Tom Neilí Ó Mainín uasal ‘dulta go hOireachtas na bhFlaitheas’ anois

Feirmeoir, iascaire, seanchaí, staraí, amhránaí agus fear cuideachtan go smior ba ea Tom Neilí Ó Mainín ó  Thíorabháin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne

Tom Neilí Ó Mainín uasal ‘dulta go hOireachtas na bhFlaitheas’ anois

Ar dheis Tom Neilí Ó Mainín agus é ag baint sásamh as na maidí pínt le linn Oireachtas na Samhna. Ina theannta tá Muiris Ó Rócháin, nach maireann, agus Páidí Mhárthan Mac Gearailt

Feirmeoir, iascaire, seanchaí, staraí, amhránaí agus fear cuideachtan go smior ba ea Tom Neilí Ó Mainín, ó Thíorabháin,  atá imithe uainn ar shlí na fírinne. 

Sea mhuise, fear suáilceach muinteartha agus fear go mbíodh aoibh na sástachta air i gcónaí, is cuma cad a bheadh ar bun aige. Trócaire sa chré air, mar a deireadh muintir an Bhlascaoid Mhóir.

Is dócha gur ag An tOireachtas, na blianta fada ó shin,  a chuir an pobal Gaelach i gcoitinne aithne ar dtúis ar an bhfear mánla macánta seo. Toisc gan é bheith ar fónamh le  tamall  anuas, áfach,  ní théadh Tom go dtí An tOireachtas agus mhothaíomar uainn  go mór é. Ach tá sé imithe go dtí Oireachtas na bhFlaitheas nGeal anois, áit ná beidh aon easpa comhluadair air. Faraor, tá mórán nach é imithe chun an Oireachtais chéanna sin le tamall anuas. 

Ba léir, ó bheith tamall ina fhochair, go raibh spéis thar cuimse ag Tom ina dhúchas agus ba dheacair teacht thairis mar chainteoir líofa Gaelainne. I bhfad sular thosaigh Tom ag dul chun An tOireachtas ar bhonn rialta do bhí sé áirithe mar shaoi ina phobal féin. 

Dream intleachtúil léannta ba ea Mainínigh Thíorabháin ar fad agus níorbh aon eisceacht é Tom. Níl aon teora leis an méid eolais a bhí acu ar a dhúiche féin agus ar gach ar bhain léi.

Rámhaí breá naomhóige ba ea Tom agus is mó oíche a thug sé fliuch fuar ar an bhfarraige, i gCuan Ard na Caithne agus i gcuanta eile in Iarthar Duibhneach, is é féin is a chriú ag iascach na maicréal gan mórán fáltais ar uairibh.

Do bhí sé amuigh ar an mbóchna an oíche ar bádh criú naomhóige amach ó Bhéal Bán. D’fhan cuimhne na tragóide sin leis i rith a shaoil ar fad. Bhí sé páirteach i gcúpla rás naomhóg thiar i seascaidí an chéid seo caite.

Conas tréithe duine a aithint ón tslí a mbíonn a chaipín ar a cheann aige!

Is mór an trua agus an t-iontas nár scríobh Tom aon leabhar i rith a shaoil mar do bhí an cumas ann a leithéid a dhéanamh gan cháim. Is mó athrú a dhein an saol fad a bhí Tom ar marthain go dtí an lá atá inniu ann agus chonaic sé mórán de sin ag tarlú.

Fear ab ea é a chreid i nDia agus i dtoil Dé agus ins gach aon rud a bhaineann leis sin. Chaitheadh a leithéid creideamh láidir a bheith aige agus é ag cur a bheatha i mbaol ar an mhuir  mhóir. Is cuimhin lá amháin ar thaispeáin sé scaball dom, tiomnaithe don Mhaighdean Mhuire, a chaitheadh sé gach oíche a bhíodh sé ar an bhfarraige  agus é ag súil go dtabharfadh Sí abhaile slán é. Is mó iascaire a chaith a leithéid tráth den tsaol.

Ba bhreá leis a bheith páirteach i seisiún amhránaíochta agus bhí stór maith amhrán as Gaelainn agus as Béarla aige, maille le roinnt aistriúcháin go Gaelainn ar amhráin Bhéarla, ar nós The Rose of Tralee.

Bhíodh fonn air cur isteach ar chuid de chomórtais ardáin an Oireachtais ach ní chun iomaíochta ba ea é sin ach chun a bheith sa chuideachta agus chun aithne a chur ar na hiomaitheoirí eile.

D’éirigh leis an chéad áit a bhuachtaint sa Phríomh-Chomórtas Scéalaíochta in 2008

Bhain sé an dara háit amach sa chomórtas seo roinnt blianta chomh maith, 2001 agus 2003 ina measc. Cé nár bhuaigh Tomás an comórtas Dreas Cainte, chuaigh sé gar dhó go minic.

Déanaimid comhbhrón ó chroí lena bhean is lena chlann a bhí leáite anuas air.

Fág freagra ar 'Tom Neilí Ó Mainín uasal ‘dulta go hOireachtas na bhFlaitheas’ anois'

  • Séamas de Barra

    Focail Ómóis ag Séamas de Barra, do Tom Neilí Ó Mainín, R.I.P.
    Solas na bhFlaitheas d’anam Tom, agus go dtuga Dia grásta an tsóláis do Mháirín, agus dá gclann. Ba ghnách agus mise thiar ar saoire sa tsamhradh go dtugadh Máirín cuireadh dom bualadh isteach acu, tar éis na Nuachta ar TG4. Chuireadh Máirín agus Tom an–fháilte romham.
    Fear mór amhrán ab ea Tom, mar atá ráite ag Micheál de Mórdha. Tá focail na gcéadta amhrán scríte síos i leabhar ag Tom. B’fhéidir go dtabharfadh mac nó iníon dó faoin leabhar san a chur in eagar, agus i gcló. Déarfainn go mbeadh sciob sceab air. Bhí an–chuid scéalta gearra grinn óna mháthair chríonna ag Tom, agus bhíodh sé á n–insint dá gclann agus iad beag. Bhí cúl gach amhráin aige. Scríobhas-sa síos focail an amhráin ‘Caoineadh ar an Ath. Muiris Ó Caoimh’ ó Dhonnchadh Ó Laoithe Bhaile Uí Chorráin, trócaire ar Dhonnchadh. Bhí an t–amhrán cloiste ag Tom, dar ndóigh, ach ní raibh na focail aige. Thugas-sa focail an amhráin do Tom. D’inis Tom dom nach é ‘Ó Caoimh’ a bhí go bunúsach ar an sagart san ach ‘Ó Cuill’, ach toisc ‘Ó Cuill’ a bheith ina cine dheoranta i gCorca Dhuibhne, gurbh ea’n a dhein na Duibhnigh ‘Ó Caoimh’ de ‘Ó Cuill’. Tá Muintir Chuill i gcomharsanacht Chill Airne ceart go leor, agus gan amhras i Múscraí Uí Fhloinn. Fear de Mhuintir Chuill a bhí ina bhas ormsa ar feadh tamaill sa Ghúm fadó, Dónall Ó Cuill, beannacht Dé le hanam Dhónaill. Bíonn an t–amhrán ‘Ráiteachas na Tairngreacht’ ag Séamus Ó Beaglaoich Bhaile na bPoc. Tuigeadh domsa gur amhrán leabhair is ea é sin i gCorca Dhuibhne, ach d’inis Tom Ó Mainín dom go mbíodh sé ag na seandaoine. Dheineas féin staidéar ar an amhrán na blianta ó shin, agus dheineas amach, ar na pearsain staire a luaitear ann, gur i dtrátha na bliana 1823 a cumadh é. Tá sé i gcúl mo chinn gur fear ó Íochtar Ciarraí, a chum é, Diarmuid Ó Sé. Ba é Tom a thug cúl an amhráin The Lass from Luachair side dom, amhrán Béarla ó Chorca Dhuibhne a bhíonn ag Breanndán Ó Beaglaoich, agus ag amhránaithe eile. Eibhlín Ní Bheaglaoich [Bean Uí Lachnáin] a thug focail an amhráin sin domsa, gura maith an mhaise di é. Óna hathair sin, Sean–Bhreanndán Ó Beaglaoich a fuair Eibhlín na focail.
    Ní hamháin go raibh na hamhráin agus na scéalta ag Tom, bhí tarrac ar sheanchas aige. Bhí an–chuntas aige ar na Móraigh go raibh tigh mór i dTíorabháin tráth acu, an–ghairid do Thigh na Mainíneach. Daoine uaisle ab ea na Móraigh seo. Duine acu Tom Moore, fear na n–amhrán Béarla. Leanbh tabhartha ab ea Tom Moore, agus más buan mo chuimhne, Tom Ó Mainín a d’inis domsa gur i dtigh ar Shráid na mBráithre Bána i mBaile Átha Cliath 2, a saolaíodh Tom Moore. Éireannach Aontaithe ab ea Moore ina óige, ach d’éirigh sé coimeádach i gcúrsaí polaitíochta de réir mar a chuaigh sé san aos. Dála an scéil, ‘Tigh Ruadháin’ an leagan ceart ar ‘Tíorabháin’, dar le Tom Neilí –– is amhlaidh a deineadh –bh– den –dh–. Tá an leagan ‘Tiúráin’ chomh maith ann.
    Bhíodh ‘na gearrchailí’ mar a thugadh Tom orthu –– iníonacha dó –– ag tathant air na scéalta gearra grinn a chur ar fhíseáin. Tá taifeadadh físe ar chuid díobh go cinnte, ach má tá a thuilleadh ann, ba cheart DVDnna a dhéanamh díobh. Dhéanfaidís an–áis oideachais do thuismitheoirí atá d’iarraidh a gclann a thógaint le Gaelainn, ach bheadh na daoine fásta féin lag ag gáirí acu, tá a oiread grinn iontu.
    Le cúnamh Dé buailfimid go léir le chéile arís i bhFlaithis Dé, agus cad é comhluadar a bheidh an uair sin againn.

  • Simon Ó Faoláin

    Is fíor atá ráite thuas: ba mhinic a chualas amhráin – Gaolainn, Béarla agus macarónacha – ó Tom nár chuala riamh ó éinne eile sa cheantar [ná aon áit eile ach chomh beag]. Anuas ar dhuine breá lách a bheith ar shlí na fírinne, is trua go bhfuil a stór mór amhrán imithe. Más fíor gur bhreac sé síos iad in áit éigin, b’fhiú go mór iad a chur i gcló mar atá molta thuas. Ba mhaith an t-ómós buan dá chumas a bheadh ann.