‘Fear uasal cineálta cróga’- Dónal Ó Loingsigh, duine de cheannródaithe na Gaelscolaíochta, ar shlí na fírinne

Rinne Dónal Ó Loingsigh as Baile Bhuirne cion fir chun dea-bhail a chur ar Scoil an tSeachtar Laoch i mBaile Munna

‘Fear uasal cineálta cróga’-  Dónal Ó Loingsigh, duine de cheannródaithe na Gaelscolaíochta, ar shlí na fírinne

Tá Dónal Ó Loingsigh as Múscraí, duine d’oideachasóirí móra na Gaelscolaíochta, ar shlí na fírinne.

B’as Baile Bhuirne an Máistir Dónal Ó Loingsigh a bhí ar dhuine den cheathrar múinteoirí a d’oscail Scoil an tSeachtar Laoch i mBaile Munna i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath i 1973.

Agus é ina phríomhoide ar an scoil ina dhiaidh sin rinne sé cion fir chun dea-bhail a chur ar an scoil agus a pobal.

I ráiteas thar ceann na scoile rinneadh comhbhrón lena bhean, Síle, agus a mhuintir ar bhás a “gcara mór”. Dúradh go raibh sé “i gcroílár Scoil an tSeachtar Laoch ar feadh na mblianta fada agus ina chara linn fiú go dtí an lá atá inniu ann”.

Dúradh gur “fear uasal, cineálta, cróga a bhí ann a chuir a chroí isteach i ngach rud a rinne sé, agus a chuir a chroí i mBaile Munna”.

Chuir pobal na scoile a mbuíochas in iúl dá n-iar-phríomhoide agus dúirt nach bhféadfaí “cur síos ceart” a dhéanamh ar an dtionchar a bhí ag a chineáltas, a chairdeas agus a chomhairle orthu.

“Mothóidh muid uainn tú ach ní dhéanfaidh muid dearmad ort choíche. Mairfidh tú inár gcroíthe go deo.”

Bhí suim mhór ag an gCorcaíoch san iomáint agus chaith sé laethanta fada ag cur an spóirt sin chun cinn sa scoil agus sa phobal. I ráiteas ó Chumann Báire Setanta d’iarr siad ar a chairde sa chlub “coinneal a lasadh sa bhaile” in ómós do Dhónal mar gur theastaigh óna theaghlach go mbeadh “gach duine slán agus sábhálta”. Tá rún ag an gclub saothar agus éachtaí Dhónail leis an gcumann a chomóradh i gceart nuair a bheidh an Covid-19 thart.

Chuir Cumann Lúthchleas Gael Dhomhnach Mór/Cill Dhéagláin a gcomhbhrón in iúl chomh maith agus luaigh siad a chineáltas agus a chroí mór maith. Ghlac sé páirt sna rothaíochtaí urraithe a bhíodh ag an gclub agus thug sé misneach do gach éinne, an té a bhí ar bheagán Gaeilge chomh maith leis an té a bhí líofa.

Bhásaigh Dónal Ó Loingsigh Lá Fhéile Muire, an 2 Feabhra, sa bhaile lena mhuintir i gCill Dhéagláin. Fágann sé a bhean Síle, a mac Fiach, a n-iníon Doireann, ceathrar garchlann, beirt deirféar, deartháir, gaolta agus cairde go leor. Beidh Aifreann a shochraide ar siúl i gCill Dhéagláin ag meán lae Dé hAoine agus adhlacfar a luaithreach i Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne amach anseo.

Fág freagra ar '‘Fear uasal cineálta cróga’- Dónal Ó Loingsigh, duine de cheannródaithe na Gaelscolaíochta, ar shlí na fírinne'

  • Caoimhín Ó Tuathail

    Múinteoir, cara, fear uasal, ní fheicfear do leithéid arís a Dhónal. Tháinig tú isteach inár saol i 1973 i Scoil an tSeachtar Laoch, Baile Munna agus táimid fíorbhuíoch dó sin. Déanaimid comhbhrón le Síle, Doireann, Fiach agus an chlann ar fad. Ar dheis Dé go raibh d’anam dílis. Clann Uí Thuathail

  • An Teanga Bheo

    Beannacht De leis fear iontach

  • Nuala Hayes

    Suaimhneas síoraí dá anam dílis. Is cuimhin linn cé chomh díograsach a bhí sé ar son Scoil an tSeachtair Laoch agus chabhraidh sé go mór gluaiseacht na gaelscoileanna eile.