Máirtín Mac Grianna, duine eile de Ghaeil mhóra Bhéal Feirste, ar shlí na fírinne

D’imigh Máirtín Mac Grianna ar shlí na fírinne go gairid i ndiaidh dá compánach buan agus a chomrádaí saoil, Albert Fry, bás a fháil

Máirtín Mac Grianna, duine eile de Ghaeil mhóra Bhéal Feirste, ar shlí na fírinne

Buaileadh an dara drochbhuille in imeacht cúpla seachtain ar Ghaeil Bhéal Feirste nuair a bhásaigh Máirtín Mac Grianna nó Máirtín Dhónaill Fheidhlimidh Dhómhnaill Phroinsias de shliocht Rann na Feiste i nGaeltacht Thír Chonaill.

D’imigh Máirtín ar shlí na fírinne 17 lá i ndiaidh dá compánach buan agus a chomrádaí saoil, Albert Fry, bás a fháil.

D’fhéadfaí nach mór an marbhna céanna a dhéanamh don bheirt acu.

Cé gur de bhunadh thuaisceart Bhéal Feirste Máirtín Mac Grianna, b’as Rann na Feirste a athair, Dónal Mac Grianna a dhéanadh aistriúcháin don Ghúm. Ba neacht é Máirtín le Séamus Mac Grianna (Máire) agus Seosamh Mac Grianna agus garmhac le Feidhlimidh Mac Grianna agus Máire Eibhlín Néillín Ní Dhomhnaill, iníon an tseanchaí, Johnny Shéamaisín.

Mar sin, bhí fíorshaíocht na nGael ó thaobh na dtaobhanna ann agus é á chraobhscaoileadh aige i ranganna oíche i gCumann Chluain Ard i mBéal Feirste.

Níl léamh, scríobh nó inse béil ar an tionchar a bhí ag Máirtín ar ghlúin i ndiaidh glúine de Ghaeilgeoirí óga na cathrach.

D’alp siad an uile fhocal a d’fhoghlaim siad ó ‘dea-leabhair’ Rann na Feirste ar cuireadh a saibhreas in iúl dóibh i gcúlseomraí an Chumainn le linn na ranganna ina raibh idir ghreann agus léann.

I gcuideachta foghlaimeora óig eile, Albert Fry, théadh Máirtín chuig a bhaile fearainn dúchais le cuidiú le bunadh na háite agus le himirt don fhoireann logánta peile.

Casadh orm Máirtín den chéad uair agus é ina mhúinteoir corpoideachais i Scoil Thomáis i mBéal Feirste sula raibh a fhios agam gur Gael a bhí ann.

An rud is mó a thug mé faoi deara tar éis tamaill ná go raibh sé chomh éadrom ar a chosa agus é ag imirt peile is a bhí sé ag damhsa ag céilithe Chluain Ard!

D’imir Máirtín do na Piarsaigh CLG agus d’Aontroim. Phós Máirtín nuair a bhí sé sna tríochaidí agus thóg clann lena bhean chéile, Deirdre, ar scríbhneoir breá Gaeilge í féin.

Theagasc Máirtín in Ollscoil Uladh, d’oibrigh sé leis an gComhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA) agus ar na leabhair a scríobh sé, bhí Deirdre an Bhróin, athinsint ar an seanscéal.

Ní raibh an tsláinte go rómhaith ag Máirtín le tamall maith de bhlianta agus ní fhaca mé chomh minic sin é. Is cuimhin liom amharc ar No Béarla, an tsraith teilifíse a rinne Manchán Magan agus cé a bhí faoi agallamh aige ach Máirtín Dhomhnaill Fheilimidh.

Ag teacht amach as an ionad siopadóireachta the Kennedy Centre trasna an bhealaigh ina raibh Máirtín agus a theaghlach ina gcónaí in iarthar Bhéal Feirste, chuir Manchán ceist air, an raibh mórán Gaeilge á labhairt san ionad.

“Is annamh a théim isteach ansin gan cainteoirí Gaeilge castáil orm,” arsa Máirtín agus nuair a d’fhiafraigh Manchán de an raibh níos mó Gaeilge á labhairt ann ná mar a bhíodh, dúirt sé, “Tá níos mó Gaeilge ann – den chineál atá ann. Níl mé ag rá go bhfuil Gaeilge níos fearr ann ach tá níos mó ann!”.

Rann na Feirsteach go smior.

Comhbhrón lena bhean Deirdre agus lena clann, Máire, Róise, Gráinne, Conall agus Éamonn.

Fág freagra ar 'Máirtín Mac Grianna, duine eile de Ghaeil mhóra Bhéal Feirste, ar shlí na fírinne'

  • Caslach

    Maith thú Robert.