ÓMÓS: ‘Bean uasal agus duine álainn ar chuile chaoi’ – an craoltóir Bríd Ní Chualáin ar shlí na fírinne

Chaith Bríd Ní Chualáin, as Roisín na Mainiach i gCarna, breis agus 30 bliain ag obair le Raidió na Gaeltachta i gCasla i gConamara 

ÓMÓS: ‘Bean uasal agus duine álainn ar chuile chaoi’ – an craoltóir Bríd Ní Chualáin ar shlí na fírinne

Tá an craoltóir aitheanta le Raidió na Gaeltachta, Bríd Ní Chualáin, tar éis bháis i ndiaidh tinneas gairid.

Chaith Bríd Ní Chualáin, as Roisín na Mainiach i gCarna, breis agus 30 bliain ag obair le Raidió na Gaeltachta i gCasla i gConamara.

Ba mar chartlannaí a thosaigh sí ag obair leis an stáisiún Gaeilge sa bhliain 1990 agus thug sí tamall ina dhiaidh sin mar láithreoir leanúnachais sular ceapadh ina clár-reachtaire í ag léiriú agus ag láithriú cláracha.

Bhí suim mhór ag Bríd Ní Chualáin i gcúrsaí nuachta agus chaith sí na sé bliana deiridh dá saol oibre mar léiritheoir agus craoltóir leis an chlár Nuacht a hAon.

Dúirt ceannaire an stáisiúin Gearóid Mac Donncha gur “cúis mhór bhróin” don stáisiún go raibh “cara agus comhghleacaí díograiseach” tar éis bháis.

“D’oibrigh Bríd ar fud an tí ó thosaigh sí ag obair linn sa bhliain 1990. Bhí sí ina craoltóir den scoth, agus ina léiritheoir cumasach. Ba chomhghleacaí díograiseach, taitneamhach, spraíúil a bhí inti, ar bhain daoine an-sásamh as a bheith ag obair léi agus is boichte go mór an tseirbhís, agus an fhoireann seo, gan í.”

Ag labhairt dó ar an chlár Nuacht a hAon ar Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Ciarán Ó Fátharta, Eagarthóir Stiúrtha Nuachta Raidió na Gaeltachta, gur bhean uasal “ar chuile bhealach” í Bríd Ní Chualáin.

“Bean í a raibh sé an-éasca obair léi, agus bean a raibh sé éasca gáire a bhaint aisti. Comhghleacaí cineálta, an-ghairmiúil go deo a raibh a croí agus a hanam i chuile shórt a rinne sí,” a dúirt Ciarán Ó Fátharta.

Le linn a tréimhse ag obair le Raidió na Gaeltachta, chaith Ní Chualáin tamall de bhlianta ag obair i Rannóg na gClár agus í ina léiritheoir ar réimse leathan clár, an clár irise Iris Aniar agus Ardtráthnóna, clár cainte a bhíodh á chur i láthair ag Máirtín Tom Sheáinín, ina measc.

Bhí sí dhá bhliain ina léiritheoir ar Ardtráthnóna i mblianta tosaigh an chláir.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Máirtín Tom Sheáinín gur “cailliúint mhór” í Bríd Ní Chualáin, “bean uasal agus duine álainn ar chuile chaoi”.

“Rinne muid go leor taistil leis an gclár Ardtráthnóna agus b’iontach an comhluadar a bheith ag taisteal in éindí léi.

“Bhí sí an-díograiseach ar fad; rud ar bith a bhí le déanamh bhí sé déanta ar an mbealach cuí.

“Nuair a d’imigh sí ó Ardtráthnóna bhí mé ag caitheamh ina diaidh go mór agus tá mé ag caitheamh ina diaidh i bhfad níos measa inniu,” a dúirt Máirtín Tom Sheáinín.

Beidh Bríd Ní Chualáin á tórramh ina teach cónaithe i Róisín na Mainiach ó mheán lae amárach. Aistreofar a corp ón teach maidin Dé Céadaoin, ag fágáil an tí le haghaidh Aifreann an mheán lae i Séipéal Mhuire, Carna agus cuirfear í i Reilig Mhuigh Inse tar éis an Aifrinn.

Craolfar eagrán speisialta de Nuacht a hAon amárach ar Raidió na Gaeltachta in ómós do Bhríd Ní Chualáin.

Maireann a fear céile Paraic ‘Phat’ Ó Maoilchiaráin agus a mbeirt mhac, Dónall agus Cathal, a gaolta agus a cairde.

Fág freagra ar 'ÓMÓS: ‘Bean uasal agus duine álainn ar chuile chaoi’ – an craoltóir Bríd Ní Chualáin ar shlí na fírinne'

  • Éisteoir de chuid RnaG

    Craoltóir den scoth. Suaimhneas síoraí di.

  • Maggie Ferron

    Aithne ar Bhrid agam le fade bean àlainn leaba I measc na Naomh da hanam

  • Caitríona

    Sár-iriseora. Cailliúint mhór do mhuintir Chonamara ar fad a bás. Beannacht leat ‘Bhríd.

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a h-Anam uasail.

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé leat muid faoi bhrón ar fad bean cumasach ar leith í.

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé lei agus muid ar fad faoi bhrón.