‘Inspioráid a mhairfidh go deo a oidhreacht’ – an sárcheoltóir Joe Burke ar shlí na fírinne

Máistir ar an gcairdín ab ea Joe Burke, máistreacht a thuill aitheantas is gradaim go leor dó

‘Inspioráid a mhairfidh go deo a oidhreacht’ – an sárcheoltóir Joe Burke ar shlí na fírinne

Bhí an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ina measc siúd a léirigh ómós don sárcheoltóir traidisiúnta Joe Burke, atá tar éis bháis in aois a 81 bliain.

Sa mbliain 1939 a rugadh Joe i gCillín a Díoma in aice le Baile Locha Riach in oirthear na Gaillimhe. Thug sé an ceol ón mbroinn leis mar bhí an ceol aige ón dá thaobh.

Máistir ar an gcairdín ab ea é, máistreacht a thuill aitheantas is gradaim go leor dó. Ach ní taobh leis an uirlis sin a bhí sé mar bhí sé ábalta chomh maith ar an bhfidil, an fheadóg stáin agus an phíb uilleann cé gur mar rí an chairdín a thuill sé clú agus urraim.

Scór bliain a bhí Joe Burke nuair a thug sé leis Craobh na hÉireann ag Fleadh Cheoil na hÉireann i 1959 agus arís an bhliain dár gcionn.

Sa mbliain 1970, bhronn RTÉ Ceoltóir Traidisiúnta na Bliana air agus i 1997 ba é a fuair gradam AIB do cheoltóir traidisiúnta na bliana.

Caith Joe roinnt blianta i Meiriceá agus sa mbliain 2000, bhronn Boston College gradam Máistreachta sa Cheol air.

Is mór an aithne agus an tóir a bhí ar Joe Burke i nGaeltacht Chonamara mar go mbíodh sé ag casadh sna tithe ósta ansin go rialta. Ba mhinic a thriall Tigh Sé ar an gCeathrú Rua agus Tigh Hughes ar an Spidéal.

Leathchéad bliain ó shin i 1971 a d’eisigh an máistir a chéad fhadcheirnín aonair, Galway’s Own, agus is iomaí ceirnín a rinne sé ó shin, as féin agus i gcomhar le ceoltóirí móra eile.

Ina ráiteas ómóis inniu, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:

“Údar bróin dá lán sa bhaile anseo in Éirinn agus i bhfad i gcéin an scéala go bhfuil an ceoltóir cairdín cumasach Joe Burke imithe uainn.

“Inspioráid a mhairfidh go deo a bheidh ina oidhreacht, ní hamháin an cnuasach iontach ceoil a d’fhág sé againn ach chomh maith leis sin an grá don cheol a ghin sé sna céadta ceoltóirí óga.

“Déanaim féin agus Saidhbhín comhbhrón le Ann Conroy Burke, lena mhuintir agus a chairde agus le gach duine a raibh gean acu air.”

Dúirt Taisce Cheol Dúchais Éireann “go gcuimhneofaí go deo ar Joe Burke mar dhuine de na ceoltóirí cairdín ba thábhachtaí lena linn”. “Spreagfadh sé an paisean a bhí aige do cheol traidisiúnta na hÉireann in aon duine a mbeadh sé d’ádh air a bheith ag caint leis nó ag casadh in éineacht leis.

“Ní taobh le sárchumas sa cheol traidisiúnta a  bhí sé mar bhí eolas thar na bearta aige freisin ar gach gné den cheol, a stair agus an chaoi ar fhorbair sé.

“D’eisigh sé go leor taifeadtaí den chéadscoth ach chomh maith leis sin mhúin sé an ceol, sheinn sé ag ócáidí éagsúla agus chuir sé ceolchoirmeacha agus cláir i láthair ar an raidió agus ar an teilifís.”

Fágann Joe Burke ina dhiaidh a bhean chéile Ann Conroy Burke a chaith blianta fada ag casadh ceoil ina theannta.

 

Fág freagra ar '‘Inspioráid a mhairfidh go deo a oidhreacht’ – an sárcheoltóir Joe Burke ar shlí na fírinne'

  • Pádraig Ó Baoill

    Laoch iontach – Fathach Mór an Cheoil agus é aitheanta mar ‘Fleadh Cheoil’ ann féin ag scaipeadh a chuid scéalaíochta, idir thráchtaireacht agus craic den scoth agus é breá ábalta comhluadar a spreagadh le foinn bhreátha. Comhbhrón ó chroí lena bhean uasal Ann Conroy Burke