tarracóirí roinnt blianta ó shin, is deacair a shamhlú go mbeidh aon athrú ar an scéal fiú agus Gaeilgeoirí díograiseacha chun tosaigh i measc lucht na cumhachta anois,” a dúirt an file Louis de Paor.

Fág freagra ar '‘Áit bheannaithe oidhreachta’ é teach saoire Mháire Mac an tSaoi i nDún Chaoin ar chóir don stát é a chur ar láimh shábhála – Louis de Paor'

  • Duine ar an gClaí

    Canataobh go gcaithfear iarraidh ar an Stát a leithéid de rud a dhéanamh, go háirithe nuair is léir gur cuma leis an Stát faoin nGaolainn agus gach a mbaineann léi?

    Nach féidir le daoine na céadta mílte euro a bhailiú le haghaidh tograí de gach sóirt ‘is saghas sa lá atá inniubh ann? Más ann d’aon fhonn an tigh seo a cheannach, go dtaga na daoine a bhfuil an fonn san orthu le chéile, go gcuirid an t-airgead a theastaíonn le chéile agus go gceannaíd an tigh gan cabhair ná cúnamh ná deontas dá laghad a lorg ón Stát. Ní bheadh a leithéid de rud dodhéanta, ach daoine a bheith sásta beart a dhéanamh de réir a mbriathair.

    Lean ort mar san, a Louis, agus dul i mbun cainte le daoine eile atá ar aon tuairim leatsa, ceannaídh an tigh agus go ndéana sibh rud éigin de – tigh a thabharfadh lóistín do scríbhneoirí na Gaolainne a bheadh ag iarraidh am a chaitheamh ann agus iad i mbun a n-oibre, b’fhéidir, nó pé rud eile a dhéanfadh maitheas do litríocht na Gaolainne, rud fiúntach a bheadh oiriúnach don áit agus dá stair.