‘Bean ghalánta a raibh meangadh gáire uirthi i gcónaí’ – ómós léirithe sa Ghaeltacht do Joan Lucey 

Bhí cás cúirte á thógáil ag Joan Lucey as Corca Dhuibhne i gcoinne an HSE nuair a bhásaigh sí

‘Bean ghalánta a raibh meangadh gáire uirthi i gcónaí’ – ómós léirithe sa Ghaeltacht do Joan Lucey 

Tá ómós léirithe sa Ghaeltacht d’iarbhanaltra as Corca Dhuibhne a bhí i mbun cás cúirte i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus atá imithe ar shlí na fírinne.

Bhásaigh Joan Lucey (Ní Bhrosnacháin roimh phósadh di) sa bhaile sa Daingean ag an deireadh seachtaine.

Bhí cás cúirte á thógáil aici i gcoinne an HSE agus saotharlann Mheiriceánach tar éis di torthaí míchruinne a fháil ar thástálacha smearaidh. Fuair Joan Lucey torthaí diúltacha ar thástálacha a cuireadh uirthi idir 2011-2019 ach i mí Iúil 2019 dúradh léi go raibh ailse cheirbheacs uirthi.

Bhí cás Joan, a chaith na blianta ina banaltra i gCorca Dhuibhne, le dul chun na hArd-Chúirte ach rinneadh cinneadh Dé hAoine seo caite, an lá sular bhásaigh í, dul i mbun idirghabhála.

Cuireadh Joan i gcré na cille inné agus tugadh ómós di ar an An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Bean ghalánta a bhí inti.  Sin an focal a bhaineann le Joan i gcónaí,” a dúirt Pádraig Ó hAiniféin, duine dá mbíodh Joan ag déanamh cúraim tar éis dó a bheith fágtha i gcathaoir rothaí de bharr timpiste ina fhear óg.

“Thiocfadh sé chuig an tigh le mo chúntóir Kathleen,” a dúirt Pádraig. “An triúr againn, bhíodh an-chraic againn ar maidin agus muid ag gáire agus ag magadh fúinn féin i rith na maidine ar fad.”

Dúirt Pádraig go raibh Joan an-díograiseach faoin gcúram a bhí uirthi agus nach mbeadh sí sásta é a fhágáil go dtí go mbíodh sé ar a chompord.

“An phríomhaidhm a bhí aici i gcónaí ná go mbeinn compordach agus go mbeinn sásta nuair a bhí sí ag fágaint an tigh. Is cuma cén fhad a thógfadh sé, d’fhanfadh sí ann go mbeinn sásta agus compordach sa chathaoir.”

Bhí Pádraig ina fhear óg agus é fós ar scoil nuair a tharla an timpiste agus mheas sé gur chabhraigh sí go mór leis ag an am.

“Bhí an-mheas againn ar a chéile. Mar bhean, bhí suaimhneas ag baint léi i gcónaí. Bhí sí ciúin ach bhí sí cneasta agus macánta,” a dúirt Pádraig.

“An suaimhneas a bhí aici agus an suaimhneas a thug sí isteach sa seomra léi gach maidin, bhí sé sin tábhachtach dom.”

“Bean fhlaithiúil í agus gan dabht bhí croí ollmhór aici. Bhí meangadh gáire uirthi i gcónaí.”

Bhíodh Joan Lucey ina banaltra i gColáiste Íde sa Daingean agus mheabhraigh iarscoláirí a cineáltas agus an meas mór a bhí uirthi sa scoil do lucht éisteachta An Saol Ó Dheas. 

Ní fios go fóill cén tionchar a bheidh ag bás Joan ar na cainteanna idirghabhála a bhí ar bun. 

Dúirt a mac Seán go raibh an chlann trína chéile mar go raibh a máthair tar éis bháis agus gan a ceart faighte aici.

Fág freagra ar '‘Bean ghalánta a raibh meangadh gáire uirthi i gcónaí’ – ómós léirithe sa Ghaeltacht do Joan Lucey '

  • S. Mac Muirí

    Is léir go mba fiúntach luachmhar an t-altra agus an duine í. Suaimhneas síoraí ar a hanam uasal.