‘I measc na n-aingeal is na naomh go raibh Ógie’ – ómós léirithe do Bhrendan Óg Ó Dufaigh

Ba chainteoir líofa Gaeilge é Brendan Óg Ó Dufaigh an laoch óg peile as Muineachán ar chuir a bhás tragóideach an tír go léir faoi bhrón

‘I measc na n-aingeal is na naomh go raibh Ógie’ – ómós léirithe do Bhrendan Óg Ó Dufaigh

Bhain bhás Bhrendan Óg Uí Dhufaigh, laoch óg peile agus cainteoir líofa Gaeilge, creathadh mór as muintir Mhuineacháin agus muintir na tíre go léir.

Bhásaigh ‘Ógie’, mar ab fhearr aithne air, i dtimpiste bhóthair bomaití óna theach baile Dé hAoine seo caite, agus é ag pilleadh ó chluiche peile. Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann faoi 20 Mhuineacháin a bhuaigh an cluiche sin in aghaidh Dhún na nGall.

Bhí sé 19 mbliana d’aois.

Ba chainteoir líofa Gaeilge é Ógie a tógadh le Gaeilge agus a d’fhreastail ar an ghaelscoil áitiúil Scoil Ultáin agus ar Choláiste Oiriall, iarbhunscoil lánGhaeilge mar a bhfuil a athair, Breandán Ó Dufaigh, ina phríomhoide.

In 2018, bhí Ógie ina chaptaen ar fhoireann mhionúir Mhuineacháin a bhuaigh craobh Uladh, agus thug sé a óráid cheiliúrtha ar fad i nGaeilge, beart a chuaigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine.

Ag labhairt dó ar an chlár Barrscéalta ar Raidió na Gaeltachta, dúirt príomhoide Scoil Ultáin, Seosamh Ó Gallchóir, gur “imreoir agus ceannaire faoi leith” a bhí in Ógie.

“Gasúr suaimhneach a bhí ann den chuid is mó a chuaigh i mbun a chuid oibre, fiú mar sin a d’imríodh sé a chuid peile. Is duine a bhí ann nár chuir ballaí mogha ar pháirc na himeartha riamh.

“Bhí sé tugtha go hiomlán lena shaol mar pheileadóir agus ag iarraidh a bheith ar an imreoir is fearr,” a dúirt Príomhoide Scoil Ultáin.

Labhair Ó Gallchóir chomh maith faoin “mheas” a bhí ar Ógie i measc imreoirí peile uile a chlub, Na Cláirsigh.

Léiriú iad na sluaite daoine óga a chruinnigh ag geataí an chlub in ómós d’Ógie le linn na seachtaine ar an ardmheas a bhí air.

“Fiú imreoirí i bhfad níos sinsearaí, d’amharc siad ar Ógie mar laoch agus níl dabht ar bith dá mbeadh Ógie linn go raibh sé ag dul a bheith ina chrann taca ar fhoireann na gCláirseach ar feadh 10-15 bliana eile,” a dúirt Seosamh Ó Gallchóir, príomhoide Scoil Ultáin.

Ag labhairt dó ar an chlár céanna ar Raidió na Gaeltachta, dúirt David McCague imreoir de chuid fhoireann peile Mhuineacháin gur duine óg “eisceachtúil” ab ea Ógie Ó Dufaigh.

“Nuair a labhair Óige, d’éist gach duine leis agus níor aithin mé riamh na luachanna ceannaireachta sin i bhfear chomh hóg sin le hÓgie Ó Dufaigh.”

I ráiteas a chuir CLG Mhuineacháin amach, dúradh go raibh mórphobal na Chumainn “iomlán croíbhriste” faoi bhás Ógie Uí Dhufaigh, “ceannasaí ó nádúr” agus “duine ar leith” a d’fhág “oidhreacht mhór ina dhiaidh”.

“Naoi mbliana déag a bhí Ógie, saol a bhí i bhfad róghairid ach thug sé an oiread sin sonais is cuimhní geala do mhuintir Mhuineacháin agus líon ár gcroíthe le mórtas agus geansaí an chontae agus an chlub ar a dhroim.   

“D’fhág Ógie oidhreacht againn a thabharfaidh inspioráid do na glúnta ina dhiaidh. Duine ar leith ab ea Ógie. Thug sé a chroí agus a anam do Chumann Lúthchleas Gael, agus ní hé amháin go raibh sé cumasach ag na cluichí ach ba cheannaire cruthanta é.

“Bhí cumas as an ngnáth ann, buanna nach bhfeictear ach go hannamh agus is amhlaidh a bhí sé ag dul i bhfeabhas ó bhliain go bliain. Ba mhór an phribhléid an tallann sin a fheiceáil. Bhí sé cumasach ag spreagadh daoine chun gnímh agus ní bhíodh stad ná staonadh air go mbeadh an beart i gcrích. Imreoir ab ea Ógie nár staon den obair agus é lán le paisean, díocas agus grá don gheansaí.

“I measc na n-aingeal is na naomh go raibh Ógie.”

Thosaigh Ógie ag imirt peile lena chumann áitiúil, Cláirsigh Mhuineacháin, agus gan é ach sé bliana d’aois.

I ráiteas a chuir Na Cláirsigh amach dúradh go raibh Ógie “lárnach” in achan ghné de shaol an chumainn, agus go rabhadar “briste brónach” faoina bhás.

“Sé bliana d’aois a bhí Breandán Óg Ó Dufaigh nuair a thosaigh sé ag imirt agus rinne sé a bhealach aníos trí na gráid go léir agus tá cuimhní iontacha againn, cé go bhfuil ar gcroí briste inniu.

“Bhí Ógie (a ainm ceana) ag imirt leis na Cláirsigh ar an fhoireann faoi 10 mbliana agus uaidh sin go dtí na sinsir agus bhí ról lárnach aige ar an bhfoireann a bhuaigh an Chraobh Idirmheánach Peile Meán Fómhair seo caite,” a dúradh i ráiteas an chumainn.

Maireann a athair Brendan, a mháthair Esther agus a bheirt deirféar Claire agus Áine.

Fág freagra ar '‘I measc na n-aingeal is na naomh go raibh Ógie’ – ómós léirithe do Bhrendan Óg Ó Dufaigh'

  • Áine Nic Niallais

    Is mór, millteanach an chaill é seo dá theaghlach, dá chairde, do phobal CLG agus do phobal na Gaeilge a leithéid de laoch óg a bheith ar lár.

    Go luí tú anocht idir Colmcille is a sciath, idir Dia is a lámh dheas, a Ógie!