Rinne Risteard Mac Aodha a dhá chion do phobal na Gaeltachta – ceol is pléaráca aige sa tsíoraíocht

Rinne Risteard Dónal Mac Aodha obair mhór leis na healaíona dúchais a chur chun cinn i measc an phobail

Rinne Risteard Mac Aodha a dhá chion do phobal na Gaeltachta – ceol is pléaráca aige sa tsíoraíocht

Risteard Mac Aodha. Pic: Seán Ó Mainnín

Tháinig an drochscéala inné go raibh Risteard Mac Aodha, damhsóir, gníomhaí teanga agus cultúir, ar shlí na fírinne. As Boston a tháinig Risteard go hÉirinn agus d’fhoghlaim sé an Ghaeilge, na hamhráin agus an damhsa ar an tseanstíl.

Chaith Risteard tamall i Vítneam in arm Mheiriceá agus mar a rinne lena lán eile, d’fhág uafáis is brúidiúlacht na cogaíochta sin a lorg ar a intinn, a mheon agus a theaghlach.

Is iomaí áit i gConamara agus in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ar leag Risteard a chos agus is beag duine a rinne an oiread ar son chultúr is oidhreacht na Gaeltachta leis.

Ní raibh aon duine ina dhiaidh air nuair a bronnadh corr éisc an Phléaráca air – Gradam Phléaráca Chonamara ar son na hoibre deonaí ar fad a rinne sé leis na healaíona dúchais a chur chun cinn i measc an phobail.

Ceannródaí ab ea Risteard ó thaobh an ceol dúchais a chur amach ar cháisíní is CDanna – Fonnadóirí na nOileán; An Ghaeltacht Bheo le Máirtín Tom Sheáinín is Anne Marie Mac Donnchadha; Nóra Ghriallais, PJ Sonaí Choilm Learaí, Tomás Mac Eoin.

Bhí an-suim go deo ag Risteard sa damhsa ar an sean-nós agus is iomaí sin céipear a dhamhsaigh sé fhéin ag féilte is comórtais, bíodh bróga nó wellingtons air. Ba é a bhunaigh Féile Damhsa Chóilín Sheáin Dharach i Ros Muc in ómós don damhsóir paiteanta sin agus is mairg a déarfadh go mbeadh ‘Steip’ sa bhfaisean dá uireasa.

Ócáid eile a bhí gar do chroí Risteaird an chuairt a d’eagraíodh sé ar na hionaid altranais sa gceantar agus meitheal ceoltóirí, seanchaithe is damhsóirí ina theannta.

Is minic an chorr éisc le feiceáil i gConamara agus é de cháil uirthi a bheith fiosrach agus críonna, dhá bhua a bhí go láidir ag Risteard.

Rinne Risteard Mac Aodha a dhá chion do phobal na Gaeltachta agus chuir sé comaoin mhór orainn. Ceol is pléaráca aige sa tsíoraíocht.

Fág freagra ar 'Rinne Risteard Mac Aodha a dhá chion do phobal na Gaeltachta – ceol is pléaráca aige sa tsíoraíocht'

  • Liam Ó Cuinneagáin

    Maith sibh as an píosa deas ar Ristéard! Tuillte aige. Fear umhal séimh a bhí ann a mhair cupla saol éagsúl ó Bhoston go California go Saigon go dtí an Spidéal agus ó Ghleann Cholmcille go dtí an Spidéal.

  • Jackie Mac Donncha

    Is maith an oidhe ar Risteárd an píosa álainn seo atá scríofa faoí. B’fhéidir go mbeadh náire ar Risteárd mar nì bheadh sé ag súil le moladh, ná dhá iarradh, ach taobh istigh bheadh sé an-sásta leis an bpìosa.

  • S. Mac Muirí

    Áiméan a Liam.
    An t-aon duine ar m’aithne a raibh glasraí ag fás aige i gCiarraí, i nGleann Cholaim Chille agus in Albain aon samhradh amháin. Bhí siad curtha aige ní ba luaithe sa mbliain ar ndóigh.
    Bhuail sé cnag ar fhuinneoig na cistineadh i nGleann agus an chéad rud eile, leag mála glasraí isteach le taobh an doirtil. Fear suáilceach gnaíúil, go ndéana Dia a mhaith air.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Duine ar leith ba ea Risteárd 7 é i mbun cúrsaí Gaeilge 7 Gàidhlig… ba ea é an chéad dhuine ar bhuaileas leis ag Oideas Gael i bhfad ó shin 7 níorbh fhada muid ag fail aithne ar a chéile. Agus é ag foghlaim na Gàidhlig anseo insan Oileán Sciathánach, ba mhinic é inár dteaichín ag casadh amhrán nó ag seinm na feadóige. Más cead dom é, seo cúpla rann dár chuireas le chéile mar ómós dó…
    Dh’imich Fear nan Cas Aotrom
    Dh’imich fear nan cas aotrom, ar n-aoibhneas, ar sunnd is ar caoidh
    ‘S e chanas a chuid dhaoine gun deach e mar fhìrinn or tìr
    ‘S e chanas am bàrd-sa gun d’ ràinig e raon rèidh a tha thall
    ‘S ged is dual dha mar dhuais e, chan aontar nach eil sin mar chall…

    The lightfooted one’s gone, our joy, our glee, our lament
    His people can say that he left like a truth from our land
    This poet says that he’s reached a distant level plain
    And though deserved his prize, none agree that it isn’t a loss…

    Dh’imich Risteard air rèidhlean an t-slèibh’ o nach till e gu bràth
    As Èire gun d’ èirich on phèin is on dìth sin na shlàint’
    Mar dhannsair ‘s e b’annsa linn leuman bu luaithe air làr
    Mar dhuine ‘s e b’ fhonn dha gach amhran ‘s gach cànan ‘s gach dàn.

    Richard left on the plain of a hill from which he’ll never return
    From Ireland he’s risen from pain and a lack of health
    As a dancer we loved his most swift leaps on a floor
    As a person his mood and tune was song and language and poem.

    (Niall Gòrdan.)

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Duine uasal ar lár.
    Leaba i measc na naomh go raibh aige.

  • Séamus Ó Brádaigh

    Go ndéana Dia grásta air i gconaí. Fear fiáin go fear suaimhneach!

  • Liam O Maolaodha

    Chuala mé ag an deireadh seachtaine go raibh Risteárd Dónal imithe ar shlí na bhfírinne, beannacht Dé leis. Agus is chugam a tháinig na cuimhní cinn, cuid acu go maith agus cuid eile nach raibh baileach chomh maith céanna. Tá nath cainte luaite le Einstein, ‘an té nach ndearna botúin, níor thriail sé tada nua riamh’. Ní féidir sin a chur i leith Risteárd. Bhain sé iarracht as mórán ‘chuile shórt, ceol damhsa, léachtanna agus cainteanna, a chuid oibre le Pléaráca, Féile Chóilín Sheáin Dharach, gan ach beagán bídeach a lua. Sna chéad blianta go rabhamar lonnaithe i gCasla, ní dheacha aon seachtain thart nár tháinig Risteárd isteach chugam le póstaer de chineál eicint.
    Chuamar thar a chéile ar Shráid i nGaillimh tráth na Nollaig, níor labhraíomar ach chlaon sé a cloigeann i mo threo mar bheannacht agus rinne mise amhlaidh. Go dté tú slán anois a Risteárd.

  • Eoghan

    Duine uasal ar chas mé air luath imo thréimhse i nGaillimh i Sraid Dominic, a rinne iarrachtléaráidí na steipeanna a mhíniú domh. Ba mhór a eolas ná mo thuiscint. Suaimhneas síoraí dó.