Físeán: Agallamh speisialta le Máire Mhac an tSaoi

San agallamh speisialta seo le Tuairisc.ie, labhraíonn an file iomráiteach, Máire Mhac an tSaoi, a bhfuil leabhar nua aistí faoina cuid filíochta dar teideal ‘Míorúilt an Pharóiste’ díreach foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Cuirtear tús leis an agallamh le Máire ag aithris an dáin ‘Cearca’, óna cnuasach ‘Shoa agus dánta eile’.