ALBERT FRY 1940-2021 – Gael ildánach a roinn saol saibhir na Gaeilge ar go leor

Tá na mílte duine ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin atá buíoch de as saol saibhir na Gaeilge a chur ar fáil dóibh

ALBERT FRY 1940-2021 – Gael ildánach a roinn saol saibhir na Gaeilge ar go leor

Tá oidhreacht mhór fágtha ina dhiaidh ag Albert Fry, duine de Ghaeil mhóra na hÉireann, atá imithe ar shlí na fírinne.

Bhí clú ar an Fheirsteach mar gheall ar a chuid oibre i gCumann Chluain Ard, gorlann d’athbheochan na Gaeilge ó thuaidh le corradh agus 80 bliain, mar gheall ar a sheal mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus mar amhránaí a chuir cuid mhór d’amhráin Thír Chonaill i mbéal an phobail.

Tháinig Albert (níorbh éigean a shloinne a lua go minic) ar an saol i 1940. Ba as contae an Dúin dá mháthair agus Sasanach ab ea a athair a bhí ina shaighdiúir in Arm na Breataine agus a chuaigh go Sasana le linn an Dara Cogadh Domhanda agus nár fhill riamh.

Agus é ina dhéagóir, chuaigh Albert go Cumann Chluain Ard in iarthar na cathrach, ionad inar cuireadh tús le polasaí ‘Gaeilge Amháin’ i 1953. Thit sé faoi dhraíocht na teanga agus a cultúir.

Ní féidir Albert a scaradh ó chlann Mhic Grianna. Bhí Domhnall Mac Grianna – deartháir na scríbhneoirí Seosamh agus Séamus Mac Grianna (Máire) – ina mhúinteoir sa chumann agus ar na daoine a bhunaigh na Piarsaigh, cumann CLG a raibh éiteas láidir Gaeilge ann, agus bhí Máirtín Mac Grianna ina chomrádaí saoil aige. 

D’imir an bheirt acu do na Piarsaigh agus d’Aontroim araon.

Chomh maith leis sin théadh an dís óg go Rann na Feirste, ag imirt d’fhoireann peile na háite agus ag cuidiú le bunadh na háite agus thug siad leo saíocht shaibhir an bhaile fearainn sin soir go Béal Feirste lena chraobhscaoileadh i measc lucht na cathrach.

Bhí stíl thaitneamhach teagaisc ag Albert – thugadh sé téipeanna spóil a bhí déanta aige le leithéidí Hughie Phadaí Hiúdaí as Rann na Feirste agus Mamó Conlon as an Spidéal i gConamara. Gaeilge ghlan na Gaeltachta an chloch ba mhó ar a phaidrín riamh.

Agus bhí glór binn ceoil aige a chuirfeadh an seomra is callánaí ina thost.

Ní nach ionadh gur iarr Gael Linn air ceirníní a dhéanamh. Bhíodh na hamhráin Maidin Luain Chincíse agus Thiar i dTír Chonaill de ghlanmheabhair ag daoine. 

Tráthnóna Beag Aréir an t-amhrán is clúití dá chuid – d’iarr an scríbhneoir Nuala Ó Faoláin go gcasfaí é le linn an agallaimh cháiliúil a rinne sí ar Marian Finucane Show agus í i ngar don bhás. Cheol John Hume é ar an Late Late Show. Mar sin, bhí tionchar mór ag Albert taobh amuigh de shaol na Gaeilge.

(Tá bailiúchán d’amhráin Albert eisithe ag Gael Linn – Tráthnóna Beag Aréir.).

Is beag an moladh a fhaigheann Albert as a ról mar bhailitheoir amhrán ach mar a deir Antoine Ó Coileáin ó Ghael Linn: “Chuir Albert aithne phearsanta ar chumadóirí agus amhránaithe Rann na Feirste sna 1950idí, agus d’fhoghlaim sé a gcuid amhrán uathu – Seán Bán Mac Grianna, Aodh Ó Duibheannaigh agus Séamus Ó Grianna. 

“Lena chuid ceirníní le Gael Linn, roinn Albert amhráin Rann na Feirste leis an náisiún Gaelach,” ar sé.

Mar a dúirt an Feirsteach é féin: 

“Chonaic mé i Rann na Feirste an rud a chonaic an Piarsach i Ros Muc, daoine a bhí beo ar scáth a chéile,” agus bhí sin ag croí a fhealsúnachta i rith a shaoil.

Agus Albert i mbéal an phobail, toghadh é mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge idir 1979-1981, an chéad Tuaisceartach riamh ar bronnadh an gradam sin air.

Chuir an scríbhneoir mór le rá Breandán Ó hEithir, ‘Litir chairdiúil chuig Albert Fry’ i gcló ar an Irish Times, ag scríobh: ‘Cé gur iomaí sin cor aisteach ar an saol ó casadh ar a chéile ar dtús sinn, níor stríoc tusa ná na cairde sin a bhí i do chomhluadar an tráth úd ó bhur saothar ar son na Gaeilge.’

Ach ní raibh an tréimhse sin gan conspóid.

I 1979, rinne Conradh na Gaeilge baghcat ar chuairt an Phápa Eoin Pól II ar Éirinn cionn is nár dúradh an tAifreann i nGaillimh i nGaeilge. Dhiúltaigh Albert páirt ar bith a ghlacadh in imeacht ar bith de chuid chuairt an Phápa, rud a chuir isteach go mór ar Chaitlicigh na tíre, ar ndóigh.

Ag an am céanna, in am corrach na stailceanna ocrais, rinne Albert a dhícheall polaitíocht a choinneáil amach as Cumann Chluain Ard, beag beann ar a dhearcadh pearsanta féin.

Chreid Albert gur meán cumarsáide a bhí sa Ghaeilge agus d’fhan na scórtha i ndiaidh na ranganna le héisteacht lena chuid scéalta, daoine óga ach go háirithe a chur aithne ar a chéile agus is iomaí pósadh a d’eascair as ranganna an Chumainn.

Anuas air sin, tá na mílte duine ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin atá buíoch de as saol saibhir na Gaeilge a chur ar fáil dóibh. 

Aithneoidh tú iad ón bhlas láidir Rann na Feirste atá acu.

Measann duine de bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthair Seoighe, Séamus Mac Seáin, gur chóir aitheantas breise a thabhairt d’Albert. 

“Nuair a cuireadh maise ar fhoirgneamh Chumann Chluain Ard cúpla bliain ó shin, mhol mé gur cheart ‘Cumann Chluain Árd – Áras Albert Fry’’ a thabhairt air.  

“Is féidir gur seo an t-am le smaoineamh air in athuair,” ar sé.

Ghabh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, “comhbhrón ó chroí” le muintir Albert Fry agus le Cumann Chluain Árd.  “Níl léamh ná scríobh ná inse béil ar an obair a rinne Albert ar son na teanga. Suaimhneas síoraí dó,” arsa Niall Comer.

Níl socruithe sochraide Albert Fry déanta go fóill.

Fág freagra ar 'ALBERT FRY 1940-2021 – Gael ildánach a roinn saol saibhir na Gaeilge ar go leor'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.

  • Colmán Ó Raghallaigh

    Ar dheis Dé go raibh anam uasal Albert. Duine lách éirimiúil le buanna móra pearsanta agus gairmiúla ab ea é. Rinne sé obair mhór don Ghaeilge agus don náisiún ar feadh a shaoil. Ní dhéanfar dearmad air.