‘Sár-aisteoir agus fear lách’ – Tom Sailí Ó Flaithearta ar shlí na fírinne

Mar Chóilín Ó Catháin, duine de mhórcharachtair Ros na Rún, ab fhearr a bhí aithne air ar fud na tíre ach is iomaí páirt a rinne sé ar stáitse agus ar scáileán

‘Sár-aisteoir agus fear lách’ – Tom Sailí Ó Flaithearta ar shlí na fírinne

Pictiúr: Twitter/@RosnaRun

Tá an t-aisteoir agus drámadóir clúiteach Tom Sailí Ó Flaithearta tar éis bháis.

Bhí sé 89 bliain d’aois. 

Múinteoir iarbhunscoile ab ea Tom a chaith blianta ag múineadh i mBaile Átha Cliath, i dTuaim agus a chríochnaigh a shaol múinteoireachta i gColáiste Cholmcille i gCois Fharraige. 

Ar ndóigh faoi stiúir an mháistir, bhain daltaí sna scoileanna sin gradaim amach ag na comórtais scoildrámaíochta.

Ba as an gCaorán Mór ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara do Tom Sailí Ó Flaithearta agus is ann a thosaigh sé ag aisteoireacht sna 1950idí nuair a bhunaigh sé Aisteoirí Loch Conaortha.

Bhíodh sé ag aisteoireacht le hamharclann an Damer sa bpríomhchathair sna 1960idí.

Cé gur mar Chóilín Ó Catháin, duine de mhórcharachtair Ros na Rún, ab fhearr a bhí aithne air ar fud na tíre, is iomaí páirt a rinne sé ar stáitse agus ar scáileán.

Ba mhinic é le cloisteáil i ndrámaí raidió agus bhí sé le feiceáil sa tsraith foghlama Gaeilge Labhair Gaeilge Linn ar RTÉ.

Bhí sé i Poitín,  scannán iomráiteach Bhob Quinn, i 1978 agus rinne sé páirt Sheáinín Liam sa scannán Cré na Cille in 2007, páirt a rinne sé freisin ar stáitse Amharclann na Mainistreach i 1996. Bhí sé le cloisteáil chomh maith ar leagan RTÉ Raidió na Gaeltachta de mhórshaothar an Chadhnaigh.

D’aistrigh Tom Sally leaganacha stáitse de dhrámaí de chuid John Millington Synge, Chun na Farraige Síos, Uaigneas an Ghleanna agus Pósadh an Tincéara, leaganacha a thuill meas go leor. 

Tugadh ardmholadh dá shaothar i léirmheas san Irish Time ar Chun na Farraige Síos/ Pósadh an Tincéara nuair a léiríodh in Amharclann de hÍde agus aithníodh gur gníomh tábhachtach athghabhála cultúir a bhí ann.

It comes as no surprise that Tom Saili Ó Flaithearta’s translation shocks the ear with a sense of rightness, the feeling that, linguistically, the play has come home.”

Bhí tuismitheoirí agus páistí na Gaeltachta buíoch go maith do Tom chomh maith mar ba é a thug guth do sheacht gcinn de na hamhráin a théann leis an mbailiúcháin amhrán do pháistí, Gugalaí Gug.  

Bhí cuimhne chinn as an ngnáth ag Tom agus focail na gcéadta amhrán, dán is píosaí véarsaíochta ar bharr a ghoib aige. 

Bhíodh hallaí lán agus é féin agus compántas drámaíochta Johnny Chóil Mhaidhc ag cur drámaí agus agallaimh bheirte os a gcomhair go paiteanta. 

Bhí cuid mhór d’fhilíocht Raiftearaí de ghlanmheabhair aige agus is beag a dhearmadfaidh é i mbun Seanchas na Sceiche.

Ar an gCaorán i mBaile na hAbhann a bhí Tom ina chónaí agus is iomaí sin cúram ar bhain sé pléisiúr as fad a fuair sé an tsláinte leis. Bhí an-spéis aige sa talamh agus na beithígh ina bpeataí aige agus a chuid torthaí féin á bhfás aige. 

Bhíodh an-fhonn air corrgheábh a thabhairt amach sa mbáidín ar an bhfarraige sa samhradh agus cúpla béile éisc a bhaint aisti.  

Bhí Tom ag éagaoineadh le tamall agus bhí tamaillín caite aige in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua.

Ceardaí focal  agus file a bhí san ealaíontóir uasal ilchumasach freisin agus chum sé filíocht agus amhráin.

I ráiteas ó Ros na Rún ag déanamh comhbhrón lena mhuintir dúradh gur “údar mór bróin dúinn go léir i Ros na Rún bás Tom Sailí Ó Flaithearta. Aisteoir den scoth, agus fear lách cairdiúil a raibh an-mheas againn air. Agus leaba i measc na naomh go raibh aige”.

Fág freagra ar '‘Sár-aisteoir agus fear lách’ – Tom Sailí Ó Flaithearta ar shlí na fírinne'

  • S. Mac Muirí

    Má leanann glún úr aisteoirí an chonair chruinnis 7 saibhris ar ardán 7 ar an scáileán a chleacht Tom Sailí, grásta ó Dhia air, beidh rath céadach ar a saothar.

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.

  • Pól Ó Braoin

    B’iomaí uair a d’ardaigh sé mo chroí. Is mór an spórt a bhainfeas comhluadar mór na nGael a d’imigh as a chuid scéalaíochta agus seanchais.

  • Dsithi O Maolruaidh

    RIP